|
|
|
Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 43 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 27, 2005 - 12:12 pm: |
|
A Lughaidh, An dóigh leat go mbíonn na Francaigh níos cúramaí -- níos beadaí fiú -- ná na Béarlóirí i gcúrsaí teanga go ginearálta, agus go háirithe i gcúrsaí foghraíochta? Feictear dom go mbíonn lucht an Bhéarla sásta glacadh le cibé sórt fuaimniú a thagann ina dreo, ar chuntar gur féidir leo é a thuiscint. Sna cathracha móra ar aon nós, glactar leis go coitianta go bhfuil sé drochbhéasach fuaimniú duine eile a cheartú. Cloiseann muid achan sórt Béarla chuile lá ó dhaoine a tháinig as gach cearn agus tá muid dulta i dtaithí air sin. Ach tá scéalta cloiste agam sách minic ó Eorpaigh ag gearán go mbíonn lucht na Fraincise an-trom orthu nuair nach bhfuil a gcuid Fraincise thar mholadh beirte. Éiríonn na daoine seo bréan den díspeagadh agus den síorcheartú. Is cuimhin liom litir a nocht san iris a thagann amach ó ITÉ cúpla bliain ó shin ó Pholannach ag cur síos ar an bhfadhb (dar leis) seo. An dóigh leat go bhfuil an méid seo fíor? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 327 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 27, 2005 - 10:36 pm: |
|
Cha gceartaimse féin duine a d’fhuaimneochadh Fraincis ar dhóigh mhícheart (ach is Briotánach mé). Ach is fíor gur minic a ghníos Francaigh a leithéid. Is tábhachtach le Francaigh ariamh an cruinneas teangtha srl, as siocair as cuid mhór rudaí, thógfadh sé cuid mhaith ama iad a mhíniú anseo - an stair agus an scoil Fhrancach is cúis leis sin, le scéal fada a dhéanamh gairid. Is é ’n fhadhb atá ann, maidir leis a’ Ghaeilg, nach bhfuaimníonn a’ chuid is mó do na múinteoirí Gaeilge, nach bhfuaimníonn siad Gaeilg i gceart agus go dteagascann siad fuaimníocht mhícheart dá gcuid daltaí. Sin a’ rud a chuireas isteach orm. Agus munab fhuil sa Ghaeilg ach Béarla i bhfolach faoi chupla focal Ceilteach, bhuel ní dóigh liom gur maith an rud é. Tá fuaimníocht, gramadach, foclaí agus cora cainte ar leith aige’n Ghaeilg, ba chóir iad sin a choinneáilt in áit iad sin uilig a "Bhéarlú", cé gurb i nganfhios a ghníthear é don chuid is mó. |
|
|
|