Author |
Message |
Dicuil
Member Username: Dicuil
Post Number: 1 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, July 07, 2005 - 04:04 am: |
|
Le déanaí bhí mé ag léamh an leabhar réalteolaíochta Burnham's Celestial Handbook de chuid Robert Burnham Jr. Ag caint faoi réaltbhuíon an Bhodaigh (Orion), scríobh sé: "According to R. H. Allen, the constellation was the "Armed King" Caomai to the early Irish..." Níor chuala mé riamh an t-ainm sin "Caomai", agus ní raibh mé in ann é a aimsiú in aon fhoclóir - nua-aimseartha nó a mhalairt. An bhfuil a fhios ag éinne céard is brí le "Caomaí"? An focal Gaeilge é ar chor ar bith? Sean-Ghaeilge? Go raibh maith agaibh. Dicuil. |
|
Philosophe
Member Username: Philosophe
Post Number: 52 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, July 07, 2005 - 08:55 am: |
|
chuardaigh mé ar google agus fuair mé... www.etymonline.com (search for orion) ps Conas a déarfeá "i found" as Gaeilge? |
|
Diarmo
Member Username: Diarmo
Post Number: 136 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 07, 2005 - 09:24 am: |
|
Fuair mé! |
|
Socadán Unregistered guest
| Posted on Thursday, July 07, 2005 - 11:07 am: |
|
D'aimsigh mé - I found |
|
Liz Unregistered guest
| Posted on Thursday, July 07, 2005 - 03:37 pm: |
|
I looked in the Dictionary of the Irish Language (a huge book of Old and Middle Irish words) under a variety of spellings and I can't find the word 'Caomai' so I have to wonder if R. H. Allen really knew what he was talking about. But I looked in Lambert McKinney's "Foclóir Béarla is Gaeidhilge" (1935) and here is the entry for "Orion's Belt, slat an Rí... an tslat is an Bhannlámh ...slat an cheannaí" 'slat' means a rod or rodlike object, often used to denote a measuring stick 'bannlamh' is translated by Dinneen as "a cubit; a "bandle"; a measure of 21 inches (equated to 'Feadh, fathom' English) for home-made cloth...24 inches" O'Dónaill's Dictionary translates 'ceannaí' as "Buyer, purchaser...dealer, merchant". Here are my own translations: 'slat an Rí' -- 'the king's rod' 'an tslat is an bhannlámh' -- 'the yardstick and the bandle' 'slat an cheannaí' -- 'the merchant's yardstick' My guess is that 'caomai' may be a confusion for 'ceannaí' but of course that's just a guess. |
|
Liz Unregistered guest
| Posted on Thursday, July 07, 2005 - 04:41 pm: |
|
Gabhaigí mo leithscéal, le bhur dtoil. Nuair a chonaic mé cúpla focal as Béarla thuas, cheap mé gur clár "Béarla agus Gaeilge" atá anseo. Ach tuigim an cás anois. Agus ní chuirfidh mé focal i mBéarla air arís choíche is go deo. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Thursday, July 07, 2005 - 06:06 pm: |
|
Bhuel, an féidir "Armed King" é an t-aistriúchán? Dúirt Burham 'the "Armed King", Caomai'. Is dócha gurb é an 'slat' mar a dúirt Liz, an 'arm' a bhí ar an rí sin. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 444 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, July 07, 2005 - 08:29 pm: |
|
I found = fuair mé, d'aimsigh mé, fuair mé amach, tháinig mé ar rud... "Caomaí" looks like a strangely spelled word, if it's Early Irish. Dennis may correct me but i'm almost sure that the digraph "ao" wasn't used or almost not in early Irish. Modern irish 's mostly come from early Irish <áe>, , <óe>, , etc. Maybe it's caomhaí in modern irish? related to caomh=gentle ? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 119 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, July 08, 2005 - 02:22 pm: |
|
Nár léigh tú post Liz, a Lughaidh? Anois, tit, agus tabhair dom fiche! (Rud a deirtear do luthchleasaithe óga nó daoine san arm go minic anseo). Conas a déarfá 'push-up' as Gaeilge? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 448 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, July 08, 2005 - 08:55 pm: |
|
Léigh. Níl 's agam cad é mar a déarfá "push-up" i nGaeilg, siocair nach bhfuil 's agam cad é 'chiallas sé féin... |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 120 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, July 11, 2005 - 02:28 pm: |
|
Bhuel, ní hé an cíochbheart atá i gceist agam, ach an lúthaíocht. Tosaíonn duine ina luí ar an urlár, aghaidh faoi, a mbosa réidh oscailte ar an dtalamh, uillinneacha amuigh uaidh, agus brúnn an duine lena lámha amháin, ag déanamh a uillinneacha díreach, chun a chorp a ardú. Coimeádtear an corp díreach dolúbtha an t-am ar fad. Sin 'push-up' amháin. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Tuesday, July 12, 2005 - 10:18 am: |
|
Tógálach. An ea "Brú suas" ró-Béarlachas? |
|