Tá Cois Life tar éis 'A Learner's Guide to Irish' le Donna Wong a fhoilsiú.
Cúrsa Gaeilge do chainteoirí Béarla, leis an bhfearas teagaisc agus tagartha uile i mBéarla, agus é dírithe go háirithe ar eachtrannaigh agus orthu siúd go léir nár fhoghlaim an Ghaeilge i gcóras oideachais na hÉireann (
http://www.coislife.ie/nuacht.htm).
Tá sé oiriúnach do ghlantosaitheoirí agus dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge suas go dtí an meánleibhéal. Tá tagairtí agus samplaí beachta ann a chuidíonn le foghlaimeoirí plé leis na leabhair thagartha, na foclóirí agus na canúintí Gaeilge a bhuaileann leo i mbun foghlama.
Rugadh an Dr. Donna Wong i San Francisco, Síneach Meiriceánach is ea í a d'fhoghlaim a cuid Gaeilge in Ollscoil Chalifornia, Berkeley agus in Harvard. Tá Donna ar fáil le haghaidh agallaimh ach glaoch / rphost a chur chugam (sonraí teagmhála ag bun an r-phoist).
Tá súil agam go gcabhraíonn sé le do chairde atá ag foghlaim na teanga!