Author |
Message |
Rath
Member Username: Rath
Post Number: 27 Registered: 01-2004
| Posted on Sunday, October 23, 2005 - 09:07 pm: |
|
Bhí Daltaí ag Celtic Festival i Nua Eabhrac cúpla seachtain ó shin agus bhuail muid le fear darbh ainm Pádraig Ó hUiginn. Thóg sé dhúinn an rann seo a fhoghlaim sé nuair a bhí sé ina bhuachaill óg. Rinne mé geall dhó é a chuir ar an suíomh Dhaltaí. Tá uaireadóir mór ag mo Dhaidí féin Agus chuir mé go dtí mo chluas é. Deir mé air an dtuigeann tú Gaeilge? Agus seo é an rud a dúirt sé: Tuig, Tuig, Tuig, Tuig. Go raibh maith agat, a Phádraig. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2290 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 06:24 am: |
|
Iontach maith. Ach beagáinín mí chruinn. D'iarr mé air an dtuigeann tú Gaeilge? Bheadh "D'fhiafraigh mé de" níos fearr fós. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 937 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 04:28 pm: |
|
Sé, siocair go ndeirtear "iarraidh ar dhuine rud a dhéanamh" (to ask someone TO DO SOMETHING); ach "fiafraí de dhuine" (to ask someone a question) nuair is ceist atá ann. "Iarraidh" nuair is mian leat go ndéanfadh an duine rud éigin; "fiafraí" nuair bíos tú ag cur ceiste air (mar "cá bhfuil tú ’do chónaí?" srl) Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2297 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 04:48 pm: |
|
Tuigim sin, ach níor theastaigh uaim bheith ró bhord - meancóg minic atá ann iarraidh agus fiafraí a chuir tré chéile. Agus nílim cinnte nach gcuirfeadh fiafraí meadracht an ranna as riocht. Cad deir do chluas? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2302 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 05:28 pm: |
|
ró bhorb seachas ró bhord a bhí i gceist agam |
|
Rath
Member Username: Rath
Post Number: 28 Registered: 01-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 10:07 pm: |
|
A chairde, Is dócha go ndúirt Pádraig "d'iarr" ach chuala mise "deir" agus níor thug mé faoi deara go raibh sé sin mí-cheart. Gabh mo leithscéal. Agus go raibh maith agaibh as bhur bplé faoin difríocht idir "iarraidh ar" agus "fiafraí de". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2303 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 06:06 am: |
|
Fáilte romhat. Moladh: Tá uaireadóir mór ag mo Dhaidí féin Agus chuir mé le mo chluas é. D'fhiafríos de "an dtuigeann tú Gaeilge"? Agus seo é an rud a dúirt sé: Tuig, Tuig, Tuig, Tuig. Tá fadhb agam fós leis an "Tuig" - Tuigim a bheadh cruinn. Nó aimsir chaite "Thuig, Thuig, Thuig" |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 938 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 06:53 am: |
|
>Is dócha go ndúirt Pádraig "d'iarr" ach chuala >mise "deir" agus níor thug mé faoi deara go raibh sé >sin mí-cheart. Ní féidir "d’iarr" agus "deir" a mheascadh le chéile nuair a fhuaimníthear i gceart iad : d’iarr /d'i:əR/ deir /d'er'/ Agus tá ’n chéad cheann san aimsir chaite, agus an darna ceann san aimsir (ghnáth)láithreach. Tír Chonaill abú!
|
|