Author |
Message |
Antaine
Member Username: Antaine
Post Number: 472 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, August 20, 2005 - 11:52 pm: |
|
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 114 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, August 21, 2005 - 01:45 pm: |
|
Maith thú! Táim tar éis an muga mór leis an mana "marbh le tae agus marbh gan é" a ordú. Agus thug mé súil ar an seanfhocal céanna sa "Seanfhocal Archive" anseo. Thug mé botún beag faoi deara ansin: /ta:/ in áit /te:/. Agus rud eile, nó ceist: "marbh *ag* tae agus marbh gan é" an leagan a bhí agam riamh. Séard a thuig mé uaidh ná "dead (i.e. useless) at tea (during tea break) and dead without it". Conas a thuigeann sibhse é? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1796 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 21, 2005 - 03:47 pm: |
|
Thuigfinn "marbh ag tae" mar "killed by tea". ("Am tae" a bheadh ar tea break agamsa.) i. rud olc nach féidir déanamh d'uireasa |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 115 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, August 21, 2005 - 07:45 pm: |
|
Ach ní rud olc é ar chor ar bith! Agus deir na heolaithe anois gurb an-sláintiúil an deoch é, dubh nó gorm. :-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1799 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 22, 2005 - 06:45 am: |
|
Braitheann nimh ar an méid seachas an ábhar! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 116 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, August 22, 2005 - 01:46 pm: |
|
Is fíor gur féidir le duine lámh a chur ina bhás féin leis an iomarca uisce! Ach is de thaisme a tharlaíonn bás mar sin de ghnáth, ar ndóigh. Léigh mé alt ar na mallaibh a dúirt go bhfaigheann reathaithe maratóin bás ó am go ham tar éis an iomarca uisce a ól le linn an rása, ach nach bhfuair aon reathaí bás riamh de dheasca díohiotráitiú. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 731 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 22, 2005 - 05:37 pm: |
|
An cás céanna le formhór na ndaoine a fhaigheann bás tar éis Ecstasy a thógáil dóibh. Deir na páipéirí gurb Ecstasy a mharaigh iad, ach i ndáiríre, bá í an iomarca uise a d'ól siad! |
|