Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2373 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, October 29, 2005 - 10:11 am: |
|
Tharla gur thug Nasrúidín scoláire mór le rá ar turas báid uair amháin. Bhí mionchomhrá éigin ar siúl eatarthu nuair a bhris an scoláire isteach air: 'Níl aon chruinneas ceart ag baint le do chuid cainte, a dhuine! An duine nach ndéanann staidéar ar chursaí gramadaí tá leath dá shaol curta amú aige.' 'An mar sin é?' arsa Nasrúidín. 'Cogar, an bhfuil snámh agat?' 'Níl,' arsa an scoláire. 'Tá do shaolsa ar fad curtha amú agat mar sin - tá poll sa bhád...'
As: Nasrúidín, Athinisint le Gabriel Rosenstock, Coiscéim 2005 |
Fiacc Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 06:40 am: |
|
Tinneas Fiacaile 'Táim ag fáil bháis!' arsa Nasrúidín lena chara, an breitheamh.'Bhuel,' arsa an breitheamh, 'nuair a bhíonn tinneas fiacaile ormsa is é an rud a dheinim ná dul abhaile agus síneadh siar ar an tolg; tugann mo bhean barróg dom agus pógann sí go dlúth mé agus sa tslí sin deinim dearmad ar an bpian …''Ó, go hiontach,' arsa Nasrúidín, 'an mbeadh sí sa bhaile faoi láthair?' As: Nasrúidín, Athinisint le Gabriel Rosenstock, Coiscéim 2005 |