mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Ar chúl an ti « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Emer
Member
Username: Emer

Post Number: 1
Registered: 09-2004
Posted on Thursday, September 16, 2004 - 11:40 am:   Edit Post Print Post

A chairde, tá mé trina chéile le déanai ag déanamh iarracht cuimhniú ar dhán a d'fhoghlaim mé nuair a bhi mé sa bhunscoil. an féidir libh cuidiú liom?
an t-ainm atá air ná "Ar chúl an Ti"
Ta mé in ann smaoineamh ar roinnt line:

Tá tir na n-óg ar chúl an ti,
Tir alainn trina chéile,
Lucht ceithre cos ag súil an sli,
Gan bróga orthu na léine,
Gan béarla acu ná gaeilge.

Tá cearca ann is alsicin,
?Is laca righn mór shaolach?...?
an bhfuil an cuid eile ar eolas agaibh, nó an t-eolas agaibh ar cá háit atá sé ar an t-idirlion?
mile buiochas

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 119
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, September 16, 2004 - 12:22 pm:   Edit Post Print Post

"Google" a dtugtar air. Is ceart duit triail a bhaint as, am éigin!

In aon chaoi, seo duit a chara:
(Tá an chuma air a bhfuil cúpla botún gramadaí ann...)

Cúl An Tí
---------

Tá Tír na nÓg ar chúl an tí,
Tír álainn trína chéile,
Lucht cheitre chos ag súil na slí,
Gan bróga orthu ná léine,
Gan Béarla acu ná Gaeilge.

Ach fásann clóca ar gach droim
Sa tír seo trína chéile,
Is labhartar teanga ar chúl an tí
Nár thuig aon fhear ach Aesop,
Is tá sé siúd sa chré anois.

Tá cearca ann is ál sicín,
Is lacha righin mhothaolach,
Is gadhar mór dubh mar namhaid sa tír
Ag drannadh le gach éinne,
Is cat ag crú na gréine.

Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl,
Is iontaisi an tsaoil ann,
Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí,
Is trúmpa balbh néata,
Is citeal bán mar ghé ann.

Is ann a thagann tincéirí
Go naofa, trína chéile,
Tá gaol acu le cúl an tí,
Is bíd ag iarraidh déirce
Ar chúl gach tí in Éirinn.

Ba mhaith liom bheith ar chúl an tí
Sa dorchacht go déanach
Go bhfeicfinn ann ar chuairt ghealaí
An t-ollaimhín sin Aesop
Is é in phúca léannta.

Le Seán Ó Ríordáin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aineolaí_na_gaeilge
Member
Username: Aineolaí_na_gaeilge

Post Number: 33
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, September 16, 2004 - 01:31 pm:   Edit Post Print Post

tá an chuma air go bhfuil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Emer
Member
Username: Emer

Post Number: 2
Registered: 09-2004
Posted on Thursday, September 16, 2004 - 04:11 pm:   Edit Post Print Post

A bhFir na mbróg(tá súil agam go bhfuil an tuiseal gairmeach i gceart agam!?)
Tá mé an-bhuioch diot, rinne mé iarracht ar google ach theip orm.
Tháinig cumha orm agus mé á léamh!
agus mé ar ról le ceisteanna, lig dom ceist eile a chur, silim gur agaibhse a mbeidh an freagra!
an bhfuil a fhios agaibh cá háit, nó an bhfuil a leithéid d'áit atá an ghaeilge de gach lugainm,sráid bhaile,ceantar, agus sráid le fail i ngaeilge? inseoidh mé diobh cén fáth. Is minic go bhfuil mé ag scriobh litir i ngaeilge, agus nuair atáim chun an seoladh a scriobh ar an gclúdach braithim gur náire é an seoladh a bheith i mbéarla. dar ndóigh déanaim mo dhicheal é a aistriú ach táa fhios agam nach bhfuil mo chuid gaeilge cruinn go leor.
Tá mé faoi chomaoin agat,
Emer

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 120
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, September 16, 2004 - 05:02 pm:   Edit Post Print Post

A Aineolaí na Gaeilge,

Siad seo samplaí duit:

Cén fáth go bhfuil tú ag léamh?
Cén fáth a bhfuil tú ag léamh?
Tá an chuma air go bhfuil...
Tá an chuma air a bhfuil...

Is féidir "go" nó "a" a úsáid. Feictear "a" níos mó sna cásanna seo.

***

A Emer,

"a Fhear na mBróg" is ea é. Féach ar an nóta faoin tuiseal gairmeach ag a dheireadh seo.

Is deas cloisteáil gur múslaíodh cumha ionat - tá súil agam gur an cineál deas a bhí ann.

Maidir le hainmneacha áiteanna... bhfuel níl eolas orm faoi aon láithrean ar an idirlíon a bhfuil liosta ann, ach... nuair a theastaíonn uaimse ainm áite Gaeilge a fháil, téim go Google agus cuirim an t-ainm Béarla isteach ann, gan ag lorg torthaí ach na cinn a thagann ó Éirinn. Ansin féachaim tríd na torthaí ag lorg an ainm Gaeilge, de ghnáth ní han-deacair í a fháil. Mar shampla, cuir "Tallaght" isteach ann agus tiocfaidh tú ar "Tamhlacht".

Má théann tú go láithrean Bhus Átha Cliath, is féidir leat tábla bus as Gaeilge a fháil. Tá fhios agam go dtéann Bus 76 trí Thamhlacht, ansin téim go dtí an láithrean agus cuirim an uimhir isteach sa bhosca. Má bhíonn fhios agat uimhir an bhus a théann tríd an áit, ansin cuir isteach sa bhosca í agus nochtfar an t-ainm Gaeilge duit!

***

An Tuiseal Gairmeach
---------------------

Ní athraíthear an focal. Mar shampla:

a chailín!
a bhuachaill!
a bhean!
a chailíní!
a bhuachaillí!
a mhná!

Ní athraítear aon fhocail ach na cinn atá sa chéad díochlaonadh. Chun tuiseal gairmeach na bhfocal seo a fháil, úsáid an tuiseal ginideach:

a fhir ( man! )
a bháid
a chapaill
a bhoird

agus an t-iolra:

a fheara ( men! )
a bháda
a chapalla
a bhorda

Cuireann tú "a" ag an deireadh.

Ainmneacha Daoine: Más fear a bhfuil tú ag glaoch air, cuirtear "i" ann:

a Mháirtín!
a Thomáis!
a Shéamais!

Agus más bean a bhfuil tú ag glaoch uirthi, ní athraítear í:

a Bhríd
a Aoife
a Shinéad


Agus ansin bíonn leithéid na gceann seo a leanas agat:

Fear na mBróg
guthán Fhear na mBróg
a Fhear na mBróg!

Muintir na hÁite
bailte Mhuintir na hÁite
a Mhuintir na hÁite!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 121
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, September 16, 2004 - 05:09 pm:   Edit Post Print Post

Cúpla rud níos mó :-) :

Is minic go bhfuil mé ag scriobh litir i ngaeilge

Athraigh é sin go:

Is minic a bhím ag scríobh litreach as Gaeilge

(Focail a chríochnaíonn le "ir":

an litir
barr na litreach
na litreacha
barr na litreacha )

Coinníonn tú ag úsáid "tá" nuair is "bíonn" a bhíonn ag teastáil!:

agus nuair atáim -> agus nuair a bhím

déanaim mo dhicheal é a aistriú ach tá fhios agam...

Déanaim mo dhícheal é a aistriú ach bíonn fhios agam...

Ná abair "nuair atá" choíche! "Nuair a bhím" a bhíonn i gceart i gcónaí!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Emer
Member
Username: Emer

Post Number: 3
Registered: 09-2004
Posted on Friday, September 17, 2004 - 08:54 am:   Edit Post Print Post

A Fhear na mBróg!
go raibh maith agat asucht an cheacht gramadai, agus do cheartúcháin. Tá múinteoir gaeilge de dhith orm!
Emer

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 124
Registered: 08-2004
Posted on Friday, September 17, 2004 - 09:50 am:   Edit Post Print Post

Tá fáilte romhat a Emer!

An bhfuil cónaí ort in Éirinn ag an nóiméad? Cén contae?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Emer
Member
Username: Emer

Post Number: 4
Registered: 09-2004
Posted on Friday, September 17, 2004 - 01:19 pm:   Edit Post Print Post

Tá, an contae is fearr in Éirinn!Cá háit a deir tú? B.Á.C dar ndóigh!cad fútsa a Fhear na mbróg?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 127
Registered: 08-2004
Posted on Friday, September 17, 2004 - 03:32 pm:   Edit Post Print Post

I mBaile Athá Cliath a bhfuilim.

Ach... ní hé Baile Átha Cliath an contae is fearr in Éirinn! Is fuath liom Baile Átha Cliath, is aoibhinn liom an tuath!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Emer
Member
Username: Emer

Post Number: 5
Registered: 09-2004
Posted on Friday, September 17, 2004 - 05:41 pm:   Edit Post Print Post

Bhuel, braitheann sé sin ar an áit atá cónai ort. Nil an grá agam do mo cheantar, ach tá an-ghrá agam ar stair Átha chliath agus ar lár na cathrach, agus roinnt áiteanna ar an gcósta.Is fior dhuit go bhfuil an tuath go hálainn, is aoibhinn liom é chomh maith! Ba i sin m'fhadhb nuair a bhiodh orm aiste nó diospóireacht a scriobh ar scoil, faoi cé acu is fearr liom an cathair nó an tuath, nilim in ann dul in aghaidh ceann amháin thar cheann eile.
É sin ráite agam, mothaim go bhfuil sé de dhulgais ar gach aon duine, bród a bheith acu as an áit a rugadh , tógadh nó a chónaionn siad. Muna spreagann áit bród i ndaoine, cén saghas áit atá ann? Áit gan anam nó spioraid.
Bi bródúil & mórtasach as do chontae!
Bhi feachtas fógraiochta ar an teilifis le blian anuas silim a dúirt "ask not what your county can do for you, but what you can do for your county" gabh mo leathscéal faoin mbéarla!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 128
Registered: 08-2004
Posted on Friday, September 17, 2004 - 07:02 pm:   Edit Post Print Post

Na fáthanna gur fuath liom Baile Átha Cliath, tagann a n-iomlan ó aon rud amháin: daonra ródhlúth! Briseann sochaí síos ar fad nuair a chuirtear an iomad dhaoine isteach le chéile. Is ansin a thagann drugaí, gothaí frithshóisialta, coir eagraithe, isteach sa phictiúr. Agus tagann a lán fadhbanna eile freisin, brú tráchta mar shampla. Táthar ag tógáil tithe agus árasán ar gach giota dúiche gur féidir leo a lámha a fháil air! Tógtar eastáit tithe, timpeallaithe le bóithre, gan dúiche ar bith ina thimpeall gur féidir leis na páistí súgradh air.

Tá téarma agam air, saol na cathrach. Ní maith liom é agus is cinnte go bhfágfaidh mé Baile Átha Cliath, ní fhanfaidh sa charn fuílligh seo. Tá na trí chúige eile amuigh le haimsiú agus tá dóchas ann dóibh - déan mar nach ndéanann Baile Átha Cliath agus éireoidh thar barr leo!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Emer
Member
Username: Emer

Post Number: 6
Registered: 09-2004
Posted on Sunday, September 19, 2004 - 06:40 am:   Edit Post Print Post

Ni bheinn in ann Baile Átha Cliath a fhágáil go héasca. Tá mé ró thógtha léi. Is as B.Á.C mo mhuintir agus mo sheanmhuintir chomh maith, d'fhéadfá rá go bhfuil sé i m'fhuil!
Cinnte téigh ar thóir do pharadaise, ach táim ag rá leat go cloisfidh tú i ag gloach ort, go mbeidh tú uaigneach di,priomhchathair na hÉireann, Baile Átha Cliath!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Monday, September 20, 2004 - 03:10 am:   Edit Post Print Post

Is mise Bleá Cliathach a thréig an cathair do Gaeltacht timpeal sé mhí ó shin le mo bhean - as Tiobrad Árainn ise - agus anois tá muid breá sásta i gcroí lár ceantair Gaeltachta in gConamara. Is íontach go deo an athrú.

Ní h-é go raibh fuath agam do mo cheantair dhuchais ach gur theastaigh uainn bheith i gceantair le Gaeilge, bhí na "páiste" críochnaithe leis an gcóras Oideachais agus bhí an seans againn agus glachamar leis.

Anois, buíochas leis an idirlíon, is féidir mo chuid oibre a dhéanamh anseo agus ní bhíonn orm dul go Bleá Cliath ach anois is arís.

Agus ar chúl an tí - agus ós a comhair - tá tír na n-óg!

Moladh go deo le Dia!

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge