Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 2 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, August 25, 2005 - 04:24 pm: |
|
Bhí mise, m'fhear (tiománaí den scoth é!!), mo dheirfiúr, agus m'iníon in Éirinn an tseachtain seo caite agus níor chuala ach cúpla focal i nGaeilge, cé gur chonaiceamar an teanga ar fud na tíre. Ba chóir dom a rá nach ndeachaigh ar a tóir, áfach. Níl Gaeilge ar bith ag na triúr eile sa ghrúpa. Ag siopa i gCondae Tiobraid Árann, chonaic mé fógra ar an gcabhantar a dúirt "Gaeilge agus Fáilte Foras na Gaeilge". Chinn mé an deis a thapú agus dúirt go mall: "Feicim go bhfuil Gaeilge agat." Ní bhfuair mé ach "Huh?" Níl blas mo theanga go ro-mhaith agus dúirt mé "I saw the sign 'Gaeilge agus Fáilte' and thought I'd take a chance." Dúirt an cailín rud mar: "That was very good, but it's my colleague that has the Irish." An chéad uair eile a fheicfidh mé an fógra, coinneoidh mé mo bhéal dúnta mura bhfuil an teanga cloiste agam. |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 3 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, August 25, 2005 - 08:01 pm: |
|
Maith thú, mar gheall ar an iarracht a dhéanamh, ar aon chaoi ! |
|
Ná dún do bhéal! Unregistered guest
| Posted on Thursday, August 25, 2005 - 08:06 pm: |
|
Is trua sin, a Liz, mar tá na fógraí seo déanta ag foras na gaeilge i bhfoirm triantán agus ar taobh a dó, 'Tá beagán Gaeilge agam' agus ar thaobh a trí, 'Tá Gaeilge agam'. Fíor leisce a bhí i gceist mar níor bhog mo dhuine an fogra go dti an taobh i gceart. Fógraí ana-cliste iad áfach. Ná dún do bhéal -- ná déan é seo! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1815 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 26, 2005 - 04:07 am: |
|
Is ceart triall a bhaint as a Liz. Má fhánann tú go gcloiseann tú í, tá seans mór ann go mbeidh tú ag labhairt Béarla le duine go bhfuil scoth na Gaeilge acu. Bhuail mé le Liam Ó Cuinneagain ar na mallaibh (fear Oideas Gael). D'inis sé dhom faoin siopa nuachtáin inar cheannaigh sé nuachtán gach lá. Tar éis seacht mbliana, chuaigh sé isteach agus chuala fear a' tsiopa ag caint i nGaeilge le fear eile. Níor rith sé leis roimhe sin go mbeadh Gaeilge aige. (I mBÁC). Freisin, tiocfaidh lagar spioraide ar dhaoine a chuireann fógra mar sin suas muna gcuirtear forrán i nGaeilge orthu riamh. |
|
eoghan Unregistered guest
| Posted on Friday, August 26, 2005 - 08:22 am: |
|
Tá staid na Gaeilge ag dul in olcas in Éireann, níl aon amhras faoi sin....Meastair nach bhfuil Gaeilge líofa ach ag 5% don daonra. Fiú sa nGaeltacht ní mbhíonn daoine toilteanach a labhairt Gaeilge muna bhfuil Gaeilge don scoth agat agus don chainniúnt céanna. Faraor ní feicim go mbeidh nithe ag feabhsú.... Sa Bhreatain Bheag tá an teanga i bhfad níos láidire..... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 135 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 26, 2005 - 11:45 am: |
|
Bhí mé i gCathach Books i mBÁC uair amháin, agus bhí mé ag caint leis an mbean ansin i mBéarla. Tar éis tamaill, chuir mé ceist uirthi mar gheall ar an nGaeilge -- ní cuimhin liom go beacht anois, ach is cinnte nach raibh an cheist chomh neamhbhalbh le "Do you speak Irish?" Pé scéal é, bhí a chuid Gaeilge ar fheabhas, agus lean muid orainn sa teanga sin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1820 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, August 27, 2005 - 07:56 am: |
|
Tá Gaeilge ag foireann uiloig Cathach, go bhfios dom. Ach tá an siopa úd ró dhaor domsa! |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 04:38 pm: |
|
Ceapaim go bhfuil Gaeilge ag níos mó daoine ná a cheapfá. Níor dheacair 'go raibh maith agat' nó 'dia dhuit' a rá le gach aon duine, ar sheans go mbeadh Gaeilge acu. Agus ní gheobhaidh tú 'Wha?!, u bleedin' French or somtink?'. Uair amháin bhí mé agus mo chara ag labhairt as ár dteanga dúchais ar bhus agus d'fhéach duine taobh thiar dó agus dúirt sé 'Feckin' French'. Uair amháin eile, bhí mé ag ceannach rud sa Chláir agus dúirt an siopadóir 'go raibh maith agat' liom agus spreagadh cómhrá eadrainn mar thoradh. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 04:45 pm: |
|
Rinne mé dearmad a rá, cá bhfaightear na comharthaí thuas? Nuair a aimsóidh mé áit a chur ceann, ceannóidh mé ceann. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 656 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 05:54 pm: |
|
>Uair amháin bhí mé agus mo chara ag labhairt as ár >dteanga dúchais ar bhus agus d'fhéach duine taobh thiar >dó agus dúirt sé 'Feckin' French'. Nach léir eolas mór an duine a d’úrt sin :-) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 86 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 07:10 pm: |
|
Oh éist níl a fhios ag an gcuid is mó de mhuintir na hEireann go bhfuil a dteanga féin acu! Nach mór an trua é? Nuair a bhí fadhb ag duine de mo chustaméirí im shiopa cúpla lá ó shin chuir an custaméir "foreigner" ar an cailín toisc gur ainm allúrach í SORCHA. PHLEASC ME AR AN SPOTA!!!!!!! Aineolach. Liz aontaím le gach duine eile - Labhair amach as Gaeilge é!!!!! Oibrímse i Boylesports i mBAC agus úsáideann cuid des na custaiméirí (go h-áirithe sean-fhir ón iarthar) "Go raibh maith agat" déanaimse iarracht comhrá a spreagadh leo ach comhrá ní fhaighim ;( Ceann de na fadhbanna is mó ná nach mbíonn an deis ag Gaeilgeoirí an teanga a úsáid.. Ba chóir na comhartaí seo a chur ar fud na h-áite - áit ar bith a bheidh Gaeilgeoirí ann!! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|