Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, January 12, 2005 - 11:38 pm: |
|
Haigh a chairde! Tá mé úr anseo, is mac léinn ar na teangthacha Ceilteacha in Ollscoil Rennes na Briotáine mé. Tá Gaeilg Uladh (Gaoth Dobhair) agam, chaith mé bliain in Ollscoil Chúil Raithin agus is minic a rachainn ’na Gaeltachta sa bhliain sin. Thoisigh mé a dh’fhoghlaim na Gaeilge naoi mbliana ó shoin anois... Slán go fóill |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 736 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 13, 2005 - 04:09 am: |
|
Fáilte romhat a Lughaidh deut mad oc'h (Tá sin sciobtha ó Wikipedia, mar sin seans go bhfuil sé mí cheart!) |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 573 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 13, 2005 - 04:14 am: |
|
Kenavo ha degemer mat, Lughaidh! Mont a ra mat ganit e Roazhon? Cím go bhfuil mo theanga féin, Sualainnis, agat leis - cén áit a d'fhoghlaimís í? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, January 13, 2005 - 07:37 am: |
|
Chan féidir "degemer mat" a ráidht, sin abairt a úsáideas daoiní nach bhfuil Briotáinis cheart acu (tá cuid mhór acu in achan áit, tá níos mó acu ná Briotáiniseoirí maithe agus éistear leofa sin agus creidtear agus deireann siad féin gur Briotáiniseoirí maithe iad... Is dóigh liom go bhfuair tú na habairtí sin ar shuíomh a chum duine mar sin!). Degemer mat = good reception. Fáilte = deut mat oc’h/daet mat oc’h (tá litrithe eile fosta). Bhí ’n ceart ag Aonghas :) . Kenavo = slán :) ; hi = salud deoc’h. Ya, monet ’ra mat an traoù genin ba Roazhon, Doue d’ho paeo :) Cén áit ar fhoghlaim mé an giota beag Sualainnise atá agam? Fasktiskt hörde jag talad svenska på TV och det tyckte jag om. Men jag behöver mitt ordbok för att skriva, och jag gör fel... Thoisigh mé á foghlaim le leabharthaí sa bhaile. Tá rangannaí Sualainnise ar fáil in m’Ollscoil ach níl an t-am agam le freastal orthu... Is finlandssvensk thú, nach ea? Go raibh maith agaibh as mur bhfáiltiú, a chairde :) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Thursday, January 13, 2005 - 07:53 am: |
|
Is mór gar an fear eile seo chugainn. Sé do bheatha a Lughaidh. Is mór an gar an bheirt eile agaibh a bheith thart go síoraí a chairde. Bím féin isteach is amach ach níl mé chomh rialta leis an mbeirt eile agaibh. Feicim an chorrchonspóid nuair a fhillim isteach ar an gclár seo scaití ach bíonn sibh ann cheana ag maolú feirge agus ag cur leis stuaim ar mhaithe le cách. Braithim gur fear maith an fear chugainn - mat eo. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 27 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, January 13, 2005 - 11:30 am: |
|
Dia is Muire duit, a Lughaidh! Tá aithne agat ormsa ó acmhainn.ie. Mise fear an chón-hata sa chúinne! <:-) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 4 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, January 13, 2005 - 07:15 pm: |
|
Go raibh maith agat a Sheosaimh. 'S cuimhin liom thú fosta a Shéamais ! |
|