Liz
Member Username: Liz
Post Number: 3 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, August 30, 2005 - 09:09 pm: |
|
"Dá airde dá n-éiríonn an priompallán sa lá, i gcac na bó is ea chaitheas sé an oíche." As "A Chomhairle Féin do Mhac Anna, Seoda as Acaill" le Tony Catherine Antoine William. Is focal deas é priompallán, agus fuaim bhreá ag an bhfocal. Agus mura mbeadh na priompalláin ann, bheadh an domhan uilig clúdaithe ag brat tiubh de chac. Shiúil mé isteach i siopa leabhar McLoughlin's i gCathair na Mart dhá sheachtain ó shin agus mar bhí sé ag éirí déanach sa lá, mhúch an cailín an solas chun deifir a chur orm. Ní bhfuair mé ach sracfhéachaint ar na leabhair, ach thóg cúpla díobh aníos agus cheannaigh. Tharla gur cheannaigh mé leabhair anbhreátha, de thaisme, leabhar Tony ina measc. |