Author |
Message |
cailin fiosrach
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 06:42 pm: |
|
Cad iad bhur dtuairimi faoi seo? An bhfuil bariuil agaibhse faoi ce acu canuint is laidre? Hmmmh . . . , b'fheidir nach e sin an focail i gceart -- ce acu ceann a gcloistear nios minice, an dtuigeann sibh, in Eirinn no pe ait sa dhomhain? An bhfuil daoine ag eiri nios cleachtaithe lena canuint go leir mar gheall ar TG-4 agus Radio na Gaeltachta, agus an gaeltacht domhanda so-ghluaiste? An labhraionn a lan daoine 'an chaideann' no an bhfuil se mar esperanto an Gaeilge? An mbionn daoine in ann na cainiuint go leir a thuigsint? An mbionn daoine ro-chomortasach faoi thaobh da gcaniuint fein o am go ham? |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 08:34 pm: |
|
Bhuel, dar liomsa, labhraímse mar a thaitníonn uaim, tá blas Athá Cliath agam, agus mar sin, is fearr liom fuaimnithe áirithe ná fuaimnithe eile. Ní déarfainn gur le haon chanúint amháin mé, tá meascán eadarthu agam, mo chuid Gaeilge féin! Maidir le daoine a bhfuil canúint eile acu a thuiscint, ní fadhb í domsa a gcuid Gaeilge a thuiscint, ach a mblas! Is ionann é agus éisteacht le cláranna teilifíse Meiriceánacha! 'Sí an teanga chéanna, ach labhartha beagán difriúil! |
|
Jonas
| Posted on Tuesday, May 25, 2004 - 08:20 am: |
|
Mhuise, ní thuigim do cheist! Ní féidir a rá go mbeadh canúint áirithe níos "fearr" ná canúint eile, ní féidir in aon chor! Tá am caite agam i ngach aon Ghaeltacht mhór agus tá teanga álainn ag na cainteoirí iontu. Tá difríochtaí ann, dar ndóigh, ach is difríochtaí canúna iad gan aon cheangail do "níos fearr" a bheith. Is fearr liom féin canúint Chorca Dhuibhne ó chuireas am deas ann go minic agus tá cairde agam sa Ghaeltacht san ach ní déarfainn riamh go bhfuil a gcanúint níos fearr ná, m.sh., teanga Chonamara. Slán go fóill, Jonas |
|
Tomás
| Posted on Thursday, May 27, 2004 - 05:33 pm: |
|
'Sé Gaeilge labhartha go líofa an chanúint is fearr. 'Sé Gaeilge Chonamara an chanúint is láidre, déarfainn. Céard a cheapann sibhse? Ach, ar nós Jonas, ceapaim go bhuil An Ghaolainn -- go háirithe na canúinteacha Chorca Dhuibhne, Mhuscraí is Oileain Chléire -- níos suimiúla ná na canúinteacha eile. Tomás |
|
BR
| Posted on Saturday, May 29, 2004 - 05:07 pm: |
|
Fuair mé an slioct seo as Literary History of Ireland le Dubhglas de hÍde: Foisigh Peter Lombard, Ardeaspag Ard Mhacha De Hibernia Commentarius i Leuven i 1632, agus ar leathanach a seacht feicfidh tú: ...Et dialecti quidem variatio ita se habere passim aestimatur, ut cum sint quator Hiberniae provinciae Momonia Ultonia Lagenia Conactia, penes Conactes sit et potestas rectae pronunciationis et phraseos vera proprietas, penes Momonienses potestas sine proprietate, penes Ultones proprietas sine potestate, penes Lagenos nec potestas pronunciationis nec phraseos proprietas. Tá ceart gan blas ag an Ultach, tá blas gan ceart ag an Muimhneach, níl blas ná ceart ag an Laighneach, tá blas agus ceart ag an gConnachtach |
|
Aonghus
| Posted on Monday, May 31, 2004 - 04:33 am: |
|
Agus n'fheadar arbh Connachtach an té a scríobh? |
|
BR
| Posted on Tuesday, June 01, 2004 - 09:20 pm: |
|
B'fhéidir, cá bhfios? Pé scéal é, caithfidh go bhfuil sé fíor mar tá sé scriobtha i Laidin!! |
|
Caitríona Ní Ghairbhí
| Posted on Tuesday, July 06, 2004 - 06:55 pm: |
|
Seafóid. Siad Gaoluinn na Mumhan agus Gaeilge Thír Chonaill na canúintí teanga is milse agus is ceolmhaire ar fad. Éistigí le fuaimeanna na n-abhann is na n-aigéan agus samhlaigí na sléibhte ársa ansin i gCiarraí agus i dTír Chonaill. Ansan tuigfidh sibh áilleacht agus ceol na bhfocal i nGaoluinn na Mumhan agus i nGaeilge Thír Chonaill. Tá Gaeilge Chonnacht chomh gruama, scéirdiúil leis an dtír-dhreach féin.( Caithim a admháil gur Muimhneach mé.) |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, July 07, 2004 - 08:00 am: |
|
Deir daoine áirithe gurb í canúint Chúige Uladh an chanúint is fearr. Deir daoine áirithe gurb í canúint Chúige Mumhan an chanúint is fearr. Dear daoine áirithe gurb í canúint Chúige Chonnacht an chanúínt is fearr. |
|
Tomás
| Posted on Wednesday, July 07, 2004 - 09:54 am: |
|
Mar sin, labhraimid d'aon ghuth! 'Sé Gaeilge labhartha go líofa an chanúint is fearr, tar éis an tsaoil. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, July 07, 2004 - 10:48 am: |
|
Is cuma liom cén chanúint a labhraíonn tú, tuigfidh mé fós thú ;-)! |
|
Ed
| Posted on Wednesday, July 07, 2004 - 02:49 pm: |
|
Is fíor duit é sin, a Fhir, ach dar liom tá binneas le cloisteáil sa Ghaoluinn nach bhfuil ann sa canúint eile. Mo cheol thú, a Chaitríona. |
|
Tomás
| Posted on Thursday, July 08, 2004 - 03:38 pm: |
|
Mar a dúirt mé cheana, creidim go bhfuil an chanúint (i.e., an Ghaeltacht)Chonamara an ceann is láidre. Agus 'sí an chanúint go bhfuil eolas mhaith agamsa, chomh maith. Áfach, mar a dúirt mé freisin cheana, ceapaim go bhfuil an Ghaoluinn an chanúint is suimiúla agus (gun to my head) déarfainn an ceann is milse chomh maith. Go maire é! Ach, tá áilleact i gcluasa an éisteora, a chairde. Ceapaim, i ndáiríre, go mbrathann sé ar an gcainteoir. Agus, caithfidh mé a rá, in aon chanúint, tá Gaeilge an seanchainteora dhúchaise níos milse, ceolmhaire agus líofa ná an chuid ag na daoine faoin caoga. Ar chuala sibh agallamh riabh le duine éigin ar nós -- mar shampla -- an t-amhránai Tommy Jimmy (as Conamara)? An-cheolmhar (ar nós maidhmeanna ar an bhfarraige) agus an-mhilis. Mar sin, ní aontaím le Caitríona ar chor ar bith agus a thuairim faoin Ghaeilge labhartha Chonamara. Tomás |
|
Criostóir
| Posted on Monday, July 12, 2004 - 06:34 pm: |
|
Nach mbeadh sé nios fearr "a tuarim" a scríobh (faoin Ghaeilge labhartha Chonamara) in áit "a thuairim" ? |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 04:41 am: |
|
Bheadh, ós rud é go bhfuil Caitríona baineann! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 07:19 am: |
|
...sin a n-insítear dúinn |
|
Tomás
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 02:22 pm: |
|
Tá an ceart agat, a Chriostóir, a chara. GRMA. Agus... Gabh mo leithscéal, a Chaitríona. Rinne mé "typo." Ní raibh mé ag caitheamh drochmheasaithe ar do bhanúlacht. Tomás |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, July 13, 2004 - 04:15 pm: |
|
a Thomáis, a Thomáis... ceapaim gurbh fhearr dá mbeadh sé fágtha agat mar "typo" gan dul isteach in ábhar a bánulachta! |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 02:32 pm: |
|
Bhíos idir mhagadh is dáiríre. Is suaiteoir mé ó h-am go h-am ach tá ard-mheas agam ar cheol na bhfocal i nGaeilge. Bhaineas an-taitneamh as na teachtaireachtaí uilig. Go raibh míle maith agaibh. Caitríona |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 06:57 pm: |
|
Maith a chloisteáil! |
|
Celtoid
Member Username: Celtoid
Post Number: 52 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 22, 2004 - 05:00 pm: |
|
Canúint Chois Fhairrge an chanúint is fearr liom féin. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 288 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 06:26 am: |
|
Sí canúint Laighean an chanúint is fearr liomsa -- mo chanúintse! |
|
TSJ (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 10:48 pm: |
|
Maith an fear, a fhir na mbrog |
|
tomf (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Monday, November 29, 2004 - 02:34 pm: |
|
Táimse le Jonas, Corca Dhuibhne. Cé go bfhuil sé an chosúil le canúintí eile na Mumhan, agus táid ar fad go deas. Ar ndóigh, is féidir labhairt beo le múinteoir ó Mhuscraí ar www.gaeltalk.net. Is fearr leis sin an sean chanúint ó Mhuscraí. |
|
|