Author |
Message |
April (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, January 25, 2005 - 08:55 am: |
|
An bhfuil a fhios ag aon duine cá bhfuil Beo maidin inniu? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 807 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 25, 2005 - 08:59 am: |
|
Marbh! Fadhb éigin leis an freastalaí. Tá fhios ag an gcomhlucht go bhfuil fadhbh ann, ach tá an freastalaí i SAM - seans go gcaithfear fanacht go dtagann duine éigin ar obair ansin. |
|
April (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, January 25, 2005 - 10:15 pm: |
|
Go raibh maith agat a Aonghus. : ) Is maith liom an clár plé seo a léamh nuair atá mé ag ól mo chéad cupán caife.... |
|
April (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, January 25, 2005 - 10:21 pm: |
|
Go raibh maith agat a Aonghus : ) Is maith liom an clár plé sin a léamh nuair atá mé ag ól mo chéad cupán caife... |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 46 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 31, 2005 - 02:12 pm: |
|
Seo clár plé Beo inniu!: Microsoft OLE DB Provider for ODBC Drivers error '80004005' [Microsoft][ODBC Microsoft Access Driver]General error Unable to open registry key 'Temporary (volatile) Jet DSN for process 0x5f4 Thread 0x7a8 DBC 0x22ba024 Jet'. /ple/Default.asp, line 179 |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 841 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 31, 2005 - 03:21 pm: |
|
Tá Michal ag obair ar an bhfadhb. Is cosúil go bhfuil sé ina raic idir lucht beo agus lucht an comhlacht óstála - tá beo ag lorg baile nua! |
|
Seamus de Blace Unregistered guest
| Posted on Tuesday, February 01, 2005 - 02:01 pm: |
|
Ma ta suim agaibh ann, beidh me ag tabhairt leachta ar "The Increasing Popularity of the Singing in Irish Gaelic" -- agus ag seinnt samplai cheoil -- De Mairt seo chugain, an 8u la dFheabhra, ag an Garden City Public Library [Inis Fada, Nua Eabhrac] ar 8 in san oiche. Failte Romhaibh. Seamus de Blaca on gclar Raidio "Mile Failte |
|
Seosamh Mac Bhloscaidh Unregistered guest
| Posted on Tuesday, February 01, 2005 - 05:34 pm: |
|
Gí nach raibh Beo le fáil inniu bhí sé éasca teacht ar fhiosrúcháin ina thaobh a cuireadh amach ar an Idirlín inniu féin. Cad tuighe deirtear "Inis Fada" i gcónaí agus "inis" baininscneach? Ni Séamus a chum. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Wednesday, February 02, 2005 - 06:32 am: |
|
Maireann urú an neodair thall is abhus a Shéamais. Inis mMór, Inis mMeáin, fágaim, a thug Inis Mór agus Inis Meáin na linne seo dúinn. 'Amuigh ar tír mór' (< tír mmór) is ea ceann eile ar an dul céanna. Níl a fhios agam cé a chum, ach luíonn sé leis an seanghnás ar chaoi ar bith. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 47 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 02, 2005 - 09:49 am: |
|
Bhuel, cheap mé gur neodracht atá i gceist freisin, a SMM, ach ní raibh inis neodrach sa tseanghaeilge! Ach mar atá in Éirinn, bíonn logainmneach mar sin, gan séimiú, i ndiaidh Inis. Tá Inis Fada eile ann i gCorcaigh. Thug duine de lucht an Chósta Óir an t-ainm sin ar a theach mór (eastáit mar a thuigtear anseo é), is dócha as an ainm atá ann in Éirinn. Ó shin i leith, tugtar Inis Fada ar Long Island, Nua-Eabhrac. Sin an scéal. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 48 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 02, 2005 - 10:35 am: |
|
Tá Beo ann, slán sábháilte, inniu. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 392 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 08:03 am: |
|
Loch n-eolach Chuala mé gur mar bhí "loch" neodrach sa tSeanghaeilge, go raibh urú ar "eolach". Coimeádtar inniu é. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 49 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 03, 2005 - 10:32 am: |
|
Tá a leithéid ann. Ceann eile is ea 'Sliabh Geal gCua na Féile,' sílim. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 08:15 am: |
|
Gabh mo leithscéal a Shéamais, bhí an ceart agat nuair a scríobh tú: ach ní raibh inis neodrach sa tseanghaeilge! (Sílim gur cuireadh sin ar mo shúile dom cheana am éigin!) Is fíor duit gur bhaininscne a bhí ann riamh agus bhíodh séimhiú ar an bhfocal (ainm/aid.) ina dhiaidh. Mar bharúil ar arbh fhéidir tarlú, bheadh urú sa tuiseal áinsíoch (cuspóireach) i ndiaidh na réamhfhocal 'gan', 'go', 'idir', 'um', 'le', 'thar', 'trí' (agus i ndiaidh roinnt eile nach iad). Bheadh 'go' ar an réamhfhocal ba mhinice díobh sin a thitfeadh i gcomhthéacs 'inis' is dóigh: go hInis mMeáin, srl. Mar réiteach eile ar an urú, bheadh comhshamhlú 'inis', mar cheann de nithe aiceanta tíre le focail eile a bhíodh neodrach, 'tír', 'loch', 'sliabh', fágaim. B'fhéidir go raibh oibriú an dá ghné thuas ag imirt a dtionchar in éineacht ar an bhfocal. Ritheann focal eile liom a bheadh inchomórtas le 'Inis' tharla a bheith baininscneach mar a chéile (: 'Móin') ach ní fheicim mórán samplaí de. Tá trácht ar an logainm Inis Oírr in Éigse 26, lch. 119. http://www.ucc.ie/faculties/celtic/damh1.html Ach an t-am a fháil chuige, rachainn lena bhreathnú arís, ach is dóigh gur 'Oírr' atá faoi thrácht ann, seachas 'inis'. Mar áis: http://minerva.ucc.ie:6336/dynaweb/locus/dictionary/@Generic__BookView |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 54 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 10:43 am: |
|
Ach níl séimhiú ná urú ann in Inis Fada! Sílimse gur féidir go bhfuil brí ann mar 'Inis [ar a dtugtar] Fada,' nó Inis [darb ainm] Fada, seachas aidiacht. Ainmfhocal comhshuiteach, sílim, a thugtar ar a leithéid. Ach is aineolaí mise ar an ábhar seo! |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, February 08, 2005 - 12:36 pm: |
|
Is fíor a Shéamais, níl séimhiú in Inis Fada anois go deimhin agus seachnaíonn 'f' an séimhiú go minic, ach tá séimhiú le feiceáil sna samplaí eile ag DIL an Acadaimh: i. = inis; i. Bhanbha na ttrí ttonn, ... i. Bhreagh, ach I. Fáil, gan séimhiú. Séimhiú an tabharthaigh is ea: d'I. Fhuinidh. Is spéisiúil an teoiric a luaigh tú gur ainmfhocail i gcomhaisnéis iad seo, ach is eagal liom gur aidiachtaí go leor de na focail a leanann 'inis' agus roinnt de na hainmfhocail féin, ní hionann ciall dóibh agus an t-oileán/inis féin, Inis Fraoigh abraimis. Is cosúil gur ceann de thorthaí coimheascair na Gaeilge i bhfad siar atá ann. |
|
Kay
Member Username: Kay
Post Number: 32 Registered: 11-2004
| Posted on Sunday, February 20, 2005 - 03:37 pm: |
|
Tá beo ag http://www.beo.ie ...ar eagla go bhfuil daoine ann nach dtuigeann céard atá i gceist ag Seosamh. Go raibh maith agat a Sheosaimh, as na naisc suimiúla a luann tú sa bhfóram seo. Kay http://www.gaeilgenaseachtaine.com |
|