“Fánaidheacht i gConndae Mhuigheo”
http://ourworld.compuserve.com/homepages/PeterKGriffin1/muigheo.htm contains the following examples of usage of “cé’n” (cén < cé an):
Cé’n chaoi eile a mbéadh sé leis na daoine seo atá le fagháil agus a tóigeadh san Ghaedhealtacht seo agus i ngach Gaedhealtacht eile sa tír?
ANOIS, a léightheoir, ó tharla breac-bharamhail agat ar an gcineál ceanntair é an Muirthead ní fearr rud a dhéanfá ná bualadh linn siar chomh fada is is féidir linn agus annsin cuartughadh linn aniar ar ais go bhfeicimid
cé’n t-eolas atá le fagháil. "Ní magadh ar bith é," arsa mise, "acht lom-chlár na fírinne. Acht cogair mé seo, le do thoil.
Cé’n áit a bhfuair tú an t-amhrán sin a bhí dh’á chasadh agat shul a dtáinig muid aníos chugat?"
Cé’n dochar dúinn braon beag a ól. Níl fhios ag aoinne anois
cé’n t-úghdar a bhí leis na leachtanna seo ar Inis Glóire, mar ní h-é gur ar uaigheanna atá siad tóigthe mar nach bhfuil fútha ná thart ortha acht an charraig lom.
Cé’n t-iongnadh mar sin go bhfuil sean-mhainistreacha agus iarsmaí eile atá chomh sean leis an gceo, le feiceál thall is i bhfus ar an machaire réidh seo.
Bhíodh sé go síorruidhe ag imtheacht roimhe ar fud na mbailte, é ciuin go leor amannta, acht nach dtiocfadh le aoinne a bheith cinnte
cé’n t-am a bhuailfeadh an taod buile é. "Maith go leor," arsa mé féin, "acht meas’ tú
cé’n áit is fearr dúinn a dhul le n-a fhagháil?"
Nuair a tháinig, d’éirigh leis an Siúrtánach a anam a thabhairt slán leis acht is ag Dia amháin atá fhios
cé’n bhail a chuaidh ar an sgata a bhí leis. Níor leig an Suibhneach focla an chaiptín i ndearmad agus do réir mar bhí an páiste ag fás bhí imnidhe an athar ag méadughadh agus gan stop ag dul air oidhche nó lá acht ag leagaint amach ina intinn féin
cé’n tslighe bheathadh a b’fhearr dh’á mhac. "Fainic," arsa an tAthair Mághnus ’ghá fhreagairt, "tiocfaidh do lá féin agus ní bhéidh fhios ag aoinne
cé’n sórt bás a gheibhfeas tú."
Ba chuma
cé’n cineál aimsire a bhíodh ann ní dhearna an driotháir ceann-fhaillighe ar an tsagart, agus ba roimhe a bhíodh an fháilte.
Bhí imnidhe ag teacht ar dhriotháir an tsagairt faoi seo, go mór mhór nuair a chuala sé fuagraithe é go raibh suim mhaith airgid le fagháil ag an té a bhéarfadh eolas do lucht an dligheadh
cé’n áit a raibh an sagart i bhfolach. Níltear cinnte
cé mhéad soitheach a bhí aici ná
cé’n cineál a b’eadh iad acht ó’n tseanchas, is cosamhail nach raibh mórán méid ionnta, mar teasbántar go fóill na clúideanna agus na céabhanna a mbíodh siad ar fasgadh ionnta, agus dhá mba soithigh mhóra iad ní bhéadh áit aca ins na clúideanna seo ná a sáith uisge aca ionnta.
Níl fhios i gceart
cé’n chaoi a bhfuair sí an luingeas ná an gléas troda i ndiaidh theacht ó Chúige Uladh dhi acht tá baramhail ag cuid de na seanchaidhthe gurab iad Domhnallaigh Thír Chonaill a chuir ar na bonnaí aríst í nuair a tháinig siad féin go Connacht.
Níltear cinnte
cé’n t-am a bhfuair sí bás acht bhí deireadh le n-a réim mar throdaidhe timcheall toiseach na seachtmhadh aoise déag.
Bhí baramhail mhaith ag Gráinne
cé’n gnaithe a bhí dhi thall agus ar an ádhbhar sin bhí sí réidh leis an bhfód a sheasamh fiú amháin thall i Lunndan.
"Nach dána an mhaise dhuit é," arsa Gráinne léithe, "a rádh go ndéanfá bainríoghan díom-sa, ná
cé’n ceart atá agat a leitheide a rádh? Bhí mise ’mo bhainríoghain rómhat féin agus do dhubhshlán mé a chur faoi smacht. Tusa Bainríoghan Shasana agus mise Bainríoghan an Iarthair agus is beag mo bheann ort."
San áit a raibh tighthe seasgaire agus muirighneacha múirneacha tráth, níl ann indiu acht beanntracha bearnacha agus ballóga manntacha ina seasamh go tuartha lom le cruthughadh
cé’n éagcóir a rinneadh san am a raibh an neart ina cheart.
Níor éirigh leo seo uilig a caitheadh amach as seilbh socrughadh i nAcaill agus d’fhág siad an t-oileán ar fad agus is ag Dia amháin atá fhios
cé’n bhail a chuaidh ortha. Cé’n bhail a chuaidh ortha? Nach doiligh innseacht? Nach iomdha sin smaoineadh a thiocfas in do cheann fútha i ndiaidh an sgapadh fada fánach a cuireadh ortha le ceart dligheadh sho-lúbtha chaim?
Ba rí-mhinic a thárla sé seo agus
cé’n cruthughadh níos fearr atá ag teastáil le teasbáint nach raibh mórán dáirírí ionnta seo a ghlac le teagasg na "mBíoblóirí" ná mórán muinighine aca as an "misiún" acht díreach "fhad is mhair an cioth," mar adeir an seanchaidhe.
Leis an imirce bhí muinntear Acla ag fagháil léarguis ní ba leithne ar chúrsaí an tsaoghail mhóir amuigh agus thuig siad annsin
cé’n éagcóir mhór a bhí dh’á dhéanamh ortha ag baile. "Dá mbéadh sinne i muinighin an mhéid Béarla a fuair sinn sa sgoil, b’fhurast ár gcuid de a chómhaireamh indiu, acht innseo’ mise dhuit
cé’n chaoi a raibh sé. I mBéarla a bhí na paidreacha dh’á mhúineadh san sgoil, agus Béarla a bhí i dteach an phost’, ag na póilíos agus ag daoine eile de’n tsórt sin agus bhíodh sinne ag breith ar na focla a bhíodh siad-san ag sgaoileadh uatha agus ag congbháil greama ar an bhfocal a fuair muid. Ar an gcaoi sin bhí muid i dtólamh ag cur leis an mbeagán a bhí againn go raibh riar maith Béarla againn ar deireadh."
"Sin é é go díreach agus
cé’n mhaith teanga ar bith agat mur’ bhfuil tú i n-ann í a labhairt," ar seisean.
‘
Cé’n chaoi ar éirigh leat leis an Teagasg Críostuidhe?’ ar sise, ina sean-bhéic.