Author |
Message |
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 397 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 31, 2005 - 05:32 pm: |
|
"Iarraim ar an Aire Stáit smaoiniú faoi mhúineadh na Gaoluinne. Nuair a bhí an tAire Stáit ar Choiste na Gaoluinne deich mbliana ó sin, bhí sé buartha faoi seo freisin. Tá daoine ann a bhfuil an-imní orthu, fiú sna Gaelscoileanna, go bhfuil Gaoluinn líofa lofa á labhairt ag na daltaí ansin. Níl blas leis ná foclóir atá leathan go leor. Tá sé in am dúinn freisin féachaint ar an bpolasaí faoina múintear An Caighdeán Oifigiúil sna scoileanna go léir. Is iontach an gheit a bhaintear as leanaí Chorcaí nuair a théann siad go Ciarraí agus fiú tar éis blianta a chaitheamh i nGaelscoil ní thuigeann siad focal a deirtear leo. Ní mar sin a ba chóir don chóras a bheith. Ba chóir dúinn glacadh leis go bhfuil difríochtaí idir an Ghaoluinn a mhúintear sna scoileanna agus an Ghaoluinn a úsáidtear sna Gaeltachtaí agus ba chóir Gaoluinn an cheantair sin a mhúineadh i scoileanna an cheantair sin." — Brendan Ryan http://www.gov.ie/debates-99/s19may99/sect5.htm (Message edited by Peadar_Ó_Gríofa on October 31, 2005) Peadar Ó Gríofa
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 967 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 31, 2005 - 06:52 pm: |
|
Aontaim leis sin go hiomlán. Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2393 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 04:42 am: |
|
Mise freisin. Ach gur cheart blas ar na canúintí uilig a thabhairt do dhaltaí sna blianta meanscoile - nuair atá seilbh acu ar chanúint amháin. Ach cad tá le déanamh in Áth Cliath agus ar an gcósta thoir? Is ann atá mór chuid de phobal na tíre (trian nó níos mó), ach is as ceantracha eagsumhla dá dtuistí. Agus cad a mhúinfeá i gcathair Chorcaí? Gaelainn Corca dhuibhne, nó Musgraí? Tá an cheist níos casta ná a cheapfá! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2394 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 04:44 am: |
|
PS. Is beag deacracht a bhí ag mo leanaí fhéin i gCorca Dhuibhne aineoinn Gaelscolaíocht! Tá caighdeán líofachta measctha sna Gaelscoileanna, cuid acu níos fearr na a chéile - ach iad uilig i bhfad níos fearr ná scoileanna ina bhfuil an Bhéarla mar mhéan teagaisc. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 970 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 06:22 am: |
|
I gcathair Chorcaí > Gaelaing Mhúscraí ! Is í sin a’ Ghaeltacht is closáilte. Agus níor chóir sílstean nach bhfuil Gaeltacht ar bith i Mumhain ach i gCorca Dhuibhne. Tá Gaeilg bhreá i gCo. Chorcaí gomh maith. Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2396 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 06:38 am: |
|
Tuigim sin. Ach luaigh an fear a luaigh Peadar nár thuig gasúr chorcaí gaeilge Chorca Dhuibhne. |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 20 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 09:15 am: |
|
Ná bígí ag súil le caighdeán maith sa nGaeilge ó mhúinteoirí na tíre seo feasta.Cuimhnígí nach bhfuil sa nGaeltacht ach daonra beag Gaeilgeoirí agus ag laghadú gach bliain.Is as an nGalltacht tromlach na múinteoirí agus ní labharaíonn siad an Ghaeilge ach amháin ag múineadh sa rang.Tá múineadh abhair eile sachas Gaeilge a dhéanamh trid Bhearla agus mar sin a bheithis an sceal. Na bigi ag suil le feabhas ta re na Gaeilge thart |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2400 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 09:22 am: |
|
Ach tá, mar a duirt Fearn thíos, grian na gaeilge ag éirí! Tá aithne agamsa ar mórán múinteoirí Gaelscoile arbh í an Ghaeilge a dteanga teaghlaigh, nó a chuireann dua orthu fhéin ocáidí a aimsiú inár féidir leo Gaeilge a labhairt - rud atá sách deacair sa Ghalltacht. Ceist eile na gnáth bunscoileanna - ach má chuirtear moladh an Chonartha i gcrích, i. go mbeadh ar mhuinteoirí tréimhse a chaitheamh i nGaeltacht roimh cailiú, tiocfaidh feabhas ansin freisin. Táthar á rá le níos mó ná céad bliain go bhfuil an Ghaeilge marbh. Níl. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 538 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 10:57 am: |
|
quote:ocáidí a aimsiú inár féidir leo Gaeilge a labhairt - rud atá sách deacair sa Ghalltacht Aithníonn ciaróg ciaróg eile... má tá suaitheantas orthu! Mar shampla: Bruidhinn Gàidhlig rium agus Tha Beurla agam cuideachd a bhí le feiceáil i Steòrnabhagh an mhí seo caite le linn an Mhòid. Tuilleadh faoi seo, agus faoi fheachtas eile sa Bhreatain Bheag: http://www.eurolang.net/index.php?option=com_content&task=view&id=2497&Itemid=1& lang=en |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2401 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 11:23 am: |
|
Sea. Ach is minic nach leor spéis sa Ghaeilge amháin chun ocaid taithneamhach a bheith agat. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 972 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 12:01 pm: |
|
>Tuigim sin. Ach luaigh an fear a luaigh Peadar nár >thuig gasúr chorcaí gaeilge Chorca Dhuibhne. Munab fhuil ach an caighdeán agat, ní hionadh nach dtuigeann tú Gaeilg Chorca Dhuibhne nó ceann Mhúscraí. Caithfear na canúintí sin a theagasc do na páistí, sin a’ méid. Níl sé gomh casta sin! "Ní tuigbheáil go foghlaim" (seanfhocal nuaidh ! :-) ) Tír Chonaill abú!
|
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 398 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 04:57 pm: |
|
Uair eile, dúirt an fear céanna an rud céanna ar an gcaoi seo: "Mímhacántacht eile é an curaclam Gaoluinn céanna a chur ar fáil sa Ghaeltacht, i nGaelscoileanna agus i scoileanna eile. Níl ansin ach dallamullóg á chur againn orainn féin. Ní hionann iad na leanaí sin ó thaobh na Gaoluinne de. "Is dóigh le mo leanaí féin a bhfuil Gaoluinn réasúnta maith acu go mba chóir an Ghaoluinn den taobh tíre ina bhfuil an leanbh a mhúineadh don leanbh sin — Gaoluinn na Mumhan i gCúige Mumhan agus mar sin de. Agus ní mhúinfinn an caighdeán dóibh go dtí go bhfuil siad ábalta í a labhairt. Baintear an-gheit as leanaí na nGaelscoileanna nuair a théann siad go dtí an Ghaeltacht don chéad uair agus cé gur dóigh leo go bhfuil cumas maith Gaoluinne acu ní thuigeann siad focal thart orthu. Ní mór an chabhair dá bhféin-mhuinín é sin." http://www.gov.ie/debates-99/s10mar99/sect3.htm Peadar Ó Gríofa
|
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 399 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 05:18 pm: |
|
Peadar Ó Gríofa
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 285 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 06:49 pm: |
|
B'fhéidir saghas off-topic ach fuaireas amach go bhfuil scoileanna sna Gaeltachtaí nach bhfuil lán-Ghaelach. Chuir duine éigin ceist faoi seo cheana féin. Ach is é an rud is measa faoi ná go bhfuil borradh mór tar éis teacht ar líon na ndaoine a bhíonn ag freastal iontu :( Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 400 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 02:39 am: |
|
Is iomdha rud atá bun os cionn le fada. Lumea asta e pe dos, Toate merg cu capu-n jos. Puţini suie, mulţi coboară, Unul macină la moară. Dúirt Pádraig Ó Gionnáin le Máirtín Mac Donnchadha uair amháin, "Tigeann daoine as Baile Átha Cliath ag scrudú na bpáistí anseo, a Mháirtín, i nGaeilge! Ach níl focal Gaeilge acu! Tá Gaeilge bhreá ó dhúchas ag na páistí anseo ach níl focal Gaeilge ag na daoine sin a thigeanns á scrúdú!" Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2403 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 03:54 am: |
|
Táthar ag dul i ngleic leis an bhfadhb seo ar deireadh - cuirfear curaclam ar léith ar fáil do ghaeilscoileanna agus scoileanna gaeltachta. Tá an dream seo an le roinnt beag blianta anois: http://www.cogg.ie/gaeilge/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2407 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 06:15 am: |
|
recté: Tá an dream seo an n... quote:Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht oideachais 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar bun le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith. |
|
Dalta Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 02:06 pm: |
|
Ach ní bheidh siad ag dul i ngleic leis an bhfadhb curaclaim. Is úafásach é gach cuid de mhéanoideachas in Éirinn agus is ceart rud torthach a dhéanamh láithreach bonn, maidir leis an nGaeilge agus gach cuid eile de. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 288 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 04:13 pm: |
|
CEART AR FAD AGAT DALTA! Maith thú! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2412 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 05:35 pm: |
|
http://www.cogg.ie/gaeilge/foilseachain.asp?id=36&cid=50 quote:Aontaíonn an Chomhairle lena bhfuil sa pháipéar faoin dochosantacht a bhaineann le haon siollabas amháin a bheith ann do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí, agus braitear gur gá riachtanais daltaí Ghaelscoileanna a bheith san áireamh chomh maith. Is fíor a rá nach bhfeabhsóidh caighdeán na bhfoghlaimeoirí go dtí go réitítear an fhadhb seo. Braitear, áfach, gur ceist fíor-chasta í conas is fearr freastal ar riachtanais na ngrúpaí éagsúla seo. Ag an am céanna, is gá a chinntiú nach mbeidh cainteoirí dúchais faoi mhíbhuntáiste ar bith de bharr aon athruithe a tharlódh sa soláthar curaclaim. Beidh impleachtaí foirne ann do scoileanna Gaeltachta má bhíonn siollabas éagsúil ar fáil do na cainteoirí dúchais Gaeilge sna scoileanna ó na daltaí eile sna scoileanna. Beidh impleachtaí ann freisin don chóras scrúduithe agus pointí atá i bhfeidhm faoi láthair. Is gá a chuimhneamh leis go bhfuil daltaí sna scoileanna lasmuigh de na Gaeltachtaí atá á dtógáil le Gaeilge cé nach n-áirítear mar chainteoirí dúchais iad de ghnáth. Tá riachtanais faoi leith acu siúd freisin. Grúpa eile nach ndéantar freastal orthu ach an oiread ná na daltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge ach nach í an Ghaeilge a dteanga teaghlaigh. Ar cheart go mbeidís siúd atá ag fáil a n-oideachas trí Ghaeilge ag leanúint an churaclaim chéanna le gnáth-fhoghlaimeoirí nó ar cheart dóibh a bheith ag leanúint curaclam do chainteoirí dúchais cé gur fada ó bheith ‘dúchasach’ atá a gcuid Gaeilge? |
|
Dalta Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 10:39 am: |
|
Ní ceart do na daoine i nGaelscoileanna gan Gaeilge mar theach-theanga acu, ní dúchasóirí iad agus i gcásanna a chuala mé faoi(níl sin a rá gur ceart iad), níl Gaeilge mhaith acu fiú. Agus is ceart gach scoil sa Ghaeltacht a bheith lán-Ghaeilge, fiú sna háiteanna nach bhfuil Gaeilge an teanga pobail. Ansin, beidh deacrachtaí ann leis na daoine sna scoileanna sin. Beidh caoi ann é a fhuascailt, ámh. Tóg gach ceantar in aonar, nó rud mar sin. Is ceart dúinn a bheith ag ciapadh an tAire leis na rudaí seo agus an uafás is atá an córas oideachais. R-phost an aire: |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2420 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 11:45 am: |
|
quote:Ní ceart do na daoine i nGaelscoileanna gan Gaeilge mar theach-theanga acu, ní dúchasóirí iad agus i gcásanna a chuala mé faoi(níl sin a rá gur ceart iad), níl Gaeilge mhaith acu fiú. Céard atá á rá agat, a Dhalta? Nach ceart do paistí nach bhfuil Gaeilge sa mbaile acu freastal ar Ghaelscoil? Níl ansin, i gcead duit, ach cac. Más ar na muinteoirí atá tú ag trácht, seans go bhfuil ciall éigin sa méid atá scríofa agat. Ach aon múinteoir gaelscoile atá aithne agam orthu, is í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh acu. Daoine thar a bheith díograiseach iad don mórchuid. Bíonn níos mó oibre le déanamh acu ná mar a bheadh i scoil Béarla - toisc go bhfuil easpa mór acmhainní ann - caithfidh siad iad a chuir le chéile iad fhéin go minic. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 141 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 11:52 am: |
|
bhios luaite agam o taobh an abhair seo roimre. Ta reiteach ar an fadbh ana soleir ar fad. ba coir go mbeadh an taifeada commisuin na bealoideas (irish folklore commusion?) ag folsiu anois agus ba coir na taifidea a taibheart amach don hinstituidi oideacheas chun iad a usaid mar uairlis fa choinne an Gaoluinne a chur chun cinn. ta siad ag plodaithe le Gaoluinne duchasach ach cad a tharla leo anois ta siad ag bailiu dust. ceapaim gur sheolfar liosta aimn don daoine san suoimh seo chuig UCD chun an achmhainne ud a tabhairt faoi ndeara don bpobail ginrealta eireanach. whew. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 294 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 05:44 pm: |
|
Arís ceart ar fad agat Dalta! Cad a cheapann sibh faoi tús a chur le Petition ar líne? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|