Author |
Message |
Betty OBrien
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 07:05 am: |
|
Mo theanga Sa oileán an-bheag ach an-mhór Tá stór ansin, stór na hór. Ach níl sé daor, níl sé mór Is teanga é, mo an-sheanshtór. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 09:01 am: |
|
An tusa a scríobh é sin? Is deas an dán é! Ní theastaíonn uaim é a scrios, mar sin, ní ach thabharfaidh mé cúpla pointe duit: ansin -> ann stór na hór -> stór óir Is teanga é -> Is teanga í mo an-sheanshtór -> m'an-seanstór |
|
Betty OBrien
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 11:06 am: |
|
Go rabh maith agat, ach ceapaim go tá "Is teanga é" ceart, mar ciallann sé "Is teanga stór" agus tá "stór" fireann. Caithfidh "mo an-sheanshór" "m'an-sheanshtór" a bheith, mar déanann "an-" agus "sean" séimhú. Níl mo Ghaeilge go maith, táim ag foglaim Gaeilge 1/2 blian go gníomhach. Go rabh maith agat! |
|
Betty OBrien
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 11:23 am: |
|
An tAigéan Atlantach Tá an fharraige i bhfad, Tá uisce ar a tsráid. Ta an fharraige mór, Tá na tonnaí a stór. Is maith liom dánaí, ach tá mo dhánaí ró-shimplí. |
|
Betty OBrien
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 11:26 am: |
|
Tá a fhios agam go níl mo dhánaí ceart, ach tá gá agam leis na rímí... |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 01:37 pm: |
|
Quote:Go rabh maith agat, ach ceapaim go bhfuil "Is teanga é" ceart, mar ciallann sé "Is teanga é an stór" agus tá "stór" fireannach. Caithfidh "mo an-sheanshór" a bheith mar "m'an-sheanshtór", mar séimhíonn "an-" agus "sean". Níl mo Ghaeilge go maith, táim ag foghlaim Gaeilge 1/2 bliaín go gníomhach. Go raibh maith agat!
Go fóill, déarfainnse: Is teanga í - m'an-seanstór Ní féidir "st" a shéimhiú, m. sh. Staon sé Agus ní shéimhítear na litreacha "d t s" i ndiaidh na litreacha "d t s l n". Mar sin: m'an-seanstór -- Tá uisce ar a sráid. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 01:38 pm: |
|
an dán na dáin Ní focal é "dánaí". |
|
OBrien
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 02:14 pm: |
|
Go raibh míle maith agat! Níl múinteoir agam, dá bhrí sin déanaim go leor meancóige. Tá ("word blindness") agam, dá bhrí sin níl bhfeicim na meancóige. Domhan agus mise Tá an ghrian ag lonrú Tá an ghaoth ag séideadh Tá na héin ag canadh Agus tá mé an-bhrónach Níl rím ann, ach tá súil agam go tá sé ceart. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, July 10, 2004 - 07:48 pm: |
|
Quote:Go raibh míle maith agat! Níl múinteoir agam, dá bhrí sin déanaim meancóga go leor. Tá ("word blindness") agam, dá bhrí sin ní fheicim na meancóga.
Ach, is le háthas go ndeirim nach raibh botún gramadaí ar bith i do dhán deireannach... ach b'fhéidir go gcuirfí "an domhan" in ionad "domhan"! (Agus b'fhéidir gurbh fhearr leat "tá an-bhrón orm") |
|
OBrien
| Posted on Sunday, July 11, 2004 - 05:30 am: |
|
Go raibh míle maith agat! Tá súil agam go ní réabaim d'am. Caithfidh mé stad dáin a scríobh nó go bhfuil Gaeilge agam níos fearr. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, July 11, 2004 - 07:39 am: |
|
Tá Claon-Insint le foghlaim agat! Tá mé go maith Deir mé go bhfuil mé go maith Níl mé go maith Deir mé nach bhfuil mé go maith Dhún sé an doras Dúirt sé gur dhún sé an doras Níor dhún sé an doras Dúirt sé nár dún sé an doras Dúnann sé an doras Deir sé go ndúnann sé an doras Ní dhúnann sé an doras Deir sé nach ndúnann sé an doras Mar sin, Quote:Tá súil agam nach réabaim d'am. nó Tá súil agam nach bhfuilim ag réabadh d'ama.
Ná bí pleidhciúil, roghnaím bheith anseo! (Ach aontaím gurbh fhearr leat fannacht go dtí go bhfuil beagán Gaeilge níos mó agat! |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Monday, July 12, 2004 - 02:55 pm: |
|
an dán an dáin na dánta na ndánta! an-deas, an-sean, an-suimiúil. Sa Mhumhan, ceadaítear an-dheas, an-shean, an-shuimiúil. Ach foghlaim an caighdeán ar dtús. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, July 12, 2004 - 03:10 pm: |
|
Tá an ceart agat, a Shéamais, ach níor theastaigh uaim rúdaí a chur trí chéile. (...agus feicim gur scríobh mé "na dáin", Opps!) |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 09:28 am: |
|
|
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 10:30 am: |
|
Bhíos ag clár plé Bheo riamh; is cloiginn chaic iad. Tá iomlán rialacha ghramach na Gaeilge ag roinnt díobh, agus mar sin ceapann siad go bhfuil siad líofa. Ach níl sé, agus léiríonn sé ina labhairt. Ach go fóill, níl siad chomh díomasach leis na hamadáin atá ag irishtranslator.com 'Sé seo an t-aon chlár amháin lena mbacaim, is cac iad na cinn eile. |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 01:54 pm: |
|
Tá súil agam nach masla so mo cheannsa sin! Is ionnamh a labhraímid faoin ngramadach ansin. Agus is cinn chaca iad as cúiseanna eile, roinnt acu siúd! D'fhág mé an clár sin, agus is é an clár seo agus ár gceann féin (scoilgaeilge) amháin na cinn lena mbainimse. Is é craiceailte.com an ceann is measa é, dar liom. Ní fiú dom Gaeilge-A nó na liostaí sin fiú níos mó. Ní maith liom frith-Mheiriceánachas, an dtuigeann tú. An léann tú (nó duine eile) Comhar? Tá alt agam ann an mhí seo. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 04:11 pm: |
|
Comhar? An páipéar nuachta é sin? Ní théim go cláir Ghaeilge ach na cinn atá i dtaobh Gaeilge a fhoghlaim. Dá rachainn go ceann faoi Ghaeilge i gcoitinne, bheadh sé sin cosúil le dul go dtí "English Board" - Cad faoina labhróimis?! Ní théim go cláir Béarla ach cinn áirithe! |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 04:25 pm: |
|
Irisleabhar is ea é. Ní líofacht gan úsáid, agus bíonn rud éigin ann mar ábhar cainte i gcónaí - má tá daoine go leor ann. |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, July 14, 2004 - 06:08 am: |
|
A FnaB, má chaitheann tú daoine a mhaslú, ta raidhse focail as gaeilge ann, seachas lom aistriúchán ón mBéarla: pleidhce lúdramán amadán agus rl. Maidir le clár plé Bheo, bíonn comhrá maith ann ó am go chéile, ach ós rud é gur clár oscailte gan (mórán) cinsearachta atá ann, bíonn mórchuid seafóid ann freisin. |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 02:51 pm: |
|
Is maith gur scríobhais dán. Ní gá duit rím a bheith agat laetha seo na saor-bhéarsaíochta, ach caithfidh tú ábhar fiúntach,nó ábhar greannmhar agus mothúchán agus íomhá nó samhlaoid a bheith agat ins na dánta. Ach lean ar aghaidh - tá ana-chuid Gaeilge agat ós rud é gur nua-fhoghluimeoir thú. Go n-éiridh leat. Caitríona |
|
Betty OBrien
| Posted on Monday, July 19, 2004 - 08:51 am: |
|
("Noname 13") Táim ag lorg mo bhaile Táim ag lorg mo thír Níl féidir liom dul abhaile Cá bhfuil mo thír, cá bhfuil í? Táim ag lorg mo theanga mhaith Tá súil agam go níl sí briste Feicim sin - an scrios luath Na Daoine na hÉireann - bí cliste! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, July 19, 2004 - 09:36 am: |
|
Tá sé sin go maith! -- Ní athróidh mé do dhán, ach ceartóidh mé an ghramadach: Quote:Táim ag lorg mo bhaile Táim ag lorg mo thíre Níl féidir liom dul abhaile Cá bhfuil mo thír, cá bhfuil sí? Táim ag lorg mo theanga maithe Tá súil agam nach bhfuil sí briste Feicim sin - an scrios luath a Dhaoine na hÉireann - bí cliste!
D'úsáidfinn "a Mhuintir na hÉireann" in ionad "a Dhaoine na hÉireann". |
|
|