Ní dóigh liom go bhfuil:
Féach anseo:
http://www.ucc.ie/acad/mi/cursai/gramadachnua/grnua4.html Uimhreacha
27. dhá + séimhiú + uimhir uatha, dhá cheann, dhá chapall (scríobhtar dá tar éis an, aon, céad; m.sh. an dá cheann, aon dá uimhir); bíonn séimhiú ar aidiacht agus í san uimhir iolra ina dhiaidh, dhá cheann mhóra, dhá chapall bhána
28. trí, ceithre, cúig, sé + séimhiú + uimhir uatha, nó + consan lom + uimhir iolra; m.sh. trí bhó nó trí ba; más í an uimhir iolra a úsáidtear h roim ghuta i ndiaidh trí, ceithre, sé; m.sh. trí huaire, ceithre háiteanna, sé huibhe; ní bhíonn h ina ndiaidh más í an uimhir uatha a bhíonn ann, m.sh. trí áit, ceithre uimhir
29. seacht, ocht, naoi, deich + urú + uimhir uatha, nó + urú + uimhir iolra; m.sh. naoi mbó nó naoi mba
30. Uimhreacha móra (20, 30, 100 etc.) + uimhir uatha gan séimhiú gan urú; m.sh. fiche bliain, daichead fear, céad duine
31. Orduimhreacha: séimhiú ar céad tar éis an agus na, séimhiú ar ainmfhocal ina dhiaidh; m.sh. an chéad bhliain, scrúdú na chéad bhliana, na chéad fheirmeoirí; loime i ndiaidh na n-orduimhreacha eile, dara, tríú etc; féach uimhreacha (18), (19) anso
32. Uimhreacha pearsanta + ginideach (iolra de ghnáth); séimhiú i ndiaidh beirt, an bheirt, consan lom i ndiaidh na n-uimhreacha eile, m.sh. beirt bhan, an bheirt bhuachaillí, triúr fear, ceathrar feirmeoirí; an an fhoirm den alt a úsáidtear leis na huimhreacha pearsanta, m.sh. an seachtar cailíní