A theangeolaithe, a chairde,
Tá ceist agam oraibh fá dtaobh den foghríochta Gaeilge. Táim ag léamh
Cúrsa Tosaigh Foghraíochta agus chonaic mé tábla na ngutaí seo.
| Tosaigh | Tosaigh | Láir | Cúil | Cúil |
| Fada | Gearr | | Fada | Gearr |
Ard | /i:/ | /i/ | | /u:/ | /u/ |
Leath-ard | /e:/ | /e/ | /ə/ | /o:/ | /o/ |
Íseal | (/a:/) | /a/ | | /a:/ | /a/ |
Thug mé faoi deara go mbaineann na gutaí tosaigh seachas /a/ agus seachas /a:/ leis na consain caol agus go mbaineann na gutaí cúil leis na consain leathan. An bhfuil ceart agam faoi sin? Mas fíor é cad chuige? Bheinn an-bhuíochas díobh as bhúr gcabhair. Go raibh maith agaibh.
(Message edited by lúcas on June 21, 2005)