Author |
Message |
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 19 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 08, 2004 - 04:48 pm: |
|
A chairde nach bhfuil rud a bith conspoideach agaibh le labhairt faoi? Cúrsaí moráltachta, cursaí gaeilge srl? Le cúpla lá anuas tá cuma ladránach tagtha ar an suíomh, no b'fhéidir nach é seo ach tuairim s'agamsa cad a cheapann sibhse? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 77 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 09, 2004 - 04:42 am: |
|
Níl méid daoine mór go leor anseo le fíorchomhrá a bheith againn. Ní thagann a lán daoine go dtí an chuid seo den fhóram mar níl Gaeilge go leor acu le nótaí a thuiscint. Bhí mise mar an gcéanna, nuair nárbh fhéidir liom an scríobh a bhíodh anseo a thuiscint, ní thagainn chuig an gcuid seo den fhóram, d'fhanas sa chuid de Bhéarla. |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 09, 2004 - 11:14 am: |
|
Níl clár plé lán-Ghaeilge ar bith gnóthach le tamall anuas. Téim go roinnt mhór acu ag déanamh comporáid. Bhí eagla orm go raibh an locht ormsa agus ár gclár plé féin an-chiúin ( www.scoilgailge.org/liosta), ach sin mar atá chuile háit. Táimid scapaithe fud fad an idirlín anois, sin deacracht amháin. Agus is rí-mhinic nach mbíonn daoine dea-mhúinte, go háirithe i leith Meiriceánaigh, le trí bliain anuas. Ní minic gur mhaith le daoine conspóid a chur trí chéile, mar sin, mura n-aontaíonn siad lena chéile cheana féin. Sin m'aithne-se ar an saol, ar aon nós. Agus tá na scoileanna ag tosnú arís, agus tá daoine an-ghnóthach, má tá siad ar ais óna laethanta saoire! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 113 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 09, 2004 - 11:54 am: |
|
|
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 09, 2004 - 12:19 pm: |
|
Go raibh maith agat! (sciorradh méire!) |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 20 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 09, 2004 - 12:35 pm: |
|
ceartaíonn tú aonghus, ach dúirt tú'ag déanamh comparáid' ach nach 'ag déanamh comparáide' atá ann? ach cé hé mise le bheith do do cheartú? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 84 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 09, 2004 - 01:09 pm: |
|
Tá tú ag foghlaim, a Aineolaí na Gaeilge! |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 09, 2004 - 03:29 pm: |
|
Féar plé duit. Beidh leasainm nua uait sul i bhfad, a A na G! |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 21 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 09, 2004 - 05:04 pm: |
|
cad é mar atá mé ag foghlaim a fhear na mbrog? Ach cad is brí le féar plé?! Mar a léiríonn m'ainm, níl gaeilge fhoirfe agam! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 87 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 02:47 am: |
|
Tá tú ag foghlaim mar bhí fhios agat gur: ag déanamh comparáide a bhí ag teastáil! Féar Plé = Fair Play. (I take it that that's just a funny little phrase, as opposed to it having originated from the Irish for "Discussion Grass", yeah?) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 116 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 04:21 am: |
|
Galar forleathan i measc na nGael a bheith ag ceartú a chéile. Agus is iomaí sciorradh méire a bhuaileann muid sna bolaí seo. Maidir le gaeilge foirfe - bíonn muid uilig de shíor ag foghlaim... |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 22 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 11:21 am: |
|
Nach cothrom na Féinne an rud ar choir dúinn a rá, nuair a a deir muid, 'fair play.' Agus nach focal baininscneach é Gaeilge, agus mar sin de nach gaeigle fhoirfe atá ann chan gaeilge foirfe, níl a fhios agam. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 125 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 11:27 am: |
|
Tá "fair play dhuit" sa chaint. Ciallaíonn sé "maith thú" seachas "cothrom na féinne dhuit". Agus is léir gur fada ó foirfeacht atáimse, mo lean. Tá an cheart agat gurb focal baininscneach í Gaeilge. |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 11:55 am: |
|
(Mo léan - an ceart - gur focal) Galar forleathan eile is ea é go mbíonn beagnach gach comhrá as Gaeilge faoin nGaeilge! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 128 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 12:23 pm: |
|
Tógaimis na piollairí, mar sin. Conas tá ag eirí le do leabhar? An bhfuilir fós ar buile? |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 01:35 pm: |
|
Sílim go bhfuil sé ag éirigh go maith, grma. Tá sé ar fáil anois ar bn.com agus amazon.com, agus trí dháileoir mór do shiopaí. Beidh ardcheardlann á reachtáil inár scoil (ní bheidh mise dá mhúineadh) chun staidéar a dhéanamh air. Tá plean agam (agus an córas ceart) chun taifead a dhéanamh de na dánta, ach nílim ach ag tosú air fós. Táim ag obair ar dhlúthdhiosca ceoil a bhaineann le roinnt díbh freisin. Bhí trácht ar an leabhar san alt a bhí san Irish Voice fúinne( http://www.irishabroad.com/news/irishinamerica/news/IrishLanguageAliveonLongIsla nd.asp). Ní dhearna mé léamh ar bith ón seoladh, fós. Níl an t-am agam (ná an fonn orm) an obair sin a dhéanamh faoi láthair (chun deiseanna a 'dhrumáil suas' dom). Tá cara dom (Clár Curtin, a bhíonn i measc Dhaltaí na Gaeilge) ag taispeáint an leabhair do mórán daoine in Éirinn. Ní fheadair an mbeidh toradh as, ach is rud deas é, pé scéal. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 23 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 01:36 pm: |
|
Cluinim féar plé duit i gconaí, ach mhothaigh mé rith in ama, gur cothrom na féinne ab cheart, ach nach ionann iad? Ar a bharr seo a chairde, tá dúil as cuimse agam i gcúrsaí áistriúcháin an bhfuil a fhios ag duine ar bith suíomh idirlíne ar bith chun cleachtadh a fháil air? |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 02:06 pm: |
|
Is cor cainte Béarla na hÉireann é 'Fair Play.' Úsáidtear sa Ghaeilge i gcónaí é, leis. An bhfuil aithne agat ar www.acmhainn.ie? Tá mórón eolais ann faoin aistriúchán. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 24 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 10, 2004 - 02:37 pm: |
|
Tá a fhios agam, agus go raibh maith agat as an méid eolais sin a thug tú dom, agus go mbeidh an t-ádh i rith leat le do leabhar, tá cúpla leabhar seolta ag m'athair, ceann do pháistí bunscoile darb ainm 'Cúl agus Cúilín'agus ceann eile d'fhoghlaimeoirí darb ainm'Fáilte Isteach' Leabhair fhiúntacha ar fad iad. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 25 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 11, 2004 - 04:34 am: |
|
An bhfuil duine ar bith ag tabhairt a n-aghaidh ar Pháirc a' Chrocaigh amárach? Corcaigh abú! |
|
Emer (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Saturday, September 11, 2004 - 09:30 am: |
|
fior dhuit! Corcaigh abú! |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 26 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 11, 2004 - 01:38 pm: |
|
Is fear aontroma mé agus thug sibh greadadh dúinn, ach ba mhaith liom sibh a fheiceáil ag baint amárach!!! Cad é a shíleanna sibhse faoin chluiche? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 100 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 11, 2004 - 03:08 pm: |
|
Rud amháin, a Aineolaí na Gaeilge, is brí le "fear Aontoma" ná "Antrim's man". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 134 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 04:47 am: |
|
In ainm Chroim, Fear na mBróg. Na bí ag caitheamh anuas de shíor ar dhaoine. Sa chás seo, tá tú mícheart. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 104 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 04:57 am: |
|
Aontroim Muintir Aontroma = The people of Antrim, Antrim's people Fear Aontroma = The man of Antrim, Antrim's man Conss atáim mícheart? An cás eile é seo ina mbaintear focal "indefinite" as focal "definite"...? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 135 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 05:01 am: |
|
Fear aontroma - tá sé soléir ón gcomhthéacs gur leagan gearr de "fear de chuid Aontroma" nó "duine de lucht tacaíochta Aontroma" atá i gceist. Gnáth nós le fada an lá. Tá Gaeilge na leabhair agat gan dabht. Ach caithfidh tú teacht isteach fós ar chaint na ndaoine. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 105 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 05:26 am: |
|
"fear d'aontroma" b'fhéidir? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 138 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 06:40 am: |
|
Ná bí ag athchumadh na teangan. Tá "fear aontroma", mar a d'úsaid AnaG é, ceart, intuigthe agus fairsing. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 107 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 07:32 am: |
|
AAAAAAAAAAAAAaaaaaaaahhhhhhhhhhhhhhhh! |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 12:01 pm: |
|
Phléasc a cheann? :-) |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 27 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 01:52 pm: |
|
Is fíor go bhfuil gaeilge na leabhair aige, is í gaeilge teanga an tí i mo theach féin, deir m'athair seo, agus mo mháthair 'fear aontroma', agus níl mise ag dul iadsan a cheartú! Níl an ceart agat, tá gaeilge ar do thoil agat, ach ar ndoigh is soléir go gcloíonn tú go huile is go hiomlán leis na leabhair. |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 03:19 pm: |
|
Tá comhrá ar an gclár plé seo cosúil le cluiche eitpheile le mo pháistí. Ní minic go mbíonn an liathróid thar an líon níos mó ná uair amháin sula dtiteann sé. An féidir libh níos mó ná dhá theachtaireacht a scríobh gan caint faoin nGaeilge? |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 28 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 03:32 pm: |
|
An bhfuil rud ar bith a thiocfá leat a labhairt faoi? Nach bhaineann tú sult as seo, daoine ag plé na gaeilge trí mheán na gaeilge! Is clár plé é seo cibé doigh ina n-amharcann tú ar, ach tuigim an rud atá tú ag rá. Ach bhí orm mo chás a phlé ar ndoigh! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 108 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 14, 2004 - 03:49 am: |
|
A Shéamais, sin an ndéanann muid anseo! "Daltaí na Gaeilge" a dtugtar ar an láithrean seo! Agus in ainm Dé, sé "Gaeilge na Leabhar", gan an litir i! (Agus sin cás eile in a mbaintear focal "indefinite" as "Gaeilge"? Agus dála an scéil cad í an Ghaeilge ar "indefinite"?)(dála an "scéil" nó "scéal"?) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 140 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 14, 2004 - 04:17 am: |
|
dála an scéil Neamhchinnte, seans. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 142 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 14, 2004 - 10:29 am: |
|
éiginnte Dála an scéil, a Shéamais, tusa a lig don liathróid titim an uair seo: (Message edited by aonghus on September 14, 2004) |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 110 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 14, 2004 - 11:05 am: |
|
óóóóóóóóóó, taitníonn sí liom! |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 29 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 14, 2004 - 11:33 am: |
|
Ó tá bron orm, tuigim mo bhotún ansin, botún bomtach a bhí ann, go raibh maith agat a fnab. |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Tuesday, September 14, 2004 - 11:35 am: |
|
? D'fhiafraigh tú díom faoi mo leabhar, agus thug mé freagra duit. Ansin, tosaíodh ar 'fair play' a chur trí chéile. Is maith an rud é, ar dhóigh, go bhfuil an bhéim sin ann ar an gclár seo. Tá éagsúlacht ann idir é agus an ceann atá ag www.scoilgaeilge.org/liosta. Beatha duine a thoil, mar a deirtear! Ach bíonn sé ann mar fhadhb de ghnáth nuair a thosaíonn daoine ag caint lena chéile as Gaeilge, nach mbíonn ann ach conspóidí faoin ngramadach. Seanscéal é (ón naoú aois déag i leith, ar a laghad!) |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 30 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 14, 2004 - 02:19 pm: |
|
Ach nuair a mhothaím go bhfuil an ceart agam, déanaim mo sheacht ndícheall an fod a sheasamh! Bhain mé trial as an suíomh sin, ach níor tháinig sé aníos ar an droch uair, cad é a bhíos á plé agaibh ansin? Is maith liom diospaireachtaí gramadaí ach san am céanna giota craic! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 145 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 15, 2004 - 04:10 am: |
|
Ní mór duit Internet Explorer d'úsáid. Bíonn gach saghas abhár seachas polatíocht SAM a phlé ann. Bíonn gach rud faoin spéir a phlé ar Chlár Plé Bheo (Message edited by aonghus on September 15, 2004) (Message edited by aonghus on September 15, 2004) |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 31 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 15, 2004 - 11:22 am: |
|
Tá mé cláraithe anois Buíochas le Dia! An rud fiúntach é i gcointinne? |
|
Eoin Ó Riain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 16, 2004 - 03:08 am: |
|
Más conspóid atá uaibh féach ar www.pobalbearna.com agus cabhraigh leo an áit a choimeád mar atá. Mar a scríobhadh sa nuachtán (Lá?) da mba rud é go raibh an áit seo aon áit seachas ar imeall na cathrach bheadh chuile duine ag troid. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 117 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 16, 2004 - 05:43 am: |
|
Ar luadh muidne i Lá?! Agus an ndúradh go mbíonn muid i gcónaí ag troid?! Ní bhíonn muid ach ag pleidhcíocht! |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 32 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 16, 2004 - 01:29 pm: |
|
Is léir gur suíomh an-chonspoideach é! |
|
Eoin Ó Riain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Friday, September 17, 2004 - 07:16 am: |
|
Bhí mise ag iarraidh díriú ar www.pobalbearna.com agus a laghad Gaeilge atá air.. mise an taon duine amháin a rinne iarracht píosa beag Gaeilge a chuir isteach ann. Tá Bearna beagnach báite leis an mBéarla - is ceart a thaispeáint go bhfuil spéis ag pobal na Gaeilge ina gcás... |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 34 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 18, 2004 - 03:15 am: |
|
mar sin de ní fiú dul air más mar sin atá, gaeilge atá uaimse, chan béarla. Agus a chairde, chríochnaigh mé an leabhar tá cúpla lá o shin, is glas na chnoic, ar fheabhas ar fad. |
|
Eoin (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Sunday, September 19, 2004 - 04:19 am: |
|
Ní thuigim do sheasamh... Seo pobal in ainm is a bheith sa Gaeltacht agus níl brú ar bith ortha Gaeilge a úsáid - má labhartar Gaeilge leo ní mór dóibh Gaeilge a labhairt... Cuirimís brú ortha ag www.pobalbearna.com.! |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 35 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 20, 2004 - 04:26 pm: |
|
tá an suíomh seo ag éirí ladránach arís! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 158 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 21, 2004 - 06:01 am: |
|
|
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 37 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 21, 2004 - 02:44 pm: |
|
béasach?! Ní hea sin an rud atá ann, bhuel más rud é gur maíonn béasach ladránach tá an ceart agat! |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 38 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2004 - 01:22 pm: |
|
cad é atá cearr le achan duine anseo?! |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 39 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 28, 2004 - 02:05 pm: |
|
An bhfuil an áit seo tréigthe agaibh anois? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 202 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 29, 2004 - 04:19 am: |
|
Níl. Bhíomar gnóthach thall ar an dtaobh ilteangach. |
|
Eoin Ó Riain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 06, 2004 - 08:20 am: |
|
Is cosúil go bhfuil deireadh le chonspóid!!! Eoin |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 250 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 06, 2004 - 09:54 am: |
|
Baineann tonntracha le conspóid agus plé. Thuas seal, thíos seal. Tá cursaí sách bríomhar ar an dtaobh ilteangach. |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 06, 2004 - 02:38 pm: |
|
Faraor, ní minic go mbíonn daoine sásta rud ar bith a phlé as Gaeilge amháin sna laethanta seo. De réir dealraimh, beidh mé ag léamh ó mo leabhar, agus beidh daoine ó Dhaltaí na Gaeilge ag déanamh taispeántais leis, ag Ollscoil Boomfield i Nua-Iorsaí, 3 Samhain, ar a hocht a chlog sa tráthnóna. |
|
Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 06, 2004 - 03:42 pm: |
|
A Shéamuis, a chara, An bhfuil fhios agat cén áit ag Ollscoil Bloomfield a mbeidh an léacht/cóisir ar siúl? Tá cónaí orm 10 míle síos on bóthar. Tá an tuisceart NJ lán le Gaeilgeoirí/foghlaimeorí. Tá súil agam go mbeidh do léacht lán go béal. Slán tamall, Paul |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 06, 2004 - 04:31 pm: |
|
Níl a fhios agam go fóill. Beimid ag Westminster Art Gallery on Franklin St. ar 7:30 chun ullmhú roimhe, le cúnamh Dé. Sin an plean mar atá. Gheobhaidh mé níos mó eolais roimhe sin. Tá áthas orm go bhfuil spéis agat ann! Ní raibh mé i mBoomfield riamh roimhe seo. Cén saghas áite é? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 06, 2004 - 06:47 pm: |
|
A Shéamuis, a chara, Is bruachbhaile plódaithe é. Tá líne traenach an-mhaith acu -- níl sé ach leathuair ó Mhanhattan. Tá sé suite idir Newark agus Montclair. Ritheann an Garden State Parkway trid Bloomfield. Taitníonn na páirceanna póiblí go mór le moran daoine, go háirithe Brookdale Park. Is an gnáthbhruachbhaile é, i ndáiríre. Slán tamall, Paul |
|
Eoin Ó Riain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 07:11 am: |
|
Ceard faoi Poball Bhearna ag chur duine gan Gaeilge mar ionadaí don toghchán don Údarás? Tuairim ag éinne? |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 45 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 04:46 am: |
|
Cad é faoi Bush a chairde, rogha an dhá dhíoga a bhí ann, ach ó thaobh na moráltachta de bhí Bush níos fearr, bhí seisean in éadan an ghinmhilleadh agus is maith é sin a fháil amach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 369 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 06:18 am: |
|
Is fearr polaitíocht Mheiricéa a sheachaint anseo, a Aineolaí. Tarraingíonn sé achrann a chuireann isteach ar gnáth obair an suíomh. Tabhair an plé go http://www.beo.ie/ple, más mian leat plé. |
|
Rebecca (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 09:53 am: |
|
Tá mise chun máistreacht a dhéanamh sa Ghaeilge go luath - smaointí ar bith ag éinne faoi theideal thráchtais? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 373 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 11:10 am: |
|
Tionchar Kevin Myers ar shláinte meabhrach Gaeilgeoirí san éarnáil teanga ! Nach mbraitheann an teideal ar spéiseanna do ollúna? |
|
Rebecca (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 12:37 pm: |
|
Dúradh linn smaointí a chur i mbosca i rith na bliana. Ghlac mé leis an rud a bhí i gceist leis sin ná go roghnódh muid ár dtráchtas féin. Níl mé á dhéanamh go deireadh na bliana. Ach caithfidh me a rá nár mhaith liom aon 'encouragement' a thabhairt do Kevin Myers, is maith leis a bheith ag tabhairt amach. Rebecca |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 04:12 pm: |
|
Fás na Gaeilge i Meiriceá? Bheifeá in ann cuairt a thabhairt orainn, mar sin! |
|
Rebecca (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 05:14 pm: |
|
Ní droch smaoineamh é sin!! Ní raibh mé i Meirceá riamh, bhí mé i gCeanada cupla uair-ach deirtear liom nach bhfuil sé mar an gcéanna(!) Caithfidh mé a rá nár thuig mé go raibh an oiread sin suim ag Meirceánaigh sa Ghaeilge. Sílim anois go m'bhfhéidir go bhfuil níos mó suime ag daoine i Meirceá sa Ghaeilge ná atá ag muintir na hÉireann féin! |
|
Alevans
Member Username: Alevans
Post Number: 142 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 06:25 pm: |
|
Rebecca: "Sílim anois go m'bhfhéidir go bhfuil níos mó suime ag daoine i Meirceá sa Ghaeilge ná atá ag muintir na hÉireann féin!" B'fhéidir. Ach is cinnte go bhfuil níos mó daoíne i Meiriceá! --Al Evans |
|
Rebecca (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, November 05, 2004 - 07:26 pm: |
|
Touché! Bhuel, cinnte tá ach cé mhéad acu a bhfuil cúlra Éireannach acu i gcomparáid le muintir na hÉireann? Ba cheart go mbeadh níos mó suime ag muintir na hÉireann inti, tá siad ina gcónaí sa tír. Beidh a gcultúr imithe muna ndéantar rud éigin. Ní dóigh liom go bhfuil suim ag na daoine óga (a deir mise agus mé 27!!) in aon rud na laethanta seo. Ach is cinnte nach dtuigeann siad... Níl a fhios agam cé mhéad duine a dúirt liomsa nár thaitin sé leo nuair a ghlaoigh daoine 'sasanaigh' orthu agus dúirt cuid mhór daoine liom gur lig siad orthu go raibh Gaeilge acu tríd an 'Ár n-athair' a rá agus iad ar saoire! |
|
Alevans
Member Username: Alevans
Post Number: 143 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 06, 2004 - 11:10 am: |
|
Éireannaigh in Éireann, 2000: 3,797,257 Éireannaigh i Meiriceá, 2000: 30,258,492 :-) --Al Evans |
|
Rebecca (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Saturday, November 06, 2004 - 04:27 pm: |
|
Go leor mar sin! bhuel b'fhéidir gur cheart dóibh bogadh ar ais go hÉirinn agus beidh athbheochan na Gaeilge againn arís. |
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Monday, November 08, 2004 - 11:41 am: |
|
|
|
Lúcas
Member Username: Lúcas
Post Number: 32 Registered: 01-2004
| Posted on Tuesday, November 09, 2004 - 04:47 pm: |
|
B'fhéidir gur tír cheilteach Méiriceá. De réir daoináireamh, má's Cornach cúig faoin gcéad Sasanaigh agus má's Briotanach cúig faoin gcéad Francaigh, tá sinsear Cheiltigh níos mó ná sinsear Ghearmanaigh sa Mhéiriceá. Féach suas ar na uimhreacha.
Céim |
Sinsear |
Milliún |
#1 |
Gan tuairisc |
66.2 |
#2 |
Gearmánach |
48.2 |
#3 |
Éireannach |
34.3 |
#4
| Sasanach |
28.4 |
#7 |
Francach (seachas Bacach) |
9.8 |
#9 |
Alabanach |
5.7 |
#10 |
Éireannach Alabanaigh.............. |
5.3 |
#17........ |
Breatnach |
1.9 |
Mise le meas, Lúcas
|
|
Séamas Ó Neachtain (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 10, 2004 - 10:57 am: |
|
Sea, ba chóir ainm mar seo a chur orainn, is dócha: Na Stáit Aontaithe Ó Meiriceá! |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 46 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 12, 2004 - 04:44 am: |
|
an bhfuil duine ar bith eolach ar an AEA sa ghaeilge, tá sé ar ininn agam é a dhéanamh, agus ba mhaith liom fáil amach an bhfuil na hiarrpháipéir ar fáil áit ar bith. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 47 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 14, 2004 - 07:53 am: |
|
Bheul a chairde tá am na Nollag orainn anois, cad é bhur bpleannanna don Nollaig agus don Ur bhliain? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 621 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 14, 2004 - 04:49 pm: |
|
Mo scíth a ligeann le mo chlann. Níos lú ama a chaiteamh (a chuir amú?) anseo. Dul soir chuig máthair mo chéile. Thar rud ar bith eile, conspóid a sheachaint (mar dhea agus go néireoidh liomsa mo chlab a coinneáil iata do níos mó ná cúig bomaite ) |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 48 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 24, 2004 - 12:35 pm: |
|
Nollaig shona do gach duine ar an suíomh, agus athbhliain faoi mhaise agaibh? |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 49 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 24, 2004 - 12:36 pm: |
|
An bhfuil moran eagraithe o thaobh na gaeilge de, go ginérialta? |
|