Author |
Message |
Christine Unregistered guest
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 11:56 am: |
|
Dia dhuit, thosaigh me ag scriobh mo aiste agus seo e an chead dha halt. Beidh an buiochas orm ma feactar thu ar m'obair agus mo ceartuchain !! go raibh mile mile maith agat. Ta suil agam nach bhfuil se ro-uafasach !! GO RAIBH MILE MILE MAITH AGAT !! Ar an gcéad dul síos cad é failtiuil ? Cumarsaid idir an tEireannach agus an cuairteoir b'fheidir nó praghsanna an-iseal. I gcomparaid le tiorta eile ni fheadfadh einne a ra gur tir doicheallach i Eire. Cen fath a gceapann daoine nach tir failtiuil muid? An drochfuil idir na Gaeil agus na Sasannaigh b'fheidir? Ta an drochfuil seo imithe. Tharla se moran blianta o shin agus ta se in am le daoine a ndroim a thabahirt do. (to turn their backs to it????? ) Ta cliu agus cail ar mhuintir na hEireann de dheasca a bpearsanntachta. Is daoine flaithiul agus cairdiula iad a spreagann a laimh chun cabhru a thabahirt do dhaoine. Cuireann siad failtiul Ui Cheallaigh roimh gach cuarteoir. Is i an tir na ndaoine. Bionn cumarsaid idir and tEireannach agus and cuairteoir. Bionn craic agus spoirt. FAILTE ROIMH CEATUCHAIN |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2421 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 12:04 pm: |
|
Go maith, cé nach naontaíom le do thuairimí! Cúpla rud: Tugann tú do dhroim le rud. Fáilte Uí Cheallaigh cabhair a thabhairt Is iad na daoine an tír! (Briathar ainmní cuspóir) Is gnách "de dheasca" a usáid le droch toradh. "De bharr" nó níos simplí "Tá cliú agus cáil ar phearsantacht mhuintir na hÉireann" Céard tá i gceist agat le "a spreagann a láimh"? B'fhearr "Éireannaigh" a úsáid seachas "An tÉireannach" Cad d'imigh ar na sínte fada? |
|
Christine
Member Username: Christine
Post Number: 1 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 12:14 pm: |
|
go raibh maith agat, oh 'síneann daoine a laimh !! an bhfiul e seo ceart??? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2423 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 04:23 am: |
|
Is dócha é. B'fhearr liom fhéin: "a chuireann dua orthu fhéin chun cabhrú le daoine" (Síneadh láimhe = airgead mar bhreab nó "tip"!) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 229 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 09:46 am: |
|
Sín amach do lámh (agus bualfaidh mé le slat é) - sin mar a bhíodh sna scoileanna. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 291 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 05:11 pm: |
|
Déan níos faide é. I ndáiríre déan sliabh as chnoc beag!! Mar shampla - Bhuel ar an gcéad dul síos is dóigh liom go gcaithfimid an cheist a chur cad is brí leis an focal "failtiuil" seachas - - Ar an gcéad dul síos cad é failtiuil !! An dtuigeann tú céard atá i gceist agam? Bhain tú úsáid as mo mholtaí!! Wahoooo ! Téigh mise 'sé mo bhreithlá lol! ;) Led thoil abair liom - an bhfuil tú ar scoil .i. Aiste Ardteiste atá i gceist nó rud éigin eile? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2429 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 05:16 pm: |
|
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 292 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 05:18 pm: |
|
Mo leithscéal! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2430 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 05:26 pm: |
|
Dála an scéil, bhfiú dhuit cúpla leabhar seanfhocail a fháil seachas a bheith ag athchursáil nathanna seanchaite an Bhéarla! Tá sorry orm, táim beagainín cantalach anocht. Rachaidh mé 'on Bhinn bháin anois. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 297 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 06:18 pm: |
|
Bhuel bronnadh an teastas don Toradh is Airde i nGaeilge don Ardteist orm ní i bhfad ó shin.. Fuair mé beagnach 100% san aiste grma. Nílim ag rá gur duine den scoth mé seachas mé féin a chosaint! Bíonn 'westbrits' i gconaí im thimpeall. Mar sin déanann mé mo dhícheall ach gan amhras bíonn éifeacht aige sin ar mo Ghaeilge -Nílim bródúil as ;( E sin ráite a chara, bíonn éifeacht ag Gaeilge ar mo Bhéarla .i. Bíonn / tar éis mo dhinnéir a ithe / Diabhal fadhb. Cur iadsan i mBéarla agus cloisfidh tú an Béarla a thagann amach ó mó bhéal Gaelach (!) Mól Gaeilgeoirí agus tiocfaidh siad! Seachas bheith ag gearán faoi mhionrudaí! ", A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2434 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, November 06, 2005 - 11:47 am: |
|
Is ró chuma liom do thoradh Árdteiste. Ach bím ag súil le níos mó uaillmhian agus flosc ó dhuine atá de shíor ag maíomh gur ceannaire i gcursaí Gaeilge é. Ní dóigh liom gur mionrud é ag bheith ag brath ar nathanna seanchaite an Bhéarla ag a leithéid sin de dhuine. (Ag tagairt do "déan sliabh as chnoc beag" agus "Téigh mise 'sé mo bhreithlá" a bhí mé - níthe nach dtuigfinn murach Béarla a bheith agam!) Tá saibhreas cainte a chaillfear má dhéanann muid athchursáil ar an mBéarla mar seo - agus is droch rud é i mBéarla freisin - fch : http://www.resort.com/~prime8/Orwell/patee.html Tá leabhar maith ann atá seans i bhur leabharlann - Cuir Gaeilge Air, Antain Mac Lochlainn, Cois Life Teo. 2000 http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=835 |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 556 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, November 06, 2005 - 01:43 pm: |
|
quote: "Téigh mise 'sé mo bhreithlá" a bhí mé - níthe nach dtuigfinn murach Béarla a bheith agam! Caithfidh mé admháil nach dtuigim é sin, cé gur Béarlóir mé; ach ní Béarla BhÁC ná WestBrit atá agam. Ar mhiste libh "neimheadh" seo na Gaeilge a thruailliú -- aon uair amháin -- leis an mbunleagan Béarla? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2435 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, November 06, 2005 - 03:13 pm: |
|
Caithfidh mé a rá nach go ró mhaith a thuigim fhéin an nath úd. Ach seo an bhunleagan quote:GO me its my BIRTHDAY! (Message edited by aonghus on November 06, 2005) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2436 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, November 06, 2005 - 03:32 pm: |
|
Hmm. tar éis iarracht google a dhéanamh air, ní dóigh liom go dteastaíonn uaim é thuiscint! Is cosúil gurbh ar suíomhanna do chleachtais aisteacha collaíochta is mó a úsáidtear an nath.... Dála an scéil, a Dhomhnaill... "Is foirm de téamh atá i téigh" chomh maith. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 558 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, November 06, 2005 - 05:45 pm: |
|
An ionann "téigh mise!" agus "mise abú!"? Agus an ó "you go, girl!" a tháinig "go me!"? Ní féidir liom gan mo chaidéis a chur ann! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2438 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 05:09 am: |
|
Mmm. Is dóigh liom go bhfuil baint aige leis an nath úd a bhí i "Ná lig sin i gcathú" - Rachadh sé suas ar phláta ach é bheith scoilte. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 298 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 11:53 am: |
|
Ara ní stopann tú riamh a Aonghuis.. Eist liom, mise an chéad dhuine a bhíonn ag gearán faoin gcoras oideachais in Eirinn. Ní rabhas ach á rá toisc go gcreidim gur rud luachmhaire é mo mholadh thuas mar gheall ar an gcaoi gur éirigh go h-an mhaith liom sa scrúdú atá idir lámh aici faoi láthair sin an méid. "Ní dóigh liom gur mionrud é ag bheith ag brath ar nathanna seanchaite an Bhéarla ag a leithéid sin de dhuine." Ní ach do thuairim féin atá agat ansin. Tá mo thuairimí féin agamsa agus creidim *Dá laghad is cabhair é agus *Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste Mar sin is cuma liomsa faoi pas beag Béarlachas. Má chuireann sé isteach ortsa bhuel, sin d'fhadhb féin. Is líne ó amhrán é : "Téigh Seánaí 'sé do bhreithlá." Deireann daoine 'téigh Fionn sé do breithlá' agus is amhrán ó do thír féin é a Dhennis! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 559 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 01:03 pm: |
|
quote: is amhrán ó do thír féin é a Dhennis! Úps. Is mise atá as an lúb agus is róléir nach bhfuil mé súas chun dáta. ;-) An iomarca cello agus acoustic guitar i mo shaol is cúis leis, gan dabht. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 232 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 01:28 pm: |
|
Ní amhrán ach 'ceol' rap faoi chúrsaí craiceann agus fhoréigean é, i bhfírinne. An-catchy, mar sin féin, faraor. http://www.seeklyrics.com/lyrics/50-Cent/In-Da-Club.html Nílim bródúil as gach rud Meiriceánach! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2443 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 03:11 pm: |
|
Do do ghríosadh chun feabhais a bhí mé, a Dhomhnaill. Is fearr gaeilge bhriste ag an té nach bhfuil Gaeilge cliste aige. Tá an chumas ionatsa scóth na gaeilge a bheith agat, agus is bocht an rud é má tá tú sásta le bruascar an Bhéarla. Más mian leat an nath a úsáid, ar a laghad úsáid "Gabh orm", bheadh ciall éigin leis sin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 561 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 03:48 pm: |
|
Mol an óige agus tiocfaidh sí, mar a dúirt an té a dúirt. Nó tabhair spás di ar a laghad! ;-) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 302 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 05:42 pm: |
|
Ah tuigim an méid a bhí idir lámh a'at a Aonghuis.. 'Sé an t-aon rud faoi ná go bhfuilim chomh ghnótach na laethanta seo nach mbím in ann go leor stáidéir a dhéanamh agus fáil réidh leis an diabhal Béarlachas.. Agus sea, is fuath liom Béarlachas ach sin an saol a chara.. Déanaim mo dhícheall agus fós ag foghlaim na teanga atáim! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 303 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 05:53 pm: |
|
Agus fós ag foghlaim ó dhaoine ar nós Dennis - "Úps" Focal den scoth atá a'at ansin a Dhennis! GOA (Gáire os ard) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 564 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 09:58 pm: |
|
Glan-Ghaeilge atá ann, ón mionn mór triarach "Uafás! Praiseach! Smuga!" > ÚPS! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 309 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 07:58 am: |
|
AhhhHA! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|