Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, April 12, 2005 - 04:31 am: |
|
Ar cheart an Béarla a bheith ina ábhar roghnach ag gach dalta scoile in Éirinn? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1262 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, April 12, 2005 - 05:21 am: |
|
Cuireann an caint uilig ar ábhair roghnach cantal orm. Seafóid amach is amach atá ann. Níl ábhar ar bith roghnach sa bhunscoil. Agus is gnách sa mhéanscoil nach mbíonn ábhar ar bith roghnach go dtí an teastas sóisearach (méanteist mar a bhíodh) toisc gurb iad an scoil a roghnaíonn na hábhar agus an trathclár. Tá buntáiste againn sa tír seo sa mhéid agus gurbh gnáthrud é 8 ábhar a bheith ag duine don Ardteist, agus meascán mhaith de teangacha, eolaíochtaí nadúrtha agus eolaíochta daonna ina measc. Tá an rud uilig seo faoi ábhar roghnach chomh paróisteach.... |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 491 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, April 12, 2005 - 07:30 am: |
|
Níor cheart. Sé Béarla an teanga a n-úsáidfaidh formhór na ndaltaí le teagmháil ar feadh a saol iomlán -- mar sin is maith go ndírítear air ar scoileanna. Sin ráite... ní féidir liom rá gur chabhair mo ranganna Béarla liom go rómhór... forbraíodh formhór mo Bhéarla trí leabhair téacs a léamh, 's trí fhéachaint ar theilifís, faoi eolaíocht agus araile. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, April 12, 2005 - 10:03 am: |
|
>> Sin ráite... ní féidir liom rá gur chabhair mo ranganna Béarla liom go rómhór... forbraíodh formhór mo Bhéarla trí leabhair téacs a léamh, 's trí fhéachaint ar theilifís, faoi eolaíocht agus araile. Is cur amú ama, dar liom, a bheith ag múineadh Béarla i gcóras oideachais an Bhéarla atá ag feidhmiú i gcomhluadar báite Béarla na Galltachta in Éirinn agus i dtíortha eile atá chomh dona linn. Tá na gasúir ar maos i mBéarla ar nós a gcuid múinteoirí, ar nós a dtuismitheoirí agus ar nós a gcairde thart orthu. Tá Béarla i ngach áit, ar Raidió na Gaeltachta in Éirinn fiú amháin. Cur amú ama agus iarrachta an Béarla seo go léir san iliomad tíortha. Ba cheart deireadh a chur leis an seanchóras oideachais abhus atá báite le Béarla ó bunaíodh an dá stát Bhéarla in Éirinn. Is iad na teangacha eile an ball lag atá orainn mar dhream agus an síordhiúl Béarla is bonn leis. Ba cheart gasúir na hÉireann a chur ag foghlaim na Spáinnise agus na Sínise i gcóras oideachais Gaelscolaíochta agus teangacha eile lena gcois. Córas Gaelscolaíochta claonta i dtreo an dá theanga eile an córas is ionmholta dar liom. A thúisce a thosóidh oideachasóirí ag trácht air is ea is fearr é. Is é sin, córas naíonra Gaeilge, á leanacht le trí theanga ón mbunscoil ar aghaidh: An Ghaeilge, an Spáinnis agus an tSínis. Ba cheart leaganacha éagsúla den chóras sin a bheith ar fáil i gcathracha na tíre: An Ghaeilge, an Fhraincis agus an tSínis; An Ghaeilge, an Ghearmáinis agus an tSínis; An Ghaeilge, An Phortaingéilis agus an tSínis; An Ghaeilge, an Rúisis agus an tSínis srl. Níl an Indis ná an Bheangailis scaipithe chomh forleathan leis na teangacha eile thuas go fóill, ach níor cheart neamart a dhéanamh iontu ach oiread. Tá cainteoirí na dteangacha sinn inár measc cheana féin agus ba cheart dúinn freastal orthu anois, mar gurb iad a chuirfeas dlús le gnéithe tionscail agus cultúir leis an taobh sin domhain an chéad ghlúin eile. Ba cheart litríocht an Bhéarla a roinnt le cách sa mheánscoil agus san ollscoil. Slán le hoidhre an mhurdairmheaisín: an 'leathmhurdarmheaisín'! |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 211 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, April 13, 2005 - 02:55 pm: |
|
У праву си, Jосифе, без икакве сумње. Ai dreptate, Iosife, fără nici o îndoială. Έχεις δίκαιο, Ιωσήφ, χωρίς καμμιάν αμφιβολία. Tha thu ceart, a Eòsaiph, gun teagamh sam bith. (Message edited by Peadar Ó Gríofa on April 13, 2005) Peadar Ó Gríofa
|
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Thursday, April 14, 2005 - 05:29 am: |
|
Tapadh leibh a Pheadair. Is cosúil go bhfuil dúil mhór agat i dteangacha a bhfuil an litir 'r' iontu (chomh maith leis a' Ghàidhlig)! |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 212 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, April 14, 2005 - 02:43 pm: |
|
Ρο μόρ α' τοιλ. Όρω, ρό ιουρ μπωτ, τζέντλυ νταουν δε στρειμ... Peadar Ó Gríofa
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 103 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, April 14, 2005 - 03:38 pm: |
|
Ан-хлыжте. Молодец! |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 213 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, April 14, 2005 - 05:07 pm: |
|
Спасибо. Peadar Ó Gríofa
|
|