mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Meiriceánaigh ag teastáil « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Colmán
Member
Username: Colmán

Post Number: 4
Registered: 03-2005
Posted on Friday, March 11, 2005 - 05:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cén fáth nach bhfuil Gaeilgeoirí na Stát ag cur le litríocht agus le hiriseoireacht na Gaeilge? D'fheicfeá corrphíosa ar 'Beo' ach diabhal rud eile. As Meiriceá a tháinig an
chéad nuachtán Gaeilge - An Gaodhal - sna 1880í ach b'in é a mbuaic de réir dealraimh. Bheadh scata ann anois féin agus é ar a gcumas píosa slachtmhar a chumadh dá
mb'fhiú leo é. Is dícheallaí na hAstrálaigh féin i mbun pinn cé gur lú a líon. An teanga ag leathnú go ciumhais na cruinne agus gan aon bhlas Poncánach fós uirthi.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted on Friday, March 11, 2005 - 09:32 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fóill, fóill a Cholmáin, tá roinnt mhaith déanta ag Séamas ó Neachtain http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/danta/dantanua.htm agus ag James Mc Cluskey http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=72&products_id=1 876
gan trácht ar shuíomhanna idirlín a bheith cruthaithe ag go leor eile nach iad.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 80
Registered: 11-2004
Posted on Friday, March 11, 2005 - 10:23 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mar a dúirt Eyore, go raibh maith agat as mise a thabhairt faoi ndeara!

Ná déan dearmad ar mo leabhar!
http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/danta/

Bhí sraith alt agam in Lá tamall ó shin, agus scríobhaim gach ré mí don National Hibernian Digest, freisin
(féach http://www.scoilgaeilge.org/t_na_t/index.htm), cé nach mbíonn ach píosa de sin as Gaeilge.

Tá dánta eile ann le mo chara Réamonn, freisin, ag
http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/danta/roc_danta/ray.htm

Ní féidir an méid atá ann a thomhas ó a mbíonn foilsithe in Éirinn (Beo, mar shampla), mar brathann sin ar na heagarthóirí, foilsitheoirí, agus eagrais an rialtais, agus níl sé éasca in aon chor briseadh isteach.

Tá irisleabhar Gaeilge Meiriceánach ag teacht, agus tá roinnt ann cheana féin:
http://www.nagaeilmagazine.com/

Go raibh maith agat as an gcureadh, a Cholmáin!



(Message edited by séamas_Ó_neachtain on March 11, 2005)

(Message edited by séamas_Ó_neachtain on March 11, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 11
Registered: 02-2005
Posted on Friday, March 11, 2005 - 11:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scríobhann Seán O'Connor, Meiriceánach a rugadh i mBÁC agus a bfhuil cónaí air i gConnecticut le fada, scríobhann seisean gearrscéalta a nochtann sna irisí litríochta ó am go ham. Tá cóip de "Comhar" (Nollaig 2004) agam anseo a bhfuil scéilín leis, "Oíche Chinn Bliana 1944", ann. Taitníonn a chuid oibre liom.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 82
Registered: 11-2004
Posted on Friday, March 11, 2005 - 01:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is scríbhneoir den scoth é Seán, cinnte. Má tá inimircigh san áireamh, tá Muiris Ó Bric ann, a scríobh an leabhar iontach 'Spotsholas na nDaoine,' freisin.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge