Téacs dhá leagan ag Áine Nic Dhabhóic daoibh a chairde
http://www.geocities.com/Athens/Parthenon/8998/spailpin_fanach_2.html :
An Spailpín Fánach
Seo an Spailpín fánach ón sliabh anuas
Le coiscéim éadrom lúfar
Ag ceiliúr is ag ceol agus draíocht ina ghlór
Agus mheall sé an ógbhean uasal
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé
Ah dí dú, ah, dí dé dí
Ag ceiliúr is ag ceol agus draíocht ina ghlór
Agus mheall sé an ógbhean uasal
D’fhág sise teach a hathar féin
D’fhág sise gaolta is cairde
Thréig sise ‘n fear a bhí luaite léi
Agus lean sí an Spailpín fánach
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé,
Ah dí dú, ah, dí dé dí,
Thréig sise ‘n fear a bhí luaite léi
Agus lean sí an Spailpín fánach
Ghluais a hathair sa tóir ‘na ndiaidh
Trasna sléibhte is bánta
Ag iarraidh tuairisc’ fána ‘níon
Is an Spailpín béalbhinn fánach
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé,
Ah dí dú, ah, dí dé dí,
Ag iarraidh tuairisc’ fána ‘níon
Is an Spailpín béalbhinn fánach
Tháinig sé ar ball go dtí caisleán óir
B’ann a fuair sé a’ lánúin
‘S bhí togha gach bía agus rogha gach dí
Ag an ‘níon is an Spailpín fánach
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé,
Ah dí dú, ah, dí dé dí,
‘S bhí togha gach bía agus rogha gach dí
Ag an ‘níon is an Spailpín fánach
"Ní spailpín é, a athair," ar sí
"Ach tiarna óg na háite
Go dté mé i gcré ní scarfaidh mé
Leis an Spailpín béalbhinn fánach."
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé,
Ah dí dú, ah, dí dé dí,
Go dté mé i gcré ní scarfaidh mé
Leis an Spailpín béalbhinn fánach"
(Leagan a Dó)
Go deo deo arís ní raghad go Caiseal,
Ag díol ná ag reic mo shláinte,
Ná ar mharagadh na saoire im shuí cois balla,
Im scaoinse ar leataoibh sráide,
Bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill,
Dá fhiafraí an bhfuilim hírálta,
"Ó téanam chun siúil tá an cúrsa fada"
Seo ar siúl an Spailpín Fánach.
Im Spailpín Fánach fágadh mise,
Ag seasadh ar mo shláinte,
Ag siúl an drúchta go moch ar maidin,
‘S ag bailiú galair ráithe,
Ní fheicfear corrán im’ láimh chun bainte,
Súiste ná feac beag rainne,
Ach bratacha na bhFranncach os cionn mo leapan,
Is píce agam chun sáite.
Mó chúig céad slán chun dúiche m’athar,
‘Gus chun an oileáin ghrámhair,
Is chun buachaill na Cúlach os díobh nár mhiste,
In aimsir chasta an ghárda,
Ach anois ó táimse im chadhan bhocht dhealbh,
Imeasc na ndúichí fáin seo,
‘Sé mo chumha croí mar fuair mé an ghairm,
Bheith riamh im Spailpín Fánach.
Is ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad,
Thiar ag droichead Gháile,
Fé bhuaí, fé chaoraí, fé laoi bheaga gheala,
Agus capaill ann le h-áireamh,
Acht b’é toil Chríost é gur cuireadh sinn asta,
‘S go ndeaghamhar i leath ár sláinte,
‘S gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachainn,
"Call here, you Spailpín Fánach."