Author |
Message |
Seán a' Chaipín Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 24, 2005 - 10:20 am: |
|
Just found this page, where you can hear stories being read out. Donegal dialect, but the speaker has a lovely blas. The sound is in Quicktime. Best to copy the text of the story into a notepad first, and then hear it being read. http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/sf/index.html |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 132 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, February 24, 2005 - 01:04 pm: |
|
I don't see the contradiction there: "Donegal dialect, BUT the speaker has a lovely blas." I would have said "Donegal dialect, SO the speaker has lovely blas." ;-) The stories are written in Central Donegal Dialect (Blue Stack Mountains/ Na Cruacha Gorma) and the woman who reads them is from Gweedore. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 24, 2005 - 02:11 pm: |
|
Ní ag beachtú ort atá mé a Lughaidh, a chara. Ní le Gaoth Dobhair í. Bean de bhunadh na gCruach í Máire Uí Cheallaigh a léigh na scéalta, bíodh gur ar an Chuimín in aice láimhe atá sí le blianta. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 136 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, February 24, 2005 - 09:33 pm: |
|
Fuaimníonn sí mar dhuine as Gaoth Dobhair agus chan mar dhuine as na Cruacha. Bhuel tá achan tréith do chuid chanúint Ghaoth Dobhair ina caint. Cha rabh ’s agam go rabh na tréithí sin le fáil gomh fada sin ó GhD, i gcanúint na gCruach. Sin a’ fáth ar scríobh mé gur dóigh liom gur as GD daoithe: d’fhuaimneochadh cibé duine as GD go díreach mar a fhuaimníos sí ansin... |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 25, 2005 - 03:56 pm: |
|
Is beag a bhíos eadar canúintí gaolmhara ar mhodh ar bith. 'sceadamán frithir', 'mairt', an focal Béarla 'heat' (tamall), 'sint' (sin), 'ansint' (ansin), 'gearrthamallt', 'gearrghiota', gearr-' seo agus siúd agus mar sin de. Sin ráite, dá mbeifeá thart ar an Bhrocaigh lá marglainne, is féidir canúint láidir a chlos a bhfainfeas stangadh as duine. Iarradh ar Mháire na scéalta a léamh ar ndóigh, agus ní chuidíonn sé sin ach oiread, ach bímis buíoch gur iarradh uirthi a dhéanamh agus go dtig le muintir an tsaoil mhóir bualadh isteach ar na comhaid sin saor in aisce. Is mór an gar é. Go maire sí agus go maire fear a taifeadta, C. Ó Duibhín a bhfuil an-saothar déanta aige ar son na teanga, tá a fhios agat féin é, http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/tobar/ |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 143 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, February 25, 2005 - 10:03 pm: |
|
Is amhlaidh atá leoga, a Sheosaimh. Molaim a shuíomh do achan duine anseo - is é ’n fhadhb atá ann, ar an drochuair, nach bhfuil ach leagan Gaeilge air (cha dtig leis na foghlaimeoirí mórán a thuigbheáil) agus is féidir go gcuirfeadh ’n seanlitriú isteach ar chuid againn. Cha gcuireann sé ’steach orm ar chor ar bith agus caithfidh mé ráidht go bhfuil Gaeilg don chéad scoith aige sin. |
|
Seán a' Chaipín Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 28, 2005 - 08:31 am: |
|
I don't see the contradiction there: "Donegal dialect, BUT the speaker has a lovely blas." ------------------------------------------------------ Niorbh mhasla é sin ar canúint Uladh, a Lughaidh. Bhí mé ag smaoitiú ar na bhfoghlaimeoirí nach bhfuil eolas doimhin acu agus bhí sé ar intinn agam a rá gur fiú é a chloisteáil. 'Dtuigeann tú? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 156 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, March 01, 2005 - 07:40 am: |
|
Tuigim, a chara :) |
|