Author |
Message |
Caoimhe
Member Username: Caoimhe
Post Number: 1 Registered: 05-2005
| Posted on Wednesday, May 11, 2005 - 10:05 am: |
|
bhuel a chairde, tá an t-am seo den bhliain chugainn arís agus tá scrúdaithe le déanamh agam. Tarlaionn sé i gcónaí domhsa go mbíonn an aimsir galánta agus mé ag déanamh staidéir, ar mire! cibé táim ag iarraidh nótaí a fháil faoi Pádraig Mac Piarais agus tábhacht s'aige maidir leis an ghearrsceál an mbeadh duine ar bith agaibh in ann cuidiú a thabhairt dom? Go raibh maith agaibh! Ina theannta sin, ní thig liom fanacht go dtí go bhfuil siad críochnaithe! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1391 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 11, 2005 - 10:55 am: |
|
Go neirí leat, a Chaoimhe. Ní haon scoláire mé, ach seans go mbeadh eolas éigin anseo dhuit: http://www.ucc.ie/celt/pearse.html Mar shampla: Cathal Ó hAinle (ed), Gearrscéalta an Phiarsaigh (Dublin: Helicon, 1979). (Más i TCD atá tú, ba cheart go mbeadh an leabhar agat, ós rud é gurbh Cathal Ó hAinle an ollamh....) |
|
Caoimhe
Member Username: Caoimhe
Post Number: 2 Registered: 05-2005
| Posted on Monday, May 16, 2005 - 07:33 am: |
|
bhuel táim ag freastal ar Ollscoil Uladh i gCúil Raithin ach rinne mé an scrúdú cibé agus bhí sé maith go leor bhí mé in ann scríobh faoi agus tá súil agam go bhfaighfidh mé torthaí maith! go raibh maith agat as do chuidiú agus go raibh samhradh mhaith agaibh uile! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 331 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 27, 2005 - 11:23 pm: |
|
Bhí mé féin ins an Ollscoil chéarna cupla bliain ó shoin. Beannaigh do Mhicheál O Murchú agus do Shéamas Mac Mathúna thar cionn Lughaidh O hEacháin as a’ Bhriotáin, nuair a tchífeas tú iad :-) Is iad na múinteoirí is fearr dá rabh ’riamh agam. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 50 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 29, 2005 - 03:14 pm: |
|
A Chaoimhe, Cad é mar atá? Tá mé féin ag iarraidh Ollscoil Raithin a thabhairt orm féin ar an bhliain seo chugainn. An bhfuil caighdéan na ndaltaí ard, agus cad é mar atá an cúrsa i gcoitinne? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 337 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, May 30, 2005 - 08:31 am: |
|
Haigh a Aineolaí. Cárb as tú ? an as Gaeltacht Thír Chonaill thú? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1522 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 30, 2005 - 09:30 am: |
|
Chan ea, ach as Ghaeltacht Bhéal Feirste más buan mo chuimhne... |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 340 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, May 30, 2005 - 08:27 pm: |
|
Tá Gaeilgeoirí as Tír Chonaill ina gcónaí i nGaeltacht Bhéal Feirste... :) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1527 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 31, 2005 - 04:16 am: |
|
Tá. Ach creidim gurbh de stoc Bhéal Feirste seachas na Gaeltachtaí aineolaí... Ní scríobhann sé (sí?) anseo ró mhinic - sin an fáth gur thug mise freagra. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 51 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 01, 2005 - 11:52 am: |
|
Sea tá mé i mo chonaí thart faoi Bhéal Feirste. B'andúileach mé sa suíomh seo, ach le cúpla mí anuas, níl an tsuim chéanna agam ann, níl moran á bplé agaibh ar an drochuair, ach tugaim spléachadh ar an chlár phlé o am go ham, le feiceáil cad é a bhíonn air, agus chuir mé suim san ábhar seo. Is í an ghramadach an chéad chloch ar phaidrín Uí Mhurchú ar an dea-uair más fíor na ráflaí? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 345 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, June 02, 2005 - 08:19 am: |
|
Sí, cruinneas na teangtha, deirfinn. Cruinneas gramadaí, an caighdeán (don teangaí scríofa), cruinneas fuaimníochta, saibhreas foclóra srl. An múinteoir is fearr agus is eolaí ar a’ Ghaeilg gan amhras ar bith... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 52 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 02, 2005 - 02:58 pm: |
|
Maidir le cruinneas nach ndeir siad "déarfainn" i nGaoth Dobhair? Agus feicim gur fearr le Dónall Ó Baoill an litriú "teangaidh", in _An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh_. Meas tú an é an galar céanna a rinne "teangaidh" de theanga i gCúige Uladh, agus "Amerikey" de America agus "sody" de "soda" in áiteanna abhus anseo? ;-) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 350 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, June 02, 2005 - 09:45 pm: |
|
Deireann muid "deirfinn" i nGaoth Dobhair (baineann muid feidhm as tamhan na haimsire láithrí), le e gairid agus r caol. Sé, tá ’s agam gur féidir "teangaidh" a scríobh siocair go bhfuil sin níos "stairiúla", mar is maith atá ’s agat. "Teangtha" atá againn sa tuiseal ghinideach. Ach ’s minic a chonaic mé ’n litriú "teangaí", agus is mar sin a scríobhaim é. Há, maidir le hAmerikey, níl’s agam, tá mé ’déanamh go n-abartar a leithéid in Albain fosta. Teangaidh = tuiseal tabharthach stairiúil do "teanga"... (más buan mo chuimhne, agus ceartóchaidh tú mé: Sean-Ghaeilg tengae, tabh. tengaid, gin. tengtha...). Iolraidh againne "teangthacha", gin. iolraidh "teangthach". Amerikey = tuiseal tabharthach stairiúil do "America"? Níl mé ach a’ magadh ar ndóighe :) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 53 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 03, 2005 - 11:37 am: |
|
Cheadaigh mé _Stair na Gaeilge_ agus _An Teanga Bheo_ anois díreach. Deir Art Hughes agus Dónall Ó Baoill araon go n-úsáidtear "déarf-" nó "déarh-" sa mhodh coinníollach i gCúige Uladh, gan aon trácht ar "deirf-". An féidir go bhfuil an coinníollach agus an gnáthchaite á meascadh suas ag do chuid cainteoirí? Tharla sé sin in Albain i bhfad ó shin. (Message edited by dennis on June 03, 2005) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 352 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, June 05, 2005 - 09:30 am: |
|
Tá alt Hughes bunaithe ar staidéir a foilsíodh fá dtaobh do chanúintí. Cha dearnadh staidéar ar chanúint Ghaoth Dobhair go dtí seo, ach amháin maidir leis a’ chomhréir (O Muirí), mar sin dó, ní dóigh liom go bhfaighfeá a dheath fá dtaobh dó sin i leabhar ar bith. Mar shampla, ní dóigh liom go bhfaighfeá "tíhe mé" (feicfidh mé) i leabhar ar bith ach an oiread: níl sé in "An Teanga Bheo" ná i Stair na Gaeilge, ach tá sé ann siocair gur chuala mé i nGaoth Dobhair é (ó bhean na leabharlainne bige ’tá thuaidh i nDoirí Beaga). Is é ’n rud atá ann nach bhfuil achan leagan le fáil ins na leabharthaí: is iomaí rud a deirtear sa Ghaeltacht nach bhfuil sna leabharthaí go fóill... Léigh mé nó chuala mé "deirfidh mé" agus "deirfinn" áit ineacht, más i leabhar a chonaic mé é, chan cuimhin liom cad é ’n leabhar atá ann. Muna mbeinn cinnte dó cha mbainfinn feidhm as :-) (Message edited by Lughaidh on June 05, 2005) |
|