New Yorker (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Saturday, September 11, 2004 - 08:27 pm: |
|
Paidir Phroinsias Naofa Déan gléas chun síochána díom id láimh, a Thiarna San áit a bhfuil fuath go gcuire mé an grá San áit a bhfuil ciontacht go gcuire mé pardún San áit a bhfuil coimhlint go gcuire mé aontú In áit na hearráide go gcuire mé an fhírinne In áit na doirheachta go gcuire mé creideamh San áit in a bhfuil fulaingt go gcuire mé lúcháir A Thiarna, deonaigh a spreagadh dhom sólas a thabhairt seachas sólas a fháil dul i dtuiscint ar dhaoine seachas go dtuigfí mé féin Grá a roinnt ar dhaoine seachas grá fháil uathu Mar is le linn dúinn tabhairt a fhaighimid féin Is le linn dúinn pardún a thabhairt a mhaitear dúinn Is le linn dúinn bás a fháil a théimid i seilbh na beatha síoraí. Áistriúchán le Liam Prút |