mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (March-April) » Archive through April 03, 2005 » "Borradh eile i gComhluadar agus i nGeilleagar Ghaedhealtacht Mhuigheo" « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Liam Réamonn a scríobh)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, March 11, 2005 - 08:15 am:   Edit Post Print Post

Borradh eile i gComhluadar agus i nGeilleagar Ghaedhealtacht Mhuigheo

- bunaithe ar Alt ar an Nuachtán SAOL (Márta 2005)

An Dr Liam SS Réamonn

1) Tá scríobhtha ag scoláirí, le fada an lá, ar stair agus ar thionchar na gCeilteach ar an Eoraip agus ar áiteachaibh eile, soir go dtí an Ind fiú. Tig le daoinibh léamh ar chúlú an chultúir, go mór-mhór in Eirinn, agus é tugtha le tuiscint, b'fhéidir, nach bhfuil éaló as seo. Is annamh a fhaightear tuairimí lucht labhartha na Gaedhilge, ámh, ar cá mbeadh a dtriail.

Annseo i gCeathrú Thaidhg, Co Mhuigheo, táimid ag saothrú ar aghaidh, ar ár ndícheall, an saibhreas cultúrtha 5,000 bliadhain atá inár bhfuil a dhaingniú don chéad ghlúin eile, mar fhíor-bhéaloideas ghlan bheo.

2) Sa chéad dul síos, tá sé mar aidhm againn geilleagar Gaedhealach do threisiú, le hancaire don chultúr do chur síos. Chun pleanáil a dhéanamh i gceart, caithfear tosnú leis an aos óg. Cuireadh Naíonra Ghleann na Muaidhe, seirbhís réamhscoilíochta trí Ghaedhilg, atá á reachtáil ag an bpobal áitiúil, ar bun i Mí Dheireadh Fómhair, 2001, le freastal ar riachtanais na bpáistí. Múineann an Naíonra do pháistí na háite máguaird an tábhacht atá ag léann is teangain. Cinntíonn sé ina naigne siúd gur ábhar bróid é ord traidisiúnta Gaedhealach a thabhairt chun cinn ina dteaghlach. Mar aitheantas ar an obair seo, bronnadh an gradam AIB "Better Ireland Programme" ar choiste an Naíonra i 2001.

Taobh leis an scoilíocht, táimid ag síor-smaoineamh ar cad a dheinfeas na páistí nuair a fhágfas siad na leabhair taobh thiar díobhtha. Ag cur le gníomhaíochtaí eile idir chamáinibh againn sa cheanntar, tá ceannairí áitiúila ag cumadh ghnó úrnua san earnáil turasóireachta cultúrtha.

3) Táimid anois chun turasóireacht chultúrtha d'fhorbairt le tíorthaibh a raibh ceangal acu le hÉirinn an uair a bhí an tsibhialtacht Ghaedhealach gan truailliú. Ní fios do sciar maith de mhuinntir na hÉireann beocht na hÓidhreachta Ceiltí atá ar Mhór-roinn na hEorpa - ó aimsir Chríost ar aghaidh. Cailleadh an chuimhne sin ag an gcuid is mó dínn nuair a cailleadh an meon is an dearcadh Gaedhealach, tráth an Ghorta Mhóir. Narb iontach an rud dá mbeadh turasóireacht is idirghabháil arís ann idir Lár na hEorpa is an Ghaedhealtacht.

Fá réim an Aontais Eorpaigh - agus na féidearachtaí nua ata ag eascairt dá bharr - ceapaimid go bhfuil an t-am dearg ann an seanchairdeas agus an gnó idir Ghaedheal agus Eorpaigh (.i. Franncaigh agus Gearmánaigh sa chás seo) d'athfhuascailt. Éabhlóid eile i bhféin-mhuinín Gaedhealach í seo; éirí suas arís le cinntiú go "gcluinnfear ár nguth" arís. Seo focal díreach uainne, ar linn iad an stair agus an cultúr agus an oidhreacht Cheilteach.

(Go bhfeice tú, le do thoil, an cúlra soiléir dár gcuid smaointe ar ár suíomh idirlín.)

4) Creid é, gan amhras ar bith, go gcuirfí fáilte fosta, i slí ar leith, roimh fhíor-Ghaedheal ósna Stáit Aontaithe a thiocfadh chugainn. Daoine dár gcuid fhéin a thiocfadh ar ais, céad caoga bliadhain d'éis dá muinntir teitheadh faoi bhrón as a dtír chun dul go dtí an tOileán Úr, an scrios agus an Dubh ar gach taoibh. Ba chóir é agus ba rómánsach go bhféadfaí an teanga a threisiú le tacaíocht uatha siúd.

5) Lenár bhfeallsúnacht maidir le neart ó chultúr agus geilleagar d'fhorbairt, tá sé ar intinn againn turasóireacht a dhéanamh sinn féin, ar ais go háiteachaibh i sean-tír bhaile na nGaedheal san Eoraip - a bhfuil cuimhne mhaith ag daoinibh iontu sin orainn go dtí an lá atá indiu ann. Áiteacha, mar shampla, a ndeachaigh N Fiachra (de Meaux sa bhFrainnc) agus N Cillian (de Würtzburg sa Ghearmáin) ar ais chucu, na bliadhanta móra fada ó shoin.

6) É seo go léir ráite, cinnte dá mbeadh focal comhairle dúinn ó éinne desna Daltaí agaibh dúinn annseo, bheimis buíoch as. Bealach úr dúinn an bealach ar a bhfuilimid agus ar a bhfuilimid le faobhar.

www.gaeltacht.info

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, March 11, 2005 - 08:42 am:   Edit Post Print Post

Fáiltím roimh an suíomh sin faoinár mbráid idirlín a dhuine.
Is mithid rud mar é a bheith ar fáil san áit, áit a bhfuil saibhreas sainiúil ar leith ann go fóill.

Guím gach rath ar Ghaeltacht Dhú Chaocháin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

'dj@ks
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, March 12, 2005 - 11:01 am:   Edit Post Print Post

'www.gaeltacht.info'
-Liam Réamonn

An raibh aon duine anseo i gCeathrú Thaidhg riamh? Agus, an bhfuil na teanga tréan?

Has anyone here ever been in Ceathrú Thaidhg? And, is the langue strong?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Réamonn a scríobh
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 16, 2005 - 10:20 am:   Edit Post Print Post

Do: dj@ks

Áit sách iargúlta í Ceathrú Thaidhg. Tá comhluadar de b'fhéidir 400 daoine inti. Ag an ócáid 'Trófaí agus Duaiseanna 2004' de Ghlór na nGael i bPáirc a' Chrócaigh (5/Márta/2005), bhuaigh an ceanntar an chéad duais ag leibhéal 3: is é leibhéal 4 an ceann is áirde. Taobh le seo, 'tchífidh tú leabhar dátheangach ar díol i siopa an tsuímh www.gaeltacht.info 'Logainmneacha agus Oidhreacht Dhún Chaocháin'. Foilsiúchán galanta doimhin é seo, saothar de dhornán mhaith de blianta, nach bhfhaighfidh na húdair cianóg rua as: ba dheontas do mhuinntir na hÉireann é seo, obair ghráidh. Obair láidir, Ghaelach.

The Living Communities Movement, firmly founded on principles of traditional Gaelic culture, aims to promote opportunities for self-reliance in the remote Gaeltacht area of Ceathrú Thaidhg. The core idea is to engender cultural tourism, in both directions, between Gaelic Ireland and countries with which we have had strong cultural liaison in times gone buy. For example, it has been agreed in principle that the Bishop of Würtzburg, Germany, would bless a group from Ceathrú Thaidhg, on the very spot where Saint Killian was martyred, in the Dark Ages.

The movement represents a unique, perhaps romantic determination by a small community to establish the relevance of its identity to today's world. Initial investigations, with people in Kerry and Cork, would indicate that Gaeltacht areas in these counties would join up too, once the flow of tourists began. Irish can come truly to life again if the people, especially the children, feel confident about it.

To American Irish who after all, in times of extraordinary hardship and heroism, brought much of what remained of the Gaelic spirit to the 'New Island' with them, we say that their goodwill towards us is more than important. Let those who can speak Irish please put it to good use right here, so that our young children will know the value of their tongue. In addition let anybody, who understands marketing, please advise us on that subject. [Our website receives over 5,000 hits/month but not from our niche markets (mainly travellers from France, Germany and from Gaeldom in Ireland, England and the US.] Let all the Gael strive together to 'Undo the Famine!'.

Liam Réamonn

Do: An tUas Seosamh Mac Muirí

'Sé bunú 'Ghluaiseacht na gComhluadar beo' ceann desna hiarrachtaí is déanaí ag muinntir na Gaeltachta an fód a sheasamh (mar a dúirt an tAth Peadar Ó Laoghaire) agus a gcultúr a threisiú, sa chéad áit ar mhaithe le muinntir na Banríona, Éire, annseo ar an oileán agus i gcéin.

Is Gluaiseacht shóisialta de chineál úrnua í, ag an am gcéanna, ina n-iarrann mionlach beag tréan a sheasamh tréigthe a threisiú tré chairdeas do chothú le ciníochaibh a raibh idir-ghabháil leobhtha nuair a bhí Gaelachas in áirde cáile, idir-ghabháil a ceilliúrtar i gcónaí sna tíorthaibh seo, ach ní a thuilleadh in Éirinn. Ní annseo mar nuair a thit crann na tubaiste orainn, le linn a' Ghorta Mhóir, ligeadh an bród, an dearcadh, agus na cuimhní cinn Gaelacha le sruth.

Cha rabh Fionn Mac Cumhail le gabháil in éag ar a nglúnaibh: sin an spioraid Cheilteach. Bhí sé luachmhar sa tsean-am is tá sé luachmhar indiu. Tá an Ghaedhilg agus staidéar acadúil uirthi sna leabharthaibh oll-sgoile cinnte. Ach annseo, i gCeathrú Thaidhg, tá an Ghaedhilg bhinn bhlasta le cloinstin, mar cheol, i mbéalaibh pháistí, mar a bhí ariamh. Nach péarla thar ór é seo.

Liam Réamonn

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

'dj@ks
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, March 17, 2005 - 11:51 am:   Edit Post Print Post

Oui. Ba mhaith liom gur a teanga lean ar aghaidh i gCeathrú Thaidhg agus in Éirinn.

Creidim go bhfuil a pobal príomha. Fuair Gaelach bás nuair a fuair cultúr na hÉireann bás. Nuair an tuairim teacht ar ais, tiocfaidh an teanga abhaile.

Yes, I'd love to see Irish continue on in Ceathrú Thaidhg and in Ireland (tho the sentiment sounds weak in English!). Down went gaeilge when the cuture de irelande went. When belief is called back, so will the langue (for those communities that wish it so).

I believe that a community is the base for a langue (even if the community is non spatial specific such as the net, but functionally a network with a communication code). Done in the ollscoileanna is fine enough, but it is better 'i mbéala pháistí'; béala beo, teangaí beo, teanga beo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Teachtaire
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, March 21, 2005 - 06:07 pm:   Edit Post Print Post

· Dún Chaocháin CD ROM (€15 incl P&P)
· Book entitled ‘Placenames and Heritage of Dún Chaocháin / Logainmneacha agus Oidhreacht Dhún Chaocháin’ (€20 incl P&P)
http://www.gaeltacht.info/siopa.html

Tugtar cuireadh do thaistealaithe agus turasóirí teacht ar Saoire de chineál nua - go dtí tír an chine Cheiltigh is sine agus is gile atá inniu ann.

Les voyageurs et les visiteurs sont invités à expérimenter un nouveau genre de vacances sur la terre du plus ancien et du plus pur peuple celte d'aujourd'hui: le Gaeltacht.

Reisende und Besucher sind zu einer neuen Art Urlaub eingeladen - in das Land der ältesten und ursprünglichsten Keltischen Bevölkerung von heute: die Gaeltacht.

Liam Réamonn


Treasa Ní Ghearraidh


Marianne Odendahl

Labhraíonn Marianne Fraincis agus Gearmáinis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An Dr Liam SS Réamonn
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, March 25, 2005 - 05:00 pm:   Edit Post Print Post

A Chairde Ghael

Buíochas mór dhíbh a scríobh ar ais chugam mar gheall a a bhfhuil eadar chomáinibh againn i nGaeltacht Mhuigh Eo. Bígí cinnte de go bhfuil Gluaiseacht na gComhluadar Beo ag obair léithe na laethanta seo.

Táimid chun an Ghluaiseacht a sheoladh go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath, i dTeach an Ard-Mhoara (Sr Dawson), an mhí seo chugainn. Is é an tÚasal Andrew Montague, an Leas-Ard-Mhaor a chuirfeas seomra ar fáil dúinn chuige seo. Gabhaimd ar mbuíochas leis as seo. Taispeánann sé chomh díograsach is atá daoine ar fud na tíre dár gcultúr náisiúnta. Can fhuil an dáta socraithe agam go fóill ach ba thábhachtach an lá sin dúinn atá gníomhach an teanga a threisiú.

San am céanna, táimid chun an suíomh www.gaeltacht.info a fheabhsú go mór i rith na míonna seo chugainn agus teicneolaíocht níos nua-aimseartha a úsáid leis an teachtaireacht a chur trasna. Fear a bhfhuil cónaí air i Strandhill, (Sligeach) a dheinfeas an chuid is mó den obair sin dúinn - Klaus Fischer a ainm (www.seadesign.net), saineolaí a bhfhuil dúil mhór aige sa Ghluaiseacht.

Taobh le seo uilig, táim ag smaoineamh ar conas campa oibre a eagrú agus a mhaoiniú i Muigh Eo - le gasúir ónsa na Gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus gasúir ón nGaeltacht. Ba mhór an tioncar cultúrtha a mbeadh ag óglaigh na cathrach, atá go dian ar son teangan, ar óglaigh na háite, nach fios dóibh an mheanmna atá ag daoine ón nGalltacht.

Whether it's (i) launching our Living Communities Movement from the Mansion House in Dublin, thanks to the commitment of the Deputy Lord Mayor to his country, (ii) substantially up-grading the website in the coming months or (iii) organising a work camp with local youths and culturally committed youths from Dublin Gaelscoileanna, we can only hope that we can get the necessary momentum going to help to strengthen the position of the Irish language and culture.

All that our people on this island want to see is something which is feasible and which works. We are a Movement which operates from the ground up and we'll give this one our best shot. Ideas and criticisms are always welcome. Go n-éirí libh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 183
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, March 27, 2005 - 05:24 pm:   Edit Post Print Post

Go n-éirí agus libhse, a Liam. Tá súil agam go dtugann agus go dtiubhraidh an dá dhream faoi deara gur fíor-lárchanúint bheo nádúrtha í Gaeilge Iorrais. Nárbh amháin sa gcomhluadar agus ins an ngeilleagar a bheas an borradh, ach i bhfoghlaim agus i labhairt na canúna sin chomh maith. Má mharaítear canúintí na Gaeltacht, maróchaidhear an teangaidh ar fad, mar is iontu atá an tuiscint, an bheocht agus an saibhreas uilig, agus is uatha atá na rudaí sin le fáil.

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 199
Registered: 01-2005
Posted on Friday, April 01, 2005 - 02:39 pm:   Edit Post Print Post

"Níl ort ach beagáinín staidéir a dhéanamh ar na natháin, a bhfuil an oiread sin acu againn, agus tuigfidh tú nach eolas beag ná suarach a bhí ar ár sinsear ar ghníomhú na haigne, eolas nach inniu ná inné a fritheadh amach é agus atá i mbéal na ndaoine gach leathuair sa lá. Agus ní i mbéal lucht léinn agus leabhar is mó atá sé ach an oiread, ach i mbéal na ndaoine a n-abartar ina dtaobh nach bhfuil aon oideachas orthu, de bhrí nach bhfuil siad in ann scríobh nó léamh, b'fhéidir."

— Seán Ó Ruadháin, “An Mothall Sin Ort”

Peadar Ó Gríofa



©Daltaí na Gaeilge