Chuir ceisteanna Stefan ó chianaibh ag léamh Fiche Bliain ag Fás arís mé.
Inniu tháinig mé ar an leagan "Eachbháin" a úsáid mar intriacht. Glacaim leis go bhfuil sé cosuil le "In ainm Chroim" nó "muise" - ach an eol d'aoinne cén bunús atá leis? An "Each Bhán" nó marcach mór le rá éigin atá i gceist? Nó dia pagánach, macasamhail Crom?
Sampla nó dhó? Tá an leabhar agam anseo, ach... bhuel, is duine falsa mé. Is breá liom giotaí mar sin, mar atá a fhios agat. Tá "echbán" mar aidiacht in DIL, leis an mbrí "having white steeds".
Eachbháin, arsa Seán Mhíchíl, gur mór an obair nár ghlanadar san an gual dona n-aghaidh. (ag tracht ar fir gorma atá sé)
Is ag an Seán Mhíchíl seo amháin atá an leagan seo, ach ta sé aige cúpla uair sa Chabidil seo.
sgm Unregistered guest
Posted on Saturday, October 01, 2005 - 08:57 am:
Bheul, níl mé ag obair ar Fiche Blian ag an am mar tosnóidh an ollscoil arís ar ball... Ach is dócha go dteastóidh do chabhair uaim nuair atá an t-am agam... :-)