mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (March-April) » Archive through March 11, 2005 » ANOCHT ar RTÉ ! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Daithí_mac_lochlainn
Member
Username: Daithí_mac_lochlainn

Post Number: 11
Registered: 01-2005
Posted on Friday, February 25, 2005 - 12:05 pm:   Edit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 42
Registered: 11-2004
Posted on Friday, February 25, 2005 - 12:32 pm:   Edit Post Print Post

Maith an cailín, A Choleen,

agus go raibh maith agat a Dhaithí as an dea-scéal a insint dúinn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, February 25, 2005 - 12:38 pm:   Edit Post Print Post

GRMA a Dhaithí.

Beimid ag faire ar an mbosca anocht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1022
Registered: 08-2004
Posted on Saturday, February 26, 2005 - 10:26 am:   Edit Post Print Post

Dhein Coleen agus a rang jab maith ar an gclár úd.

Is dóigh liom gur leibide cheart é an Pat Kenny ceanna agus a thuairimí i leith na Gaeilge.


Bhí sé go deas gur thug an rang réimse leathan cúiseanna go raibh siad ag foghlaim Gaeilge.

Agus thaithin sé go mór liom go raibh beirt i measc an cúigear den ghnáth lucht féachana a thug freagra cruinn ar an "scrúdú béil" amaideach a dhein sé. Baineadh siar as silím, go raibh gnáth daoine le Gaeilge ann!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailindoll
Member
Username: Cailindoll

Post Number: 22
Registered: 12-2004
Posted on Monday, February 28, 2005 - 06:03 am:   Edit Post Print Post

GRMA a Dháithí, Kay, Seosamh agus Aonghus,

Tuigim thú a Aonghus ach is mór an trua nach raibh siad in ann fíor comhrá a thaispeáint, in áit 'scrúdú béil' mar tá na daltaí siúd an-mhaith ar fád agus cé nach ach tosaitheoirí iad, tá an cuid is mó díobh in ann caint gan stró faoi fíor rudaí simplí.

D'iarr Pat Kenny ar an lucht éisteachta roimh ré an raibh Gaeilge acu agus bhí daoine ann a ndúirt go raibh siad líofa. Chuaigh sé d'aon turas chuig cuid dena daoine siúd a dúirt go raibh Gaeilge acu, cé go raibh sé ag iarraidh focail deacra uathu.

Is trua nár éirí liom a rá leis go ndéanfadh cibé máthair nó athair amhlaidh agus a dhéanann an máthair as an Ucráin ach an dearcadh diúltach roimh an teanga --- ná daoine a rá le déistin orthu ‘cén fáth nach bhfuil an focail seo agat?’ agus ag an am ceannann céanna, ag magadh faoi na daoine a bhfuil suim acu Gaeilge a fhoghlaim. Bhí Pat Kenny ag caint linn roimh an seó faoi cé chomh deacair an raibh an teanga dá pháistí agus é ag iarraidh cabhair leo é féin. Bhí sé soléir go raibh Gaeilge aige agus chuaigh sé i bhfeidhm orm (trying to say I was impressed?) gur iarrtar orainn a bheidh ar an gclár siúd. Cé go raibh siad ag iarraidh cuma a chrochadh ann nach raibh muid ach mar random guests sa lucht féachana, rinne siad a lán oibre chun go mbeidh muidne ann agus ag caint leis ar feadh deich nóiméad agus molaim dóibh mar gheall air.

Tá a lán daoine fós ann ar an imeall -- agus níl siad cinnte an bhfuil cead acu, nó an bhfuil sé 'cool' a rá go bhfuil Gaeilge acu. Agus who could blame them, mura bhfeiceann siad ach an scrúdú béil -- cinnte nach n-aithneofar cad atá ag Gaeilge nach bhfuil ag Béarla, nó cén fáth gur fiú leanúint ar aghaidh leis. B'fhéidir gur mhaith le Pat Kenny a bheith chomh 'cool' agus atá muidne lenár gcuid Gaeilge ach imní air cad a cheapfá a viewers!

Is féidir linne mar eachtrannaigh é sin a rá go nocht, gan náire, gan drochtoradh -- go mór mór mise le mo bhlas meiriceánach, agus Gaeilge ó bhéal mo mhamaí - Amhail a fhios go bhfuil cead ag leath cuid dom Gaeilge a bheith agam agus cead ag an cuid eile dom a bheith glórach glórmhar faoi thaobh de!

Ní raibh muidne ag iarraidh a bheith níos cliste ná an lucht éisteachta, nó náire a chuir ar an gnáth tuismitheoir in Éirinn ach oiread. Ach más féidir linn lenár drochbhlásanna éagsula agus ár n-iarrachtaí Gaeilge a labhairt agus ár ndíograis -- más féidir linne spreag nó ar chaoí éigin cead a chuir chuig daoine grá a bheith acu den teanga dhíl seo, bheinn breá sásta agus fíor bhuíoch gur tugadh cead cainte dúinne.

(Message edited by CailinDoll on February 28, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1032
Registered: 08-2004
Posted on Monday, February 28, 2005 - 07:01 am:   Edit Post Print Post

Maith sibh, arís!

Táim amhrasach faoi Phat agus a dhearcadh i léith na Gaeilge; bhraith mé go raibh sé ag cuir in iúl go raibh gach duine i gcoinne na Gaeilge. Bíonn an port sin ag na méain go minic. (forced down our throats with the leather be the Christian brothers...)

Is trua, mar a deir tú, nár thug sé deis do'd dhaltaí píosa cainte a dhéanamh i ngaeilge. Bheadh éifeacht leis sin. Fuair Hector an deis, tuige nach mbeadh sé agaibhse!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

diarmuidh
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, February 28, 2005 - 07:32 am:   Edit Post Print Post

Anyone know when it will be repeated?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

diarmuidh
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, February 28, 2005 - 07:36 am:   Edit Post Print Post

P Kenny is always trying to be cool..and he fails dismally..he has brought the Late Late Show to a new low! Do people still look at it anymore? your man Tubridy is less conceited than P Kenny..P Kenny is a fluent Irish speaker,no? he used to broadcast as Gaeilge? fair deuce to those guys learning Irish from abroad living here in Dublin..

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Kay
Member
Username: Kay

Post Number: 43
Registered: 11-2004
Posted on Monday, February 28, 2005 - 08:44 am:   Edit Post Print Post

Cheap mise freisin go raibh an scrúdú béil amaideach agus bhíos mí-chompordach leis. Níor bhain mé aon taitneamh as.

B'fhearr liom go mór Ardán le Paidí Lionaird ar T na G oíche Shatharn, Fear cliste suimiúil a bhfuil eolas a cheirde atá i bPaidí.

Tá aithne agam go pearsanta ar a lán máithreacha a chuaigh chuig ranganna le bheith in ann cabhair a thabhairt do na páistí maidir leis an nGaeilge. Ní amháin sin ach chuaigh siad leis an páiste go scoileanna i bhfad ó bhaile le go bhfoghlaimeodh siad Gaeilge mhaith. Ní raibh an rud a dúirt Pat fúinne ceart nó cothram.

Roimh an seó léadh amach ráitis ó RTÉ a rá go raibh brón orthu mar gheall ar droch íde a fuair rannóg den phobal ó "fhear grinn" a bhí ann cheana ag caitheamh anuas ar na sagairt. Is léir nach bhfuil aon ceacht foghlamtha acu fós agus nach bhfeiceann siad go bhfuil aon rud mí-cheart le caitheamh anuas ar gnáth muintir na hÉireann a bhfuil grá acu dá dteanga.

Comhghairdeas leat a chailín, rinne tú jab iontach maith, molaim thú agus do dhearcadh soilbhir agus molaim do dhaltaí freisin.

Tá Gaeilge ag a lán daoine ach is leasc leo í a úsáid toisc nach bhfaigheann siad ach magadh is cáineadh is díspeagadh nó milleán mar gheall ar go bhfuil airgead 'á chur amú' ar an dteanga agus daoine in easpa. Tuigim a gcás.

Cén fáth nach raibh Cailín thuas ar an ardán más rud é go bhfuil Gaeilge ar aon dul leis an mBéarla ag RTÉ? Bhí díomá orm faoi sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

'dj@ks
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, February 28, 2005 - 11:29 am:   Edit Post Print Post

Beidh a athchraoladh ar RTÉ1 anocht (11:40)

On again at 11:40 on RTÉ 1 tonight.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailindoll
Member
Username: Cailindoll

Post Number: 23
Registered: 12-2004
Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 07:05 am:   Edit Post Print Post

D'iarr mé orthu gan an chomórtas seo a dhéanamh, agus bhí mé idir dhá comhairle faoi dul ann, i ndáiríre Tá sé deacair taobh dearfach den teanga Gaeilge a fheiceáil nuair a thosaíonn tú le scrúdú béil.

Ní raibh ach ochtar den rang ann, cé go raibh mé ag iarraidh go mbeidh an rang iomlán in ann dul ann. Bhí muid sa lucht éisteachta mar ní raibh spás go leor acu dúinne ar an ardán. Bhí imní go leor ar achán duine fiú inár suí áit ina raibh muid agus áthas orainn go léir nach raibh orainn a bheith ar an ardán! Bhí níos mó imní ar na daltaí Béarla a labhairt ar seó beo mar seo ná Gaeilge. Bhí orthu rudaí casta a rá i Béarla -- agus bhí sé sin i bhfad níos dúshlánach dóibh ná an scrúdú béil.

Ní raibh mé ag fanacht ar an ceist a thug sé dom faoi 'Cad atá ag Gaeilge nach bhfuil ag Béarla' Bhí sé saghas ag rá liom 'Isn't Béarla good enough for you?' nach raibh? Bhí mé ag fanacht ar 'cén fáth an bhfuil suim agat i nGaeilge'. Níl a fhios agam an raibh sé ag iarraidh go mbeidh mé ag stammering thart le mo fhreagra faoi mar a bhí -- ach ba cheart go mbeidh muidne go léir réidh le freagra na ceiste seo -- chun a bheith in ann liosta fáthanna a thabhairt gan dóbartaíl (without hesitation?)

Cén freagra an dtabharfadh sibhse?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

EDunphy
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 07:54 am:   Edit Post Print Post

Pat is a plank!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul_h
Member
Username: Paul_h

Post Number: 11
Registered: 12-2004
Posted on Wednesday, March 02, 2005 - 09:15 am:   Edit Post Print Post

chonaic mé an athchraoladh aréir. Is trua nach ndearna PK rud éigin níos suimiúil ná an scrúdú béal sin.
Scrúdú = examination = compulsion = all that is wrong with the perception of the language in Irish society, ar an drochuair.
Ach bravo na daltaí go léir, ní bheadh an misneach agam é sin a dhéanamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 02, 2005 - 11:48 am:   Edit Post Print Post

--... D'iarr mé orthu gan an chomórtas seo a dhéanamh, agus bhí mé idir dhá comhairle faoi dul ann, i ndáiríre Tá sé deacair taobh dearfach den teanga Gaeilge a fheiceáil nuair a thosaíonn tú le scrúdú béil.

Tuigim duit faoin scrúdú a Chailíndoll, ach rinne sibh maith ina dhiaidh sin féin. Chruthaigh sibh go breá d'ainneoin an chur i láthair a fuair sibh. Tá sibh molta agus mise im' thost.

--.... 'Cad atá ag Gaeilge nach bhfuil ag Béarla' ... Cén freagra an dtabharfadh sibhse?

Maidir le Gaeilge, déarfainn go bhfuil leagan eile den saol mór inti chomh maith leis an ngné is tábhachtaí ar fad b'fhéidir, bia anama. Is féidir bia anama a aimsiú i dteangacha éagsúla an domhain, ach bíonn a blas ar leith féin ag gach teanga.

(Bia anama, bia intinne agus bia colainne;
trí bhia an duine.)

Go raibh maith agaibh go léir as iarracht sin an Late Late a Chailíndoll.



©Daltaí na Gaeilge