Author |
Message |
Nicole (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 12:36 pm: |
|
An bhfuil a fhios ag éinne ar foilsíodh riamh foclóir Gaeilge ina bhfuil an litriú foghraíochta (phonetic spelling) de gach focal ann? Ní fhaca mé riamh aon fhoclóir dá leithéid, ach nílim go hiomlán cinnte an bhfuil ceann ann nó nach bhfuil. Cuireadh an cheist orm go hoifigiúil le déanaí agus bhíos ag smaoineamh go mb'féidir go mbeadh a fhios ag duine éigin anseo. Go raibh maith agaibh, Nicole |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 292 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 01:21 pm: |
|
Níl ceann feicte agam. B'fhéidir gurb é an fáth ná go bhfuil sé chomh éasca focal Gaeilge a fhuaimniú? Insíonn na fadaí duit conas mar gutha a fhuaimniú, agus insíonn "dh" nó "gh" duit gur dhá ghutha le chéile atá ann, mar shampla "fadhb" "staighre". Lasmuigh de sin, níl a lán ceann neamhrialta! Ní féidir liomsa smaoineamh ach ar chúpla, "éirigh" mar shampla. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, November 28, 2004 - 08:37 am: |
|
Ritheann ceann amháin liom a chairde, mar leabhar a thugann chur síos ar a bhfuil ó Nicole. Is é an Foclóir Póca a theastaíonn. Tá cuntas deas ann ar an tras-scríobh scaoilte - broad transcription - an IPA, leagan atá coiteann i roinnt de na teálta tríú leibhéal, nó na third level 'joints'! http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=275 |
|
Maidhc Ó G. (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, November 28, 2004 - 04:15 pm: |
|
D'faighim ceann freisin sa "mBarnes is Noble" ó Hippocrene. ISBN : 0-8752-110-1 -Maidhc. |
|
Maidhc Ó G. (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, November 28, 2004 - 11:28 pm: |
|
Ouch! That should be 'Fuair mé...' But, the rest is ok - I hope. |
|
Nicole (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, November 29, 2004 - 10:22 am: |
|
Go raibh míle maith agaibh go léir! Táim an-bhuíoch as an gcabhair. Is ó chailín atá ag foghlaim na Gaeilge sa Rúis atá an foclóir ag teastáil. Beidh sí iontach sásta le bhur bhfreagraí! Nicole |
|