mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Faoitín « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 178
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, September 13, 2005 - 11:25 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil aithne ag éinne ar an amhrán seo? Tá sé ag Maighrréad agus Tríona Ní Dhomhnaill (le Dónal Lunny) ar Idir an Dá Sholas. Is ait liom focal amháin a thugtar sa leabhrán, atá sa churfá.
"Faoitín toor a ló agus faoitín toor a laddie ó,
Faoitín toor a ló is é an faoitín an breac is MEASA liom."

Sílim gur mícheart é sin. Faoitín an breac is fancy liom, b'fhéidir a ba chóir bheith ann. An bhfuil leagan eile de ag éinne, nó liricí eile?

Gach focal eile atá ann faoin bhfaoitín, tá siad á mholadh. Tuairimí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 731
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, September 13, 2005 - 12:31 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Is é an faoitín breac is measa liom" (the spotted whiting)

Chuala mé leagan Conamarach dó, ar sheandlúthdhiosca - níl mé sa bhaile an tseachtain seo, ach muna ndéanaim dearmad air, cuartóchaidh mé na véarsaí nuair a bheas mé ar aist sa bhaile (i gcionn deich lá dar liom).

Chan cuimhin liom cad é atá in áit "measa" sa leagan sin. Is minic a bíos véarsaí gan mórán céille i gcurfánnaí amhrán.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 265
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, September 13, 2005 - 03:44 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Faoitín an breac is fancy liom, b'fhéidir

Is dócha go bhfuil an ceart agat. Níl aon chiall leis an leagan eile. "Is deas blasta an t-iasc iad le n-ithe agus bíonn glaoch agus tóir orthu ar mhargadh an éisc." (Cladaí Chonamara, lch 134). Seo leagan eile duit, as an leabhar céanna:

Is an faoitín turaná is an faoitín turanárum,
Is an faoitín turaná, is é an faoitín breac an airgid.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1948
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, September 13, 2005 - 03:47 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

sé X is measa liom - tá "I think worse of, like less al. I prefer" ag Dinneen ar an nath sin.

Tá an focal "meas" ann, agus an focal "measa". Agus malairt brí leo.

(Message edited by aonghus on September 13, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 275
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, September 14, 2005 - 04:15 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Hm, spéisiúil!

« Baisteadh Eoghan Cóir mar leas-ainm air mar nach raibh córtas ná trócaire ar bith aige. Nuair a fuair sé bás chum Riocard Bairéad dán faoi. Dán cliste é ina dtugann an file árd-mholadh do’n bháille acht gur mhaith a thuig sé go dtuigfeadh na daoine gur moladh magaidh a bhí dh’á dhéanamh aige i n-áit é a cháineadh go díreach.

Eoghan Cóir
1
Nach é seo an sgéal deacrach sa tír seo,
I n-anacair chroidhe agus bróin,
Ó fhágas tú cnocán na líne
Go dtéighidh tú go dtí an Fál Mór.
A leitheid de sgreadadh ’s caoineadh
Níor cluineadh sa tír seo go fóill,
Acht ar ndóigh níl againn ann iongnadh,
Ó cailleadh, fairíor! Eoghan Cóir.
2
Bhí cion agus meas ag gach aon air,
An sean-duine críon ’s an t-óg.
Bhí saidhbhir a’s daibhir i ngrádh leis,
I ngeall ar a chroidhe maith mór.
Le togha a’s rogha na tíre
Do chaitheadh sé píosa óir,
’Gus le daoine bocht’ eile níor spíd leis
Buidéal ó’n tsíbín a ól.
3
Ba ró-mhaith ag tógáil a’ chíos’ é.
Ba bheag aige mí nó dhó,
Go ndíoltaoi an bhó ar an aonach
Nó an giota a bhí ins an tseol.
Tá Annraos Ó Gabháin ag caoineadh
’Gus ní bhéidh Seán Ó Baoghaill i bhfad beo,
Ó cailleadh a gcaraid sa tír seo
Is dubh atá a gcroidhe le brón.
4
I dTearmainn Chathrach níor síneadh
Ariamh faoi leac ná fód,
Aoinne ba mheasa do na daoine,
Ná an duine bocht maol Eoghan Cóir.
’Séard dubhairt Séimín Pheadair ag caoineadh,
’S é ag agairt ar Rí na nDeor,
Do réir mar bhí seisean le daoine,
Gur b’amhlaidh bhéas Críosta dhó.
5
Bréag atá siad-san ag déanamh,
Níor cailleadh an fear groidhe go fóill.
Acht chuaidh sé ar cuairt chuig a ghaolta,
Go bhfeiceadh sé an ríoghacht is mó.
Má thigeann sé ar ais ’un na tír’ seo,
Ní thiománfaidh sé a choidhche aon bhó,
Acht cuirfidh muid amach as an tír é
’S a leanbh Ó Baoghaill a bhéas leo.
6
Tá an h-aon ’s an seacht ins a’ líne
’Gus an ocht a chur síos faoi dhó
Ó ghlac seisean cead le n-a dhaoine,
Níor labhair sé gíog níos mó.
Ó tá sé dearbhtha sgríobhtha
Gur talamh is críoch gach beo,
’S chomh fada is bhéas muid beo ar an tsaoghal seo,
Cé’n dochar dúinn braon beag a ól.»

— "Fánaidheacht i gConndae Mhuigheo"
http://ourworld.compuserve.com/homepages/PeterKGriffin1/muigheo1.htm
____________________________

Aha!

« measa, compar. of olc, 551; in phr. is m. lé, prefers, t. 16.1

1 эn' k'aN эs m'asэ l'at he:n', hin' i: n' k'aN эs ko:r' dit' э fo:su:.
An ceann is measa leat féin, sin í an ceann is cóir duit a phósadh.»

— "The Irish of Erris, Co. Mayo"

(Message edited by Peadar Ó Gríofa on September 14, 2005)

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1950
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, September 14, 2005 - 04:15 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo sampla eile de "Is measa liom" mar mholadh

http://www.angelfire.com/ri/domhan/clarb02.html

"Is measa liom Eoghan ná scór de fhearaibh an tsaoil,
Is é a chuirfeadh ar bord is nach mór a lagaigh sé an tír"


Agus brón á chuir in iúl

http://www.fainne.org/danlann/bui.html

"is measa liom féin ná scrios na Traoi
thú bheith sínte ar leacaibh lom"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 180
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, September 14, 2005 - 09:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aisteach, agus an saghas débhríochta is measa liom.

Deir mo chluas liom nach bhfuil siad (araon, ar aon nós) ag canadh 'measa' ar an dd, cé gur sin an focal sa leabhrán aige. Ach tá ciall leis anois, mar atá sé i gcló acu.

(Message edited by Séamas_Ó_neachtain on September 14, 2005)

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge