Author |
Message |
christine Unregistered guest
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 03:38 pm: |
|
cad a cheapann tu ???? An bhfuil tu in agaidh nó i gcoinne an rún seo ????? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2216 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 03:43 pm: |
|
Céard é geailge? Níl ré na Gaeilge thart, agus ní bheidh go gceann glúin nó dhó eile, má bhíonn sé riamh. Táthar ag rá go bhfuil gaeilge marbh le céad bliain nó níos mó anois. Nach iontach na taibhsí muid, mar sin? Agus ní rún (ná ros na rún) ar bith sin. |
|
christine Unregistered guest
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 04:25 pm: |
|
gabh mo leisceal !! is dalta scoile me agus ta me sa ciugiu bliain, nil mo gaeilge ro-mhaith |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 201 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 05:30 pm: |
|
Níl sé seo fíor in aon chor - féach ar mo thread sa board as Béarla agus gaeilge... Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2218 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, October 16, 2005 - 03:59 pm: |
|
Gabh mo leithscéil, a Christine. Bhí an cheist úd beagáinín dána. Píosa spraoi a bhí ann! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 209 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, October 17, 2005 - 10:25 am: |
|
Cén aois duine sa chúigiú céim in Éirinn? Ní thuigim cúrsaí scoile ansiúd ar chor ar bith. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2230 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 17, 2005 - 11:31 am: |
|
Méanscoil Bliain 1 - 11/12 Bliain 6 - 17/18 |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 211 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, October 17, 2005 - 01:08 pm: |
|
Déanann an-chuid daoine réamhscoilaiocht .i. "Kindergarden!" agus iad 4 Ansin an bunscoil.. 8 mbliain .i. 12ish Ansin meanscoil - 12/13. Deantar staidear ar feadh 3 bliana agus déantar an Teastas Sóisearach. Ina dhiaidh sin bionn deis ann "an t-idirbhliain" a dhéanamh.. Saghas 'doss' é.. Ni dheanann an-chuid scoileanna e. Ni dhearna me fein e. Ansin leanann tú ar aghaidh agus deánann tú dhá bhliain eile agus ag an deireadh déantar an 'Ardteist' Le torthai na hArdteiste leanann tu ar aghaidh go dti Coláiste.. Ni coras maith e ó thaobh foghlama de. Nil se féarailte agus brathann do shaol ar fad ar thoradh cúpla lá. Ach d'éirigh go h-an mhaith liomsa Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 210 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 10:03 am: |
|
GRMA. Má thuigim i gceart é, mar sin, is dócha go bhfuil an bunscoil chéanna againn, agus an junior high agus an high school le chéile agaibh, ach go bhfuil an teist sóisearach ann ag deireadh 'junior high.' Cén aois a thosnaítear san ollscoil? Bíonn na daltaí timpeall 18 anseo nuair a thosaíonn siad ag deireadh high school. Cuireann sé dullamallóg orm i gcónaí fós go dtugtar Coláiste ar bhunscoileanna, srl. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 11:23 am: |
|
Tá ré na Gaeilge thart. Tá grian na Gaeilge ann anois ach anocht beidh ré na Gaeilge arís ann, nó ré Ramadain mar is fearr aithne uirthi faoi bólaí áirid. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2244 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 12:25 pm: |
|
Go seoigh, a Fhirn. Gach ré seal, bíonn lonra do re ar réaltacht seo ár réimeas. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 211 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 12:41 pm: |
|
Faighigí réidh leis an raiméis, sibh araon. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2248 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 19, 2005 - 06:13 am: |
|
Tóg go réidh é, a Shéamais. Dá mbeadh réal agam ar gach ré seal a bhain Fearn gáire asam... |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 214 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, October 19, 2005 - 12:22 pm: |
|
Tá an Ghaeilge faoi lán seoil in Ollscoil Chathair Atha Cliath! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 07:28 am: |
|
"Tóg go réidh é, a Shéamais. Dá mbeadh réal agam ar gach ré seal a bhain Fearn gáire asam..." Nach réagánta thú, a aonghuis. Is maith liom gur bhain mé gáire nó dhó asat |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2263 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 07:45 am: |
|
Céard é réagánta? Gaolta le Ronnie Reagan? (Níl Dinneen le lámh agam) |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 08:18 am: |
|
Gan duinnín in aice láimhe agat, mo chreach.Nach bhfuil focal ag Ó Donaill duit? réagánta > réidh duine a bhfuil tréith na réidhe aige |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 212 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 10:00 am: |
|
Níl sé réadúil, is dócha. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2265 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 10:42 am: |
|
Níl ceann ar bith acu liom faoi lathair. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 11:18 am: |
|
Tá tú lomnocht mar sin ;) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 484 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 02:02 pm: |
|
Lomnocht agus gan aon dídean agat in aghaidh bháirseoireacht an tsaoil! (Ar leathanach 80 a fuair mé báirseoir agus báirseach, focail a tháinig aniar aduaidh orm i dtéad eile thuas ansin.) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2272 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 03:41 pm: |
|
Nuair a lorgaítear focal níl aon réamhinsint ar an bhfód don bhfocal sin... |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 07:03 am: |
|
An bhfuil duine agaibh a leanann moladh Mháirtín Uí Chadhain an Duinníneach a bheith mar chéile leapan agaibh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2334 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 08:01 am: |
|
Táim pósta. Ach téim i gcomhairle leis go minic. Bhí Colleen an tí seo ag cuir síos ar chluiche atá, is cosúil, coiteann i measc na nDaltaí - sé sin, ceist a chuir, agus foclóir an Duinnínigh a oscailt chun freagra cuí a fháil. Is cosúil gur mór an spóirt atá le baint as. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 511 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 02:03 pm: |
|
quote:foclóir an Duinnínigh a oscailt chun freagra cuí a fháil Chuir mé ceist faoi divination sa téad Halloween thuas. Dóigh eile le fáistineacht a dhéanamh ná ceist a chur agus do mhéar a chur isteach in Dinneen gan aird! Saghas I Ching Gaelach! . |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 10:59 am: |
|
"Táim pósta." A aonghuis, is rí-éadmhar an chéile eile leapa atá agat!!! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2355 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 06:16 pm: |
|
Ní hea, ach níl céile leapain eile de dhíth orm. Rath na raithní, tá fhios agat. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 08:14 am: |
|
Fear an aonphoirt thú, máiseá? ;) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2361 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 08:55 am: |
|
Ní thuigim sin, a Fhirn. Fear aon mhnaoi mé. Ach aon phort? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 224 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 10:22 am: |
|
Fear aon phoirt i stoirm is ea Fearn, meas tú? Maidir le hAonghus, níl an fonn sin air! |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 11:27 am: |
|
"Ach aon phort?" Meafar ! (b'fhéidir) |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 11:28 am: |
|
Dála an scéil, ní bean an Duinníneach!!!!! |
|