Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 257 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 07:17 am: |
|
Scríobh Eoin i measc an lucht foghlama "Ceard faoi Poball Bhearna ag chuir duine le Béarla do thoghchán don Údarás? Aon tuairim?" Mura bhfuil duine le Gaeilge acu.... Chuala Feargal O Dowd ag plé na ceiste le Eamón Ó Cuiv ar Adhmhaidin inniu. Tá roinnt tuairaimí agam. 1) Ar an gcéad dul síos, is cúis níos mó imní dhom nach bhfuil urlabhraí an Freasura líofa i nGaeilge - bhí ar nath Béarla a fhí isteach in a chuid cainte. Agus is teachta do Chontae Lú é! Tá teachtaí Gaeltachta ag FG. 2) Cinnte, d'fheadfadh an dream ata i gcoinne forbairt i mBearna leas a bhaint as toghchan an Udaráis ar mhaithe le breis poiblíochta dá gcás. In ainneoin sin, creidim go bhfuil tuarimí an tAire stuama. Bheadh sé mí chuí an toghchán ar chuir siar. Tá polasaí na roinne bunaithe ar phobail a thabhairt le cheile, agus deis a thabairt don phobal an cinneadh a ghlacadh an mian leo bheith sa Ghaeltacht nó nach mian. 3) Creidim gurbh botún atá ann a rá go bhfuil na breac ghaeltachtaí ag tógaint airgead ó na fíor gaeltachtaí. Má bhíonn pobail na Gaeltachat níos lú, agus da bhrí sin níos lú votaí acu aimisr toghcháin, bí cinnte go ngearrfar siar ar an airgead gaeltachta. (Message edited by aonghus on October 07, 2004) |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 483 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 08:00 am: |
|
Ní thuigeas riamh cad na thaobh go bhfuil Bearna sa Ghaeltacht inniu... Mar atá a fhios againn go léir, cuid na Gaillimhe is ea é Bearna agus is í Béarla an teanga atá ag na daoine ansan. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 261 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 09:07 am: |
|
Socróidh teorainneacha na Gaeltacht don chéad uair i 1926, agus deanadh mion leasaithe orthu i 1956. Tá cathair na Gaillimhe fásta as cuimhse ó shin. Mar sin, bádh an pobal Gaeltachta a bhí i mBearna ag pobail eile. Ach táid fós ann. Agus is ceart seasamh leis an sciar sin den phobail. Sin atá i gceist ag Ó Cuiv a dhéanamh tríd an dearcadh pobal lárnaithe atá aige. |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 02:45 pm: |
|
A Jonas, ar mhiste leat teacht go dtí clár plé eile chun ceist a réiteach faoi chor cainte Muimhneach (ó 'An tOileánach')? www.scoilgaeilge.org/liosta, faoin ábhar 'Cora cainte: imeacht, srl.' Bheimis buíoch díot. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, December 07, 2004 - 10:14 am: |
|
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 541 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 07, 2004 - 11:21 am: |
|
Feicim nach bhfuil focal gaeilge ar an suíomh seachas Pobal B(h)earna, agus gurbh i mBéarla atá an seoladh acu. Agus seo dream atá ag maíomh gurbh sa Ghaeltacht atáid.... |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 5 Registered: 10-2004
| Posted on Sunday, December 12, 2004 - 01:39 pm: |
|
anghaeltacht.net
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 590 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 13, 2004 - 06:52 am: |
|
Ní fheictear dhom gurbh gá dom. Má táid ag maíomh gurbh sa Ghaeltacht atáid, déanfadh siad an bheart astú fhéin. |
|