mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » An Tuiseal Gairmeach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Saturday, April 10, 2004 - 04:28 am:   Edit Post Print Post

Bhíos ag léamh an leabhair "Nuachúrsa Gaeilge na mBráithre Críostaí", agus tháinig mé air seo:

AN TUISEAL GAIRMEACH

1. Is é an tuiseal gairmeach a úsáidtear nuair a bhítear ag caint le duine (rud). Cuirtear an mhír ghairmeach a roimh an ainmfhocal san uatha agus san iolra. Séimhíonn a: A Sheáin. John.
2. Sa chéad díochlaonadh is ionann foirceann don ghairmeach uatha agus don ghinideach uatha.
3. I ngach díochlaonadh eile is ionann foirceann don ainmneach uatha agus don ghairmeach uatha.


Mar sin, tá sé seo againn:

A bháid, conas atá tú?
A chailín, cá bhfuil tú?
A pháirc, cad is ainm duit?
A fhir, cad atá i gceist agat?
A chéim, cé chomh ard 's a bhfuil tú?
A mhilseáin, cé chomh deas 's a bhfuil tú?
A chapaill, cad is ainm duit?
A fhógairt, cad atá le rá agat?
A bhoird, cén chaoi ina bhfuil tú?

Fanann siad mar atá siad, seachas an chéad díochlaonadh! Sin an t-uatha.

Is é sin deartháir Fhear na mBróg.
A Fhear na mBróg, an é sin do dheartháir?

Anois, ní theastaíonn uaim "A Fhir na mBróg" a chloisteáil!


An Gairmeach Iolra

Seo mar a dhéantar gairmeach iolra an lagiolra:
(a) Más consan is críoch don ainmneach iolra -a a chur leis an nginideach iolra: a bháda; a mharcacha.
(b) Is ionann foirceann don ghairmeach iolra agus don ainmneach iolra dar críoch guta: a mhná.

Más sin, má chuireann muid an t-iomlán le chéile, astu seo:

an pháirc
na buachaillí
an bád
na capaill
na cailíní
Fear na mBróg
an tUachtarán
Mná na Peile
an sionnach
na báisteacha
an chéim
an fhilíocht
na fir
an múinteoir
na meisceoirí
an leabharlann
na bialanna
an bhróg
na camóga
na héireannaigh

Faigheann muid:

a pháirc!
a buachaillí!
a bháid!
a chapalla!
a chailíní!
a Fhear na mBróg!
a Uachtaráin!
a Mhná na Peile
a shionnaigh!
a bháisteacha!
a chéim!
a fhilíocht!
a fheara!
a mhúinteoir!
a mheisceoirí!
a leabharlann!
a bhialanna!
a bhróg!
a chamóga!
a éireannacha!


-------


Mar sin, chun é a chuimhneamh, smaoinigh air mar seo:

Ní athraíonn sé sa tuiseal gairmeach:

a mhúinteoir
a bhuachaill
a chailín
a bhróg
a leabharlann
a chéim
a pháirc

ach.... sa chéad díochlaonadh

a bháid
a bhoird
a mhilseáin
a chapaill

Agus an tIolra, smaoinigh air mar seo:

Má tá guta ag a deireadh, ná cuir do lámh air!

A Mhná
A Bhuachaillí
A Ghadaithe


Ach mura bhfuil, athraigh go dtí an ginideach é agus cuir a ag an deireadh:

A Fheara
A Mhilseána
A Bháda
A Chapalla
A Shionnacha
A Bháisteacha

------

Maidir leis na haidiachtaí a ghabhann ina dhiaidh, bhfuel, níl a fhios agam!!

an bád mór
A bháid mhóir, b'fhéidir

an chéim mhór
a chéim mhór, b'fhéidir

na báid móra,
A bháda móra, b'fhéidir

na céimeanna móra
A chéimeanna móra, b'fhéidir

Tá fáilte romhaibh

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Saturday, April 10, 2004 - 04:31 am:   Edit Post Print Post

botún amháin:

a bhuachaillí!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Sunday, April 11, 2004 - 06:52 am:   Edit Post Print Post

na báid mhóra

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas Ó Neachtain
Posted on Tuesday, April 13, 2004 - 11:57 am:   Edit Post Print Post

>A Fhear na mBróg, an é sin do dheartháir?

>Anois, ní theastaíonn uaim "A Fhir na mBróg" a >chloisteáil!

Cén fáth? Níor thug tú míniú ar bith ina leith - agus sílim nach bhfuil an ceart agat!
Go raibh maith agat as an eolas faoin iolra - ní raibh mé cinnte faoi sin riamh. Dar ndóigh, is ionann iad foirm an ghinidigh iolra agus foirm an ainmnigh uatha sa chás ina gcuirtear 'a' ag an deireadh (a fheara).

Éirigh i do shuí, a fhir an tí
Cuir ort do bhríste agus do hata
Go gcoinneoidh tú ceol leis an fhear chóir
A bheas ag ól anseo go maidin (Níl 'na Lá)

Agus sampla eile:
http://www.geocities.com/Athens/Parthenon/8998/fear_an_bhata.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Tuesday, April 13, 2004 - 12:38 pm:   Edit Post Print Post

Ainmneach: Fear na mBróg
Ginideach: Fhear na mBróg

'Sé an t-uatha, mar sin athraíonn sé go dtí an ginideach, is ea "Fhear na mBróg".

Ach nílim cinnte ar fad... dá mbeadh a fhios ag éinne...?

---

Rud éigin gur thug mé faoi deara:

Ní athraítear an t-uatha ach in aon chás amháin, is ea an chéad díochlaonadh. Athraítear an t-iolra mura gcríochnaíonn sé le guta; ...agus chomh oiread agus a bhfuil a fhios agam, ní chríochnaíonn iolra aon fhocal ar bith gan ghuta, ach... an chéad díochlaonadh!

Dar liom go bhfuil an gairmeach go díreach mar an t-ainmneach ach in aon chás amháín, idir an uatha agus an iolra, agus 'sé sin an chéad díochlaonadh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas Ó Neachtain
Posted on Tuesday, April 13, 2004 - 03:53 pm:   Edit Post Print Post

'A fheara na mbróg,' cinnte. Ach 'a fhir na mbróg,' déarfainn. Níl baint ann idir an ginideach agus an gairmeach uatha, go bhfios dom.

Rud eile, agus muidne ag caint faoin ábhar seo. Níl 'Liam,' 'Proinsias' agus cúpla ainm fir eile sa chéad díochlaonadh. Mar sin, 'A Liam,' 'A Phroinsias...'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Wednesday, April 14, 2004 - 03:48 am:   Edit Post Print Post

Féach air seo:

sionnach gorm chara mhac fhear an tí bhig grinn scoile

Feic conas nach n-athraítear aon fhocal roimh an bhfocal cáilithe(.i. "an teach")

Sampla eile:

madra beag mhac chara Sheáin mhóir

(Is "Seán" atá cáilithe)

Mar sin, in easpa eolais faoin tuiseal gairmeach, ghabhfainn go bhfuil sé go díreach mar é:

A Fhear na mBróg


Ach.....

Táim cinnte ar fad go bhfuil leabhar gramadaí ag duine anseo; oscail an rud agus inis dúinn!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas Ó Neachtain
Posted on Wednesday, April 14, 2004 - 10:01 am:   Edit Post Print Post

Bhuel, ní bhíonn sé amhlaidh sna hamhráin. Sin an dóigh sa ghinideach, ach níl sé ceart sa ghairmeach, dar liom. ACH, dar leis an suíomh seo,le Lars Braesicke,
http://www.braesicke.de/subst2.htm#vokativverwend
is fíor duit.

"Nicht verwendet wird die Form des Vokativs beim Substantiv und Adjektiv (jedoch stets die Vokativpartikel), wenn

... ein bestimmtes Substantiv im Genitiv folgt: a mhac Bhriain = Sohn Brians! (außer in Eigenbezeichnungen und Namen: a Mhic Dé = Sohn Gottes!, a Mhic Bhriain = Mr. MacBrien!)

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge