Seathrún Unregistered guest
| Posted on Thursday, April 14, 2005 - 06:21 pm: |
|
An bhfuil a fhios ag aon duine an bhfuil briathra frásacha (i.e. briathar + réamhfhocal nó + dobriathar treo, srl.) sa Bhriotáinis agus sa Bhreatnais? |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 268 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, April 15, 2005 - 11:36 pm: |
|
dTig leat samplaí a thabhairt domh ? (i nGaeilg féin); Beidh mé ábalta thú a fhreagairt nuair a deirfeas tú liom cad é ’tá i gceist agat - tá eadar Bhriotáinis agus Bhreathnais agam. |
Seathrún Unregistered guest
| Posted on Sunday, April 17, 2005 - 03:46 am: |
|
A Lughaidh, a chara, Seo roinnt samplaí den chineál briathair atá i gceist agam: BAIN AMACH, BAIN AR, BAIN AS, BAIN DE, BAIN DO, BAIN FAOI, BAIN LE, srl. Is é sin, briathar + réamhfhocal nó dobhriathar treo. Seo cur síos orthu sa leabhar RÉAMHFHOCAIL LE BRIATHRA NA GAEILGE (a scríobh Dónall Ó Baoill agus Tomás Ó Domhnalláin) cé nach n-úsáidtear an téarma 'briathra frásacha' sa leabhar le tagairt a dhéanamh don chineál seo briathair: "Bíonn abairtí eile ann, áfach, agus nuair a úsáidtear réamhfhocal simplí áirithe le briathar áirithe iontu, bíonn brí nó ciall ar leith leis an aonad seo den bhriathar agus den réamhfhocal. Cuirtear an bhrí seo in iúl go minic i dteangacha eile le briathar aonair. Sa Ghaeilge cuirtear briathra agus réamhfhocail le chéile mar shaghas aonaid a mbíonn ciall faoi leith leis." Dála an scéil, fuair mé amach ó chainteoir Breatnaise le gairid go bhfuil a leithéid seo de bhriathar sa Bhreatnais agus bheadh iontas orm mura mbeadh siad sa Bhriotáinis chomh maith. Go raibh maith agat, Seathrún |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 273 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, April 17, 2005 - 09:21 pm: |
|
Tá a leithéidí sin in achan teangaí, tá mé ’meas. Tá a leithéidí sin le fáil i mBriotáinis fosta. Mar shampla: monet = a ghabháil. unan bennak = duine ineacht (éigin) monet d'ur lec'h = a ghabháil go háit monet da unan bennak = ionsaí a dhéanamh ar dhuine. (da = do, chuig) kas unan bennak = duine a thabhairt (go háit ineacht) kas arlerc’h unan bennak = duine a lochtú (arlerc’h = i ndiaidh. Focal céanna le ar lorg/àr lerc’h, sanasaíocht chéanna) Srl. |