Is fíor duit a Aonghuis, is tús é agus díolann an Ghaeilge tithe, is léir.
Beidh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman ar siúl deireadh na míosa seo chugainn. Rith sé liom cheana - ag an Oireachtas fágaim - gur cheart gabháil thart ar na carranna is luachmhaire cruth ag na tionóil Ghaeilge seo agus greamaitheoirí Gaeilge faoi
www.foinse.ie;
www.nuacht.com;
www.beo.ie;
www.cnag.ie;
http://www.clubsult.com/;
www.daltai.com is aroile a bhualadh orthu go léir. B'fhiú go mór fógraíocht an fhochomhfheasa sin a bheith ag imirt ar mhuintir na hÉireann in gach aon bhall den tír nuair a scaipfidís i ndiaidh na Scoile/an Oireachtais. Gach carr a dhrannfadh leo aniar ag scuaine an tsolais tráchta nó sa charrchlós, d'fheicfidís Gaeilge ar chúl an chairr rompu agus thuigfidís go raibh siad ag cuimilt de chomhluadar Gaeilge an lá sin; go raibh siad in aon siopa leo is mar sin de. An fear/bhean g/h/nó a d'fheicfeadh an Ghaeilge ina gcompall féin d'Éirinn, thuigfidís gur airgead a cheannaigh an carr, gur airgead a cheannaigh an teach a bhfuil an comhluadar sin lonnaithe, a d'íoc as na héadaí, a sholáthair an bia srl. Ní bheidís chomh dall orainn is atá. Is mithid dúinn gabháil i bhfeidhm ar lucht cinsil an mhargaidh.
Feicim roinnt daoine eile, mo dhála féin, a bhfuil suaitheantas Gaeilge éigin ar an gcairt acu. Fear a bhí ag éisteacht le RnaG lá samhraidh i gCora Droma Rúisc roinnt blianta ó shin, chuala mé an raidió agus bheannaíos dó i nGaeilge. Sin an fear a scríobhann faoin ainm 'Bacstaí' ar an suíomh seo scaití.
Tá mé ag cuimhneamh glaoch ar an gConradh i mBÁC faoi cheist seo na greamaíochta Gaeilge. An té nach bhfuil fairsing, ní foláir dó a bheith greamaíoch. (Dá ndéarfaí é sin 30 bl. ó shin, bheadh ciall eile leis.)
Nollaig shona duit agus daoibh a Aonghuis agus don mhuintir eile a ghnáthaíonn suíomh Dhaltaí na Gaeilge.