|
|
|
Author |
Message |
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 67 Registered: 12-2004
| Posted on Sunday, May 01, 2005 - 08:25 pm: |
|
tá mé ag déanamh aistriúchán ciotach de murder mystery kit darbh ainm 'The Brie,the Bullet agus the Blackcat'. agus tá sé rud beag dheacair dhom -- go mór mór mar go bhfuiltear ag iarraidh blás droch fraincíse a chur ar gach rud sa script agus ag déanamh a lán tagairtí nathanna cainte ón scannán Casablanca. Ach tá gach duine ar bís chun an triall a bhaint as pé scéal é agus nuair atá sé críochnaithe againne, má oibríonn sé go maith, tabharfaidh mé an packet go léir go éinne atá ag iarraidh triall a bhaint as. Mura bhfuil a fhios acu cad atá i gceist le 'dinnéar murder myster' -- inseoidh mé daoibh. Tá boscaí,saghas dinner party kits ar fáil agus tagann dáréag le chéile chun dinnéar a bheith acu le pearsantachta daoine nua bhaiste orthu agus, deirtear leo ón tdús gur bhfuair duine acu bás agus go gcaithfídh siad (i rith an dinnéir siúd) fháil amach cé a rinne an gníomh. Tá gach dinner guest ina nduine amharasacha, mar sin. Tá an kit seo cheannaithe agam agus tá mé ag iarraidh Gaeilge a chuir ar an rud iomlán anois roimh de Domhnaigh seo chugainn! Tá dhá cheist tábhactach agam. 1. tá cúpla líne sa script amadeach seo mar 'you were cheating on your wife' nó 'he was having an affair', nó 'they were having an affair'. Nuair a bhí mé ag iarraidh fháil amach conas a déarfá é seo i nGaeilge ní raibh a fhios ag éinne, nó ní raibh éinne sa dream sa club Conradh na Gaeilge in ann admháil go raibh a fhios acu conas é sin a rá, ar a laghad . . . Dúirt bhean amháin 'bhí siad ag siúil amach lé chéile' ach ní chuireann sé sin míneadh i gceart ar 'they were having an affair' i mo thuairimse. Agus tá sé sin rud beag tábhactach dén plot, an dtuigeann sibh? Rud ar nós sobaldráma amaideach atá i gceist agus an bhfuil barúil ag éinne conas gur féidir liom é sin a rá nó does the concept not exist as Gaeilge???? Ceist a dó a dhaoine uaisle, foighneacha, ná an bhfuil aon seanfhocail ar eolas agaibhse mar 'what's good for the goose is good for the gander' Fear atá ag rá 'bhuel, bhí do mháthair ag cheating on mé cén fáth nach mbeidh mé ag cheating on her'. Sin deireadh mo cheisteanna amaideacha seo, agus tá an-bhrón orm -- tá a fhios agam go bhfuilim ag lag-ú caighdeán na cháinte seo, ach níl aon neart air, mar níl mé in ann murder mystery a scríobh mé féin go fóill agus caithfidh mé cloí leis an rud atá cumtha acu sa bhosca teoranta seo cheana féin! Beidh mé ag tnúth le bhur gcomhairle, mar is de gnáth agus má tá duine ar bith thart ar an Domhnach i mBAC le suim ár n-iarracht 'who-done-it' a fheiceáil, cúir glaoch nó téacs chugamsa ar 0872583067 Colleen |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1318 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 02, 2005 - 04:53 pm: |
|
Bhíodar ag bualadh craiceann Bhí caidreamh adhaltrach acu Tá an seanfhocal úd ann, ach ní ritheann sé liom anois. |
|
An Ghé Fhiáin Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 02, 2005 - 07:09 pm: |
|
Ní sia gob an ghé ná gob na ghandail. What's sauce for the goose is sauce for the gandal. cucól - cuckold Rinne sí cucól de. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1321 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 03, 2005 - 06:24 am: |
|
Sin an ceann a bhí ag ealú uaim, a Ghé. Maidir le "cheating" céard faoi "Bhí sé/sí mídhílís di/do" |
|
|
|