Author |
Message |
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 5 Registered: 08-2005
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 07:30 am: |
|
A chairde is mé ag iarraidh post sa Ghaeilge a fháil i gceann cúpla bliain, i ndiaidh dom céim a bhaint amach inti (le cúidiú Dé), mothaím go bhfuil i bhfad Éireann níos mó post in earnáil na Gaeilge ná daoine, chun iad a líonadh. Tabhair spléachadh beag gasta ar na folúntais sna páipéar, tá na poist ann, ach gan na daoine chun iad a ghlacadh. Mar sin de tá borradh na Gaeilge le feiceáil go soiléir faoi láthair, ach muna líonfar na poist seo tiocfaidh meath ar an Ghaeilge (arís). Ní hea go bhfuil mé éadóchasach i dtaobh thodchaí na teanga seo, ach caithfimid a bheith curámach nó tiocfaidh an meath seo aniar aduaidh orainn. Ní thig le comhlacht ar bith feidhmniú gan fostaithe, agus muna bhfuil na daoine ann chun na poist a líonadh druidfidh siad síos, agus b'fheidir go saothróidh an Ghaeilge an bás chomh maith. A chairde, ní ann ach b'fhéidir, ach caithfimid beart a dhéanamh anois lena chinntiú nach dtarlóidh sé seo. FRC
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 155 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 09:55 am: |
|
Ach sin an plean, nach bhfuil a fhios agat? Cuirfear an milleán ar an nGaeilge, nuair a scriosfar an geilleagar, agus beidh gach éinne sásta fáil réidh léi faoi dheireadh! |
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 7 Registered: 08-2005
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 10:21 am: |
|
Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé ar aon intinn leat. Sílim go bhfuil meas as cuimse ag mórchuid na tíre seo ar ár dteanga dhúchais, nach síleann tu? Tá dearcadh diúltach agat ar an drochuair! FRC
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 156 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 11:09 am: |
|
Tá súil agam go bhfuil an ceart agat. Ach tá stair ann. Ní raibh mé ach ag magadh faoin uisce faoi thalamh sin. |
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 9 Registered: 08-2005
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 11:43 am: |
|
B'fhéidir go bhfuil stair ann ach tá sé mar dhulgas againn sin a athrú ar mhaithe leis an Ghaeilge. FRC
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 157 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 01:33 pm: |
|
Go n-éirí sé linn! |
|