mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (September-October) » Archive through September 15, 2005 » And The Debate Continues « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James
Member
Username: James

Post Number: 253
Registered: 08-2004
Posted on Friday, September 09, 2005 - 10:50 am:   Edit Post Print Post

I found this while searching for an article on the difference between Irish and Scots fiddling. For a moment, I thought I was on a Daltai thread!!

http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/mcq/ulsterirish.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 710
Registered: 01-2005
Posted on Friday, September 09, 2005 - 11:58 am:   Edit Post Print Post

Aontaim go hiomlán lenar scríobh Ciarán Ó Duibhín.

(Message edited by Lughaidh on September 09, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, September 09, 2005 - 03:51 pm:   Edit Post Print Post

Bhuel, is cinnte go bhfuil múineadh na teanga ar fud na míle. Ach, mura bhfuil caighdeán ann, beidh trí teanga againn i gceann tamall agus beidh chuile acu marbh. Is maith é an teanga agus ní sin le rá gur olc iad na canúintí. Is gá na canúintí a múineadh go ceart do ghach páiste scoile agus fág sé fúthu tar éis sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 712
Registered: 01-2005
Posted on Friday, September 09, 2005 - 09:19 pm:   Edit Post Print Post

Tá cuid mhór seortann Béarla ar fud an domhain agus níl fadhb ar bith. Cad chuige nach mbeadh trí chanúint i nGaeilg? Ar chuntar go bhfuil teangaí chaighdeánach do na rudaí ofaigiúla agus go dtuigeann achan Ghaeilgeoir a chéile (agus tá sin fíor anois a bhuíochas ar Raidió na Gaeltachta).

Cha dtuigim do chaint: ar tús d’úrt tú gurbh fhearr go mbeadh caighdeán nó bheadh trí theangaí againn, agus ina dhiaidh sin d’úrt tú gur gá na canúintí a theagasc...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 264
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, September 10, 2005 - 01:25 am:   Edit Post Print Post

"Aontaim go hiomlán lenar scríobh Ciarán Ó Duibhín."

Aontuighim-sa chomh maith, mar 's é lom-chlár na fírinn' é.

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, September 10, 2005 - 07:14 pm:   Edit Post Print Post

"Cha dtuigim do chaint: ar tús d’úrt tú gurbh fhearr go mbeadh caighdeán nó bheadh trí theangaí againn, agus ina dhiaidh sin d’úrt tú gur gá na canúintí a theagasc..."

Tá sé sothuigthe, is gá na canúintí a theagasch, toisc gurb iad an teanga, agus ionas go mbeidh daoine in ann an fíor-theanga a thuiscint. Ach, is gá caighdeán chomh maith, mar, tar éis na blianta, éiróidh na canúintí níos difriúla agus tar éis blianta, beidh trí teanga difriúl againn, sa chaoi céanna agus is dá teanga iad Gaeilge agus Gàidhlig inniu. Agus ní bheidh siad sách láidir chun mhaireadh.

Níl difríochtaí móra idir na canúintí Béarla, chomh maith, is teanga mór domhanda í agus labhraíonn daoine an Caighdeán go coitianta sna meáin, chomh maith, tá difríochtaí rí-bheag idir na canúintí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 719
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, September 10, 2005 - 07:21 pm:   Edit Post Print Post

>éiróidh na canúintí níos difriúla agus tar éis blianta,
>beidh trí teanga difriúl againn, sa chaoi céanna agus >is dá teanga iad Gaeilge agus Gàidhlig inniu. Agus ní >bheidh siad sách láidir chun mhaireadh.

chan aontaim leis sin: ós rud é gur gnách le cuid mhór daoiní ins a' Ghaeltacht éisteacht le RnaG agus na canúintí eile a chluinstean is a thuigbheáilt, ní dóigh liom go leanfadh na canúintí de bheith 'scaradh le chéile mar a rinn siad go dtí seo. Mairfidh siad mar atá siad nó éireochaidh siad cóngarach dá chéile, dar liom.

(Message edited by Lughaidh on September 10, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, September 10, 2005 - 07:44 pm:   Edit Post Print Post

Bhuel, b'fhéidir é, deir an aimsir nó pé hé an seanfhocal sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 250
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, September 10, 2005 - 07:53 pm:   Edit Post Print Post

quote:

deir an aimsir

Is maith an scéalaí an aimsir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 268
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, September 11, 2005 - 01:23 am:   Edit Post Print Post

"...Sin mar táthar a' marbha na Gaedhilge. An Riaghaltas a' tabhairt nimhe díthe agus a' cur i gcéill gur íocshláinte atá ann. I n-ainm Dé stadadh siad de dheánamh ealadha-mhagaidh de'n méid de Éirinn a mhair d'aindeoin Chromuil. B'fhéidir nach dtiocfadh leo an Ghaedhilg a shábháil i ndiaidh a ndicheall a dheánamh. Acht thiocfadh leo sin a aidmheáil go fiúntach agus is mó an meas a mbéadh ortha ag an chuid againn a thuigeas Gaedhilg. Ag iarraidh an Ghaedhilg a shábháil má's fíor dóbhtha féin agus iad 'na ndearg-námhaid ag an méid sin den Ghaedhealtacht ar fiú trácht uirthí — Connachta agus Cúigeadh Uladh. Ní thiocfadh le tachrán ar bith as ceachtar den dá Ghaedhealtacht sgrúdú dá laghad a sheasamh gan dhá theangaidh coimhthigheacha a fhoghluim. Caithfidh se Béarla a fhoghluim agus le n-a chois sin an prácas gránda atá ag an mhuintir a bíos a' cur na gceisteann air..."

— "An stát a' marbhadh na Gaedhilge" le Niall Ó Dochartaigh, An t-Ultach, 1935.
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/leigh/marbhadh.txt
__________________________________________________

"Is minic a bhreathnaítear ar éagsúlacht na gcanúintí mar chonstaic ar an mbealach go dtí caighdeánú na Gaeilge nó go dtí tuiscint idirréigiúnach. Ó thaobh na teangeolaíochta de, ní fhéadfaí a rá go bhfuil na difríochtaí idir na canúintí rómhór agus gan amhras is féidir le lucht labhartha na gcanúintí faoi leith a chéile a thuiscint (mar is léir ó Raidió na Gaeltachta). Is éard is bun leis an mbarúil choitianta seo cheal teagmháil idir na Gaeltachtaí agus cheal gradam sách ard a bheith ag an teanga in intinn an chainteora. Níor mhór an dlúth-bhaint idir na canúintí a léiriú agus cur in aghaidh an bharúil a bhíos in ardréim. Is féidir é seo a chur i gcrích le bunchóras coitianta a scaradh ó chórais na gcanúintí faoi leith (ar chuntar gur féidir gach canúint a shíolrú go rialta ón mbunchóras sin). Chomh fada is a bhaineas le cuspóir praiticiúil, d'fhéadfaí (a) faoi chomhair mhúineadh na Gaeilge, an gaol idir na canúintí a thabhairt chun solais le cuspaí den chineál seo; (b) an caighdeán atá ann faoi láthair a chur ar bhunús réasúnach atá chomh cóngarach do chuile chanúint agus is féidir i leaba foirmeacha a thoghadh thall 's abhus. Ag an am céanna, ní thugtar aird ar mhionfhorás i gcanúint faoi leith (nó, ar mhodh, is ionann é agus go bhfeictear an taobh stairiúil níos mó gan aon iarracht a dhéanamh an teanga chlasaiceach a thabhairt ar ais). Lena chois sin, tá súil againn go mbeidh toradh éigin ar ár gcuid oibre a thabharfas fearasbarr eolais ar an nGaeilge taobh amuigh den mhéid a bhaineas leis na canúintí féin...
Is é an chaoi ar fhás deighilt idir dhá 'phobal' faoi leith a bhfuil an teanga ar a mbéal acu: corr-iarsma de phobal dearóil talmhaíochta gan mórán muinín acu astu féin, agus mionlach scaipthe meánaicmeach de náisiúnaithe de chuile dhath…
Ar an gcéad iarraidh, is iomaí scáine sa gcóras caighdeánach féin a chuirfeadh dris i gcosán lucht foghlaim. Níl sé ag luí le réasún, cuir i gcás, go scríobhfaí naofa, snáfa, nuair a ghlactar le pógtha, scuabtha, agus an díghlórú céanna i gceist sa dá chineál. Chuideodh sé le lucht foghlaim dhá gcuirfí cosc le litriú iomrallach den tsórt sin. Ar ndóigh, bheadh sé sin fíor faoi bhunáite na leasaithe a mholfar anseo...
B’fhearr cruaidh, gruaidh, ruadh, nuadh, báidh, pláigh, buaidh a scríobh in áit crua, grua, rua, nua, bá, plá, bua...
Sampla deas atá sa bhfocal pá(ighe), mar a thug Ó Murchú faoi deara. Ní raibh aon chall a bheith i dtuilleamaí dromchla aon chanúint amháin, .i. , nuair a d’fhéadfaí na foirmeacha a shíolrú as páighe...
Fearacht páighe, b'fhearr láighe, truaighe, nuaidheacht, luaigheachtláí, trua, nuacht, luaíocht...
Ba chóir na focla dlí agus guí a scríobh mar dligheadh agus guidhe...
Sna focla iomaí agus garraí, tá canúintí faoi leith roghnaithe faoi chomhair an Chaighdeáin. B'fhéidir go mbeadh sé níos cothroime iomdha agus gar(r)dha a scríobh. Ansin bheadh duine in ann iad a léamh mar /umi://umu:/, /gari://garu:/ de réir na canúna...
Glacadh sa gCaighdeán le dheachaigh; ba chóir go nglacfaí freisin le fhacaidh, chualaidh, tharlaidh. Ar an gcaoi seo, ghéillfí do bhunáite na gcanúintí agus thaispeanfaí rialtacht…
...ba chóra léigheann, léighfidh, chomh maith le léighte, léaghamh ... Ar ndóigh, tá go leor briathra den chineál seo ann: dóigheann, tráigheann, súigheann, téidheann, srl.
Fearacht léannlíonn, fágann sáim, báim, srl. Co. Mhuí Eo agus Tír Chonaill as an gcomhaireamh...agus ba cheart sáitheann, sáithfidh...
...molann muid dlúthas, luathas, gnáthach a scríobh...
Dhá dtuigfeadh an cainteoir gur bhain an litriú go dlúth lena chanúint féin is túisce a ghéillfeadh sé don chaighdeán. Dhá mba léir dó narbh iarracht eile é le canúint eile a bhualadh thall air, b’fhéidir go bhféadfaí canúnachas agus cúigeachas a chur i leataobh. Tar éis an tsaoil, easpa muiníne is ciontsiocair leis an drogall atá ar chainteoir leaganacha as canúintí eile a tharraint aige féin..."

— Mícheál Ó Siadhail agus Arndt Wigger, "Córas Fuaimeanna na Gaeilge"
http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e2-11.html

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 722
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, September 11, 2005 - 08:58 pm:   Edit Post Print Post

Tá 'n méid sin fíor ach is dóigh liom nár héisteadh leis na daoiní sin ar chor ar bith!



©Daltaí na Gaeilge