Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Monday, March 21, 2005 - 04:07 am: |
|
Bhíos ag fanacht le bus ar maidin i gCaisleán Uí Chonaill, Co. Luimnigh. Chonaic mé bean ag siúl anuas an bealach agus bheannaíos di. 'Dia duit a bhean mhaith' a dúras. 'Dia is Muire duit' a deir sí. An lá nach aon údar iontais freagra mar sin i nGalltacht Éireann, beimid ceart. Sin é mo scéala. |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 39 Registered: 12-2004
| Posted on Tuesday, March 22, 2005 - 06:26 am: |
|
Chuaigh mé go Glasnevin chuig Garraí na Lus i mBleá Cliath an tseachtain seo caite le mo chara as Philadelphia. Bhí léacht faoi crainn na hÉireann fógraithe san iris-clár 'Seachtain na Gaeilge'. Toisc go raibh muid ag caint le chéile i nGaeilge le chéile an maidin ar fád agus toisc gur Seachtain na Gaeilge a bhí ann, d'iarr mé ar an duine sa bosca eolais go gealgháireach in nGaeilge go raibh muid ag lorg an léacht sin. Thosaigh sé stammeráil i nGaeilge nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon Ghaeilge aige. Ach cé gur raibh a aghaidh ag deargadh agus ionadh an domhain air go raibh muid ag caint leis i nGaeilge, ní raibh fearg air. Thosaigh mé ag caint le mo chara agus muid ag lorg tuilleadh eolais sa brochure seo ar feadh cúpla nóiméad. B'amhail a fhios nach raibh Béarla againne agus muid ag iarraidh freagra ár gceist a fháil linn féin sa brochure in áit ceist a chuir as Gaeilge, ach tharla sé sin go nádúrtha, ní hé go raibh muid chomh daingean seo gan Béarla a úsáid. Go tobann chuala mé guth an fhir seo nach raibh aon Ghaeilge aige a rá linn 'Dá dtéann sibh isteach an oifig sin, bheadh a fhios acusan.' agus lena lámh ag treorú cá háit a raibh an oifig eolais. Sin duine de na daoine nach bhfuil ach cúpla focal aige -- agus dúirt mé leis, conas go bhfuil tú ag rá linne nach bhfuil ach cúpla focal agat agus tú ag caint sa modh coinníollach gan stró? Bhí sé soléir go raibh sé an bhródúil as féin agus bhí mise breá sásta leis an turas chuig na garraí lus -- just mar gheall ar an comhrá bheag seo -- cé go raibh an léacht curtha ar cheal! |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, March 22, 2005 - 07:12 am: |
|
Mo thrua leat faoin léacht a cealaíodh ach tréaslaím leat an Ghaeilge a mheall tú ag an mbord/bosca eolais. Déarfainn gur spreag tú mo dhuine lena spéis sa Ghaeilge agus lena chumas cainte Gaeilge a threisiú. ..... cé go raibh a aghaidh ag deargadh/lasadh ... 'An áit a mbíonn náire, bíonn grásta', deir siad. ..... Bhí sé soiléir go raibh sé an-bhródúil as féin .... Rinne tú a leas. Maith thú. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 86 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, March 22, 2005 - 10:20 am: |
|
Ní fheadair an bhfuil clár plé eile áit éigin agus daoine ag caint as Béarla faoi na daoine craiceáilte a labhraíonn leo as Gaeilge! Go raibh ábhar cainte go leor acusan! |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, March 22, 2005 - 04:26 pm: |
|
Ceist an-mhaith a Shéamais. Is cinnte go n-imríonn na heachtraí orthu siúd, muintir an Bhéarla, chomh maith. Bhí bean as Árainn ag caint liom inniu faoi ghaol léi in ospidéal i mBÁC, a tháinig slán buíochas le Dia. Nuair a tháinig an aithne ann arís agus as an méid cuairteoirí a bhí chuige is uaidh roimhe sin, thuig an lucht leighis gur chainteoir dúchais Gaeilge é an t-othar. Ba léir an t-ionadh orhtu a deir sí agus an dáimh a bhí acu leis. Ní dóigh liom go dtuigeann muintir na Gaeilge a gheanúla is a bhíonn muintir Bhéarla na hÉireann nuair a airíonn siad Gaeilge thart orthu. Drochaltanna nuachtáin is bun leis an míthuiscint measaim. Fear óg as Meiriceá a labhair Gaeilge liom ar an mbus anseo tráthnóna, fear nach bhfuil ag foghlaim ach le leathbhliain, ach chuirfeadh sé ionadh ar dhuine a bhfuil de Ghaeilge aige cheana féin. Bhí comhrá beag againn ag tús an aistir. Bhraitheas gean an chomhluadair ar bheirt againn uair eile inniu tharla gur bhrúigh mé Breatnais 'a chodlaigh amuigh' ar fhear as an tír sin. Chuir mé a shá ionadh air, fiú má deirim féin é, ach ba léir gur thaitin sé leis an gcomhluadar, Éireannach agus iníon an Bhreatnaiseora, gur i mBreatnais a bhí Gael is Cuimreach ag comhrá. Is trua mór é nach labhraíonn muintir na Gaeilge an teanga leis an bpobal sa timpeall. Ní fios an draíocht a imríonn an cúpla focal ar an dream a chloiseann í. Tá daoine go leor, muintir an chúpla focal, atá faoi íota Ghaeilge i rith an ama. Mura bhfuil ann ach an cúpla focal, is tús é. Bíonn a leithéid lag, deirtear linn, ní hionann is a thoradh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1176 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, March 23, 2005 - 08:59 am: |
|
Bean eile. Bhíos ag caint le seirbhís gutháin Banc na hÉireann díreach anois. Ní dhearna an bhean praiseach de mo shloinne (mar a déantar de ghnáth). D'iarr mé uirthi, mar sin, an raibh Gaeilge aici. Dúirt sí go raibh "béagan" agus bhí comhrá bheag againn. Bhraitheas go raibh sí sásta (agus bródúil) gur chuireas an forrán uirthi. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 87 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, March 23, 2005 - 10:31 am: |
|
Ní mór dúinn Lá 'Mol an Gaeilgeoir (agus labhróidh sé)' - b'fhéidir in ionad Sheachtain na Gaeilge! |
|
|