Author |
Message |
Lúcas
Member Username: Lúcas
Post Number: 213 Registered: 01-2004
| Posted on Sunday, July 17, 2005 - 10:22 am: |
|
An bhfuil a fhios ag éinne cad é an Ghaeilge ar "vocal tract" agus ar "external intercostal muscles"? Go raibh maith agaibh do bhúr gcabhair. Mise le meas, Lúcas Ceartaigh mo chuid Gaeilge, mura miste leat .
|
|
Duine Unregistered guest
| Posted on Sunday, July 17, 2005 - 11:50 am: |
|
|
|
Liz Unregistered guest
| Posted on Sunday, July 17, 2005 - 08:54 pm: |
|
Déarfainn "bealach an ghutha" ar "vocal tract". Tá "téada an ghutha" ar "vocal cords" i bhFoclóir De Bhaldraithe. Agus déarfainn "muscailí idireasnacha seachtracha" ar an rud eile. Ach níl a fhios agam an bhfuil na téarmaí thuas á n-úsáid ag na daoine in Éirinn. Tá paiteolaí ann a léann na teachtaireachtaí ar chlár plé beo ( www.beo.ie) ó ham go ham, agus má fheiceann seisean an cheist ansin tá seans ann go dtabharfar freagra níos cruinne duit. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 624 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 19, 2005 - 11:06 am: |
|
Le meas, a Lúcais, ní bheadh séimhiú ar "focail": Cuidiú Focail |
|
Lúcas
Member Username: Lúcas
Post Number: 219 Registered: 01-2004
| Posted on Tuesday, July 19, 2005 - 03:40 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Fhir. Mise le meas, Lúcas Ceartaigh mo chuid Gaeilge, mura miste leat .
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 629 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 20, 2005 - 07:08 am: |
|
Mothaím mar phlá bheith ag ceartú botún beag mar seo... Agus seo an áit a n-iarraimse cabhair!: "correcting small mistakes like this" Arbh é sin mar: 1: "ag ceartú botún beag mar seo" nó: 2: "ag ceartú botúin bheaga mar seo" Cheapfainn gurb é an chéad cheann, ach... smaoiníos ar: ag lorg oibre ag lorg obair mhaith Ní athraítear "obair" go "oibre" sa dara cheann mar tá aidiacht in dhiaidh. Níl a fhios agam faoin iolra... ? ag lorg botún = looking for mistakes Cad céard faoi nuair a bhíonn aidiacht i ndiaidh an iolra? ag lorg botún beag? ag lorg botúin bheaga? |
|
Lúcas
Member Username: Lúcas
Post Number: 220 Registered: 01-2004
| Posted on Wednesday, July 20, 2005 - 10:43 am: |
|
Ná bí ag mothú mar phlá, a Fhir. Tá an-bhuióch agam díot ar do chabhair. Nuair a cheartaiónn tú mo chuid Gaeilge dhéanfaidh tú ó neart go neart é. Nil a fhios agam bealach níos mó a smaointiú feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Sin an chúis a bhfuil buíoch agam. Lean ar aghaidh, mas é do thoil é. Faoi do chéad cheist, cheapfainn gurb é an chéad cheann freisin, "ag ceartú botún beag mar seo." Tá cúis eile agam é sin a smaointiú. Ba cheart duinn an tuiseal ginideach i ndiadh an ainm briathra agus sin an ginideach iolra. quote:Cad céard faoi nuair a bhíonn aidiacht i ndiaidh an iolra? Cheapfainn gurb é an chéad cheann arís, ag lorg botún beag mar is ginideach iolra botún. Sin lagiolra é agus caithfidh muid an aidiacht a chur mar "beag" i ndiadh lagiolra gan litir a faoi dheareadh. Mise le meas, Lúcas Ceartaigh mo chuid Gaeilge, mura miste leat .
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 636 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 21, 2005 - 06:22 am: |
|
quote:Cheapfainn gurb é an chéad cheann arís, ag lorg botún beag mar is ginideach iolra botún. Sin lagiolra é agus caithfidh muid an aidiacht a chur mar "beag" i ndiadh lagiolra gan litir a faoi dheareadh. Scríobh Lughaidh seo a leanas sa chuid Béarla den fhóram: quote:According to standard grammar, after a verbal noun, the noun isn't in the genitive if it's indefinite (= without article, etc) and followed by an adjective or something that qualifies it. Ag lorg botúin bheaga BUT Ag lorg na mbotún beag. Rud amháin eile le foghlaim! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 122 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 21, 2005 - 03:20 pm: |
|
|
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Thursday, July 21, 2005 - 06:16 pm: |
|
Sa teideal, cén fáth nach bhfuil an dara focal thuas, Focal sa ghinideach? Tá dhá fhocal ag teacht a chéile, nach í sin fáth an ginideach a úsáid? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 639 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 22, 2005 - 10:07 am: |
|
ainmneach uatha: focal ainmneach iolra: focail ginideach uatha: focail ginideach iolra: focal "Word Help" = Cuidiú Focal (D'úsáidfinnse foirm iolra an fhocail "focal" sa chás seo). Ach b'fheidir go ndéarfaí: Cuidiú Focail (ag baint úsáide as an uatha) -- Tá ceist agamsa Cén ceann atá ceart: a) ag baint úsáid as an uatha b) ag baint úsáide as an uatha |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 123 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, July 22, 2005 - 11:13 am: |
|
Ceist mhaith. Nílim cinnte. Tá an dá rud an-choitianta. Tá an bua ag an dara ceann ar google. Ach tá an chéad cheann ag daoine iontaofa. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Friday, July 22, 2005 - 05:40 pm: |
|
ag baint úsáide as an uatha, nach ea? Níl aidiacht i ndiadh an ainmfhocail, mar sin, tógann sé an ginideach. Agus go raibh maith agat ar an miniú thuas a Fhir. |
|