Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1967 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 08:59 am: |
|
Céim eile chun tosaigh - níos mó ba á dhíol tré Ghaeilge! http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=555 3% a bhíodh á lua acu roimhe seo quote:Tá beirt chainteoirí dúchais fostaithe le déileáil leis an phobal agus cuireann siad fáilte rompú as Gaeilge Sin an eochair, dar liom - ní bhraitheann duine ag dul isteach san oifig go gceapfar go bhfuilid "ag brú an Ghaeilge síos scórnaigh", toisc gurbh ó na feidhmeannaigh a thagann an Ghaeilge ar dtús. |
|
Duine Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 10:00 am: |
|
is iontach an rud é sin. Mheas mise i gconaí nach raibh focal gaeilge sa Chlochán Liath in ainneoin an stádais mar Ghaeltacht. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 751 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 12:45 pm: |
|
Uair amháin chua' mé trasna 'n Chlocháin Léith ar charr, ach ós rud é nach dtearn muid stad, níl 's agam cad é 'n teangaí a bhí eadar bunadh na háite. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 137 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 04:18 pm: |
|
Céim sa treo ceart alright :) Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Dalta Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 05:34 pm: |
|
Níl fhios agam má tá. Sin é 46.5% agus is ceantair Gaeltachta í. Ba mhaith linn 100% sa Ghaeltacht agus 46.5% in áiteanna lasmuigh. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 758 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 06:14 pm: |
|
Tá 'n ceart agat. Caithfidh go mbeadh 'n percentage níos mó i Rann na Feirste, Gaoth Dobhair, Gort a' Choirce srl. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1980 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 16, 2005 - 04:07 am: |
|
Is dóigh liom go bhfreastailíonn an oifig ar na ceantair san uilig. Ach smaoinigh gurbh é gnath taithí muintir na Gaeltachta agus iad ag plé leis na hudarais go mbrútar béarla orthu, agus go mbíonn móill thar cuimse má leanann siad le gaeilge. Tógfaidh sé achar mhaith muinín daoine sa choras a athógail. |
|