Beidh seisiún eile de Chiorcal Díospóireachta Átha Cliath ar siúl Dé Máirt,
20 Meán Fómhair 2005, idir 6:30 agus 8:00 PM i gCaife Úna i lár na cathrach
Bhaile Átha Cliath (Sráid Chill Dara - Kildare Street, in íoslach fhoirgneamh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge). Beidh fáilte roimh éinne a bhfuil fonn air nó uirthi cúrsaí reatha a phlé as Gaeilge. Is féidir ábhar
ar bith a tharraingt isteach ach seo hiad na cinn atá molta chun tús a chur leis an chomhrá:
1. An ndeachaigh daltaí an Teastais Shóisearaigh thar fóir leis an ólachán i mbliana?
2. Ar cheart "Triúr na Colóime" a eiseachadadh go dtí an Cholóim?
3. An bhfuil teipthe ag rialtas na Stát Aontaithe sa dóigh ar láimhseáil siad Spéirling Katrina?
4. Cé a bheidh i gceannas ar Rialtas na Gearmáine tar éis an olltoghcháin thall?
5. Cé acu is tábhachtaí agus duine ag foghlaim teanga: líofacht, nó cruinneas gramadaí?
6. Ar thug tú fuil riamh?
7. An bhfuil turasóirí ag fáil luch a gcuid airgid in Éirinn?
Tá súil agam go mbeidh deis agaibh bualadh isteach.
Michal
--
Michal Boleslav Mechura