Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 485 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 09:17 pm: |
|
Bhí gasúr trí bliana d'aois ag iniúchadh a chadairne agus é san fholcadán. "A Mham," a deir sé, "an é seo m'inchinn?" "Ní go fóill," an freagra a fuair sé! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 222 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, October 21, 2005 - 05:33 pm: |
|
Dennis a chara, cad a chiallaíonn cadairne?? Nílim in ann míniú a aimsiú in aon áit! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 488 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, October 21, 2005 - 09:53 pm: |
|
cadairne = máilín na magairlí, bosán Bhí brains agus testicles sa leagan Béarla, ach toisc go bhfuil bilobate agus tá dhá chloch sa chadairne) agus tá dromchla rocach acu beirt. ;-) |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 21 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, October 21, 2005 - 10:51 pm: |
|
A Dennis, Chuaigh mé i gcomhairle leis an bhfoclóir faoin bhfocal 'cadairne' agus d'fhoghlaim mé focal nua uait. Ach nach focal teicniúil é sin? Nó téarma eolaíocht é? Is dóigh liom go bhfuil cion mór ag na hÉireannaigh ar an bhfocal eile "magairlí" agus ní fhaca mé an focal "cadairne" riamh roimh do scéalsa. An bhfuil scéal eile agat? Bhain mo mháthair an-sult as an gceann le Bush agus na saighdiúrí as an mBrasil. Dála an scéil, fuair Niall (an Gaeilgeoir as BAC atá ina ollamh ag WWU) post sealadach bliana ag ollscoil i nGaillimh agus deirtear go rachaidh sé ar ais chugainn i Meán Fómhair 2006, b'fhéidir. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2282 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, October 22, 2005 - 05:44 am: |
|
Chuir tú le mo stór focail freisin, a Dennis. (Cé go raibh tuairim agam cad a bhí i gceist). Ach an-scéal. Meas tú an mbeidh Liz á insint dá máthair? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 489 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, October 22, 2005 - 01:39 pm: |
|
quote:Ach nach focal teicniúil é sin? Nó téarma eolaíocht é? Is léir nach coitianta an focal é, ó nach raibh sé ag Domhnall ná ag Aonghus. Is ionann an cás é i mBéarla: tá an focal scrotum againn, ach is focal Laidine é dáiríre nach n-úsáidtear go minic. Níl a fhios agam cad as don fhocal Gaeilge seo. Ní fheicim in DIL é. An féidir go bhfuil gaol ag cadairne le caid? ;-) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 235 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, October 22, 2005 - 04:08 pm: |
|
Hahaha - ní amháin nach raibh an focal agam a chara ach ní rabhas in ann é a aimsiú in áit ar bith! Scéal grinn eile! Scéal grinn eile! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 492 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, October 22, 2005 - 07:16 pm: |
|
Seo ceann gairid eile: Tá beiriste cosúil le collaíocht: mura bhfuil páirtí maith agat, ní mór duit lámh mhaith a bheith agat! (Dála an scéil, ceapaim go n-oibríonn an t-imeartas focal seo chomh maith céanna i bhFraincis agus i mBéarla.) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2287 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, October 23, 2005 - 12:47 pm: |
|
Ach ní i gearmáinis go bhfios dom. Blatt - duilleog - a bheadh de dhíth ansan do bheiriste. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 498 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 03:19 pm: |
|
quote:Scéal grinn eile! Tá scéal grinn againn ortsa anois, a Dhomhnaill! Dlíonn comaoin cúiteamh. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 215 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 04:34 pm: |
|
Sea, is ait nach raibh sé in ann é a aimsiú áit ar bith. Féach síos ar do ghabhal, a Dhomhnaill... ;- ) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 256 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 07:04 am: |
|
Ni thuigimse ceard ata á rá agaibh! Fionn atá mé! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2309 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 08:26 am: |
|
Cén baint atá ag bheith fionn le gan a bheith in ann do bhod a aimsiú? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 216 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 09:47 am: |
|
Tá clú ar na daoine fionna nach mbíonn siad ró-chliste (an dumb blonde, mar a thugtar orthu). Ach is drochnós sin. An bhfuil bolg mór ort, a Dhomhnaill? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2314 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 10:15 am: |
|
Meas tú an "Spiegeleiermann" é? (Er sieht seine Eier nur im Spiegel - is sa scáthán amháin a fheiceann sé a threalamh). |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 219 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 02:31 pm: |
|
Ní bhíonn Eier (uibheacha) ag an bhfear, i m'aithne ar an saol... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2320 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 03:54 pm: |
|
Leasainm ar mhagairlí atá ann. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 260 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 03:59 pm: |
|
Nach bhfuil sibh saghas 'imithe ar leathaobh'?! Táim caillte ar fad! Nílim romhar a Shéamais grma ach a mhalairt! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2322 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 04:18 pm: |
|
Níl. Dúirt tú nach raibh tú in ann do chadairne a aimsiú. Ag lorg na cúise atá muid. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 505 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 04:45 pm: |
|
quote:Dúirt tú nach raibh tú in ann do chadairne a aimsiú.) Och, ná bígí ag spochadh as! Tabhair scéal grinn dúinn, a Dhomhnaill, agus beidh tú slán arís ó na focail ghéara! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 220 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 05:07 pm: |
|
Ná bí ag caint faoi rudaí géara agus an ábhar seo i geist! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 23 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 11:31 pm: |
|
Rudaí géara nó rudaí gearra? |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 04:38 am: |
|
An-mhaith ar fad a chairde, ach is é fad agus gearr an scéil, gan na méirlíní a chailleadh, an fhoireann thuas ná thíos, Dia idir sinn agus an anachain! (méirlíní: focal scoile ar 'marbles'; an mbíodh sé ag cuid eile agaibh abhus in Éirinn, san am fadó nuair a thugadh sinn aghaidh isteach ar scoil?) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2328 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 05:01 am: |
|
Bhíodh, ach gur cheap mé gurbh mirlíní a bhí orthu. Maidir leis an ball eile, is cuimhin liom scéal faoi chruinniú i gConamara maidir le hoideachas collaíochta. Bhíothas ag plé an cur síos ceart ar an mball fearga. Mhol bean amháin "bod - sin a bhí riamh i mbéal na ndaoine" |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 05:22 am: |
|
>>> Maidir leis an ball eile, is cuimhin liom scéal faoi chruinniú i gConamara maidir le hoideachas collaíochta. Bhíothas ag plé an cur síos ceart ar an mball fearga. Mhol bean amháin "bod - sin a bhí riamh i mbéal na ndaoine" An-mhaith uilig a Aonghuis, tá mé leis an gceann sin a chur thart i measc na ndaoine. Feicim go bhfuil an ceart agat mar le (marla!) 'mirlíní'. Is deabhalta gur shíl mé féin agus daoine nach mé go raibh an focal 'méar' taobh thiar de, in áit 'mirle', focal nach raibh againn. Céad slán leis an óige. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 269 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 05:28 am: |
|
Nil scéal grinn ar bith agam... Bhuel i nGaeilge pé ar bith é! Agus nílim chun aistriúchán a dhéanamh - táim cinnte go mbeadh Béarlachas i gceist! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 223 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 11:33 am: |
|
"Rudaí géara nó rudaí gearra?" Rudaí garbha, is dócha... |
|