Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 210 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 06, 2005 - 12:04 pm: |
|
Fuair mé an leagan cainte "am soip" (= bed time, time for bed) ó chara liom, Mary (bean Chorcaíoch atá ina cónaí in Seattle), a fuair i gCorca Dhuibhne é. Feicim go bhfuil "dul chun soip" in Ó Dónaill, faoi "sop". An bhfuil "am soip" le cloisteáil i mBÁC nó in áiteanna eile lasmuigh de Corca Dh? Agus tháinig mé trasna ar "sa súsa" (= in bed) in Ó Dónaill ar maidin. Chuir sé sin "in the sack" i gcuimhne dom. Ar chuala sibh "Tá sé sa súsa" nó rud ar bith cosúil leis sin riamh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1876 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 06, 2005 - 12:15 pm: |
|
Níor chualas ceachtar leagan. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 133 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, September 06, 2005 - 12:52 pm: |
|
chulais an focal sin roimh an tam seo. Baintear usaid mar saghas slang ar nós "Taim ag dul soip". ta sé faighte go h-iondual i limistear gcorcai is gciarrai. Ta tracht faoi seo ar an leabhair "a thig na thit orm" on t-udar maidc dainín o sé. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 162 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, September 06, 2005 - 02:00 pm: |
|
Sin an leabhar! Nár chuimhin liom. Ag dul 'on bhinn bhán, sin atá ag Muiris Ó Súilleabháin, más buan mo chuimhne. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1879 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 05:34 am: |
|
Is buan. Leagan aláinn. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 103 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 10:35 am: |
|
Níor chuala mé féin ceachtar leagan riamh.. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|