mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Comhrá agus Míle Fáilte « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas Ó Neachtain
Posted on Tuesday, March 30, 2004 - 02:35 pm:   Edit Post Print Post

D'fhéach mé ar chúpla comhrá anseo, agus tar éis teachtaireacht amháin, de ghnáth, titean an comhrá ar ais go caint faoin teanga féin. Más comhrá atá uaibh, bígí ag scríobh faoin saol, seachas an teanga i gcónaí!
Má tá spéis ag éinne, beidh mise ar an gclár raidió Míle Fáilte le Séamus de Bláca ar 24ú Aibreán. Ní bheidh sé sa chartlann, mar beimid ag iarraidh deirce. Ach is féidir l'éinne é a chloisteáil ar 8:00 ar maidin (Nua-Eabhrac) ag www.wfuv.org.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mary
Posted on Tuesday, March 30, 2004 - 03:40 pm:   Edit Post Print Post

Go n-éirí leat ar an raidió, a Shéamais.

Tánn ceart agat. Baineann daoine áirithe sult níos mó as gramadach ná as an teagmháil is féidir linn a dhéanamh trí Ghaeilge.

An bhfaca éinne "An Páis"? Cad a cheapeann sibh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul
Posted on Tuesday, March 30, 2004 - 05:08 pm:   Edit Post Print Post

A Shéamais, a chara,
Aontaím leat. Titeann an comhrá anseo as a chéile tar éis tamaillín...

A Mháire,
Ní fhaca mé ‘An Páis’ fós. Is maith liom Mel mar aisteoir,
agus is dóigh liom go ndéanfadh sé jab maith mar stiúrthóir.
Chonaic mé ‘Mystic River’ coicís ó shin ‘s thaitin sé go mór liom.
Chuaigh mé chuige mar gheall tá stiúrthóir maith (Clint Eastwood)
agus scríobhneoir maith (Brian Helgelund) aige. Is scannán iontach láidir é.
Bhí mise beagnach scriosta nuair a bhí sé thart. Is scéal faoi
fhóréigin i gceantar Gael-Méiriceánach é. Ní an gnáth-scannán é,
is mo bharúilse. Caithfidh mé ceann nios greannmhar a fheiceáil anois...


Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Wednesday, March 31, 2004 - 03:13 am:   Edit Post Print Post

Is cabhrú le foghlaimeoirí príomh aidhm an chláir seo, mar sin is gnáth rud é go mbeadh gnéithe na teangan a phlé.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mary
Posted on Wednesday, March 31, 2004 - 12:26 pm:   Edit Post Print Post

Tánn ceart agatsa freisin, a Aonghuis. Agus rud ana-thábhachtach é sin. Tá cleachtadh gramadaí uaimse freisin agus beidh go deo is dócha. Ach bheadh sé deas dá mbeadh deis ag daoine cleachtadh comhrá (cé go ar pháipéar é) a dhéanamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

OCG
Posted on Wednesday, March 31, 2004 - 08:33 pm:   Edit Post Print Post

B;fhéidir go bhfuil daoine cúthaileach mar bíonn imní orthu go ndeanfaidh siad botúin?

Níl ach áit amhain ar an idirion (go bhfios dom) ina bhfuil duine in ann comhrá dáiríre a dhéanamh - anseo http://www.beo.ie .

Ba dheas go raibh tuilleadh áiteanna ann freisin - Is féidir libh caitheamh anuas or Bush nó Kerry nó Nader anseo, más mian libh. Sin an chaoi a dtuigim an áis seo....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Thursday, April 01, 2004 - 04:40 am:   Edit Post Print Post

Dá gheanúla mé ar beo.ie, is eagal liom gur mó oilbhéas ná comhrá a tharlaíonn ar an gclár comhrá acu. Gné eile a ritheann le haos éideimhin na mionteangacha, bídís óg nó aosta, is ea, dar liom, an leasainm agus is faoi scáth leasainm a scríobhann gach éinne seachas mé féin, Séamas thuas agus b'fhéidir beirt eile. Caithim súil isteach orthu chaon lá ach is go hannamh anois a scríobhaim aon ní ann. Is féidir scéala a chraobhscaoileadh ar beo.ie, ach le haghaidh CHOMHrá, is dóigh liom gurb é taobh seo na Gaeilge de chlár Dhaltaí an áit ab fheiliúnaí. Bíonn an dea-bhéas i réim abhus agus mhisneodh sé sin an foghlaimeoir ar a chamrian isteach ó thráth go chéile. Tá seisear againn cheana féin ag breacadh ar an téad seo. Is tús é.

Ar thaobh an dátheanga de chlár Dhaltaí, 'Béarla agus Gaeilge', is ea a tharlaíonn an chuid is mó ceisteanna gramadaí go hiondúil. Is dócha go bhfanfaidh an scéal amhlaidh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Thursday, April 01, 2004 - 09:53 am:   Edit Post Print Post

An deacracht atá ann ná gurbh beag abhár atá i gcoitinn againn lasmuigh den teanga. Agus is deacra na habháir san a aimsiú!

Titeann aon phlé faoi creideamh nó polaitíocht i bpoll na bladhmanna go mear.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mary
Posted on Thursday, April 01, 2004 - 10:45 am:   Edit Post Print Post

Is fíor duit arís, a Aonghuis! Ach cad atá faghtha dúinn? Leabhair? Scannáin? Cúlchaint? Scéal grinn?

Seo ceann.

Fuair An Pápa Eoin Pól glaoch lá. Glaoch ó Dhia!

"A Dhia!" arsa an Papa, "Áthas an domhain orm cloisteáil uait."

"Mise dhuit, a Eoin Phóil" arsa Dia. "Conas ataoi?"

"Ó tá mé thar barr, buíochas le... buíochas leatsa" arsa an Pápa. "Cén scéal?"

"Bhfuel" arsa Dia, "Tá dea-scéal is drochscéal agamsa duit. Cén ceann ab fhearr leat a cloisint?"

"B'fhearr liom an dea-scéal ar dtúis, a Dhia." arsa an Pápa.

"Maith go leor. Tá beartaithe agam nach mbeidh ach aon creideamh amháin ann. Bíonn an iomarca rí rá ar siúil i gcónaí de dheasca ar na creidimh difriúla atá ann. Ó seo amach, ní bheidh ach ceann amháin ann."

"Ar fheabhas, a Dhia!" arsa an Phápa uasal. "Dea-scéal amach is amach é sin. Cén sort drochscéil a bheadh ann le dea-scéal mar sin ann?"

"Bhfuel," arsa Dia, "tá mé ag glaoch ó Salt Lake City."


Brón orm!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas Ó Neachtain
Posted on Thursday, April 01, 2004 - 12:20 pm:   Edit Post Print Post

Chonaic mé Páis an Chríost, agus cheap mé go raibh sé go hiontach. Is féidir do dhuine i gcónaí gearáin a dhéanamh faoi na mionrudaí, ach sin ráite, cheap mé gurb é an scannán is fearr faoi Íosa dá bhfaca mé riamh.
Ní fhaca mé Mystic River. Ní fhaca mé Cold Mountain, ach oiread, ach ba mhaith liom. An bhfaca éinne agaibh an ceann sin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Thursday, April 01, 2004 - 12:37 pm:   Edit Post Print Post

Maith an bhean a Mhary. Ní bheidh tú i dtaobh le post an lae mar a deir an Béarla?!

Easpa ama an rud is measa inár gcoinne b'fhéidir. Tá dhá liosta de ghnóthaí na méire fada agam faoi láthair. Ceann le míniú do mhuintir an dara liosta an chruóg a bhíonn orm agus an fáth nach mbím in ann iad freastal ar a gcuid riachtanais. Gnóthaí a bhaineann le cúrsaí oibre is ea roinnt dá bhfuil ar an dara liosta. Níor thuigeas cúpla rud go dtí le deireanas. Táim ag foghlaim an dóigh le hobadh do dhaoine a iarraidh orm gar a dhéanamh dóibh. Bhí orm a fhoghlaim mar ní rabhas ag feidhmiú mar ba mhaith liom a dhéanamh.

B'fhéidir gur ábhar cainte go leor do mo leithéid an chruóg oibre seo. Measaim go bhfuil sé coitianta go leor. Níor tháinig mé isteach san oifig ag deireadh na seachtaine le roinnt seachtainí anuas. Ghlac mé col leis an áit. Chaitheas cuid den domhnach seo caite ag siúl sléibhe, ach caithfidh mé a bheith istigh arú amárach, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh chomh maith. Ar mo bhealach amach roimh 7.00 anocht, beidh mé ag bailiú roinnt páipéar a phriontáileas le meabhrú orthu. An riarachán - mallacht ar mhuintir na linne seo.
Rachaidh mé i bhfiain le saoirse an samhradh seo chugainn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

OCG
Posted on Thursday, April 01, 2004 - 06:23 pm:   Edit Post Print Post

Dála an scéil, an bhfuil beo as feidhm faoi láthair? Táim ag fáil error message(?) ó oíche aréir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Friday, April 02, 2004 - 03:06 am:   Edit Post Print Post

Orm féin an locht faoin 'leis' sa bhreis ar an bpost roimhe seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Friday, April 02, 2004 - 03:12 am:   Edit Post Print Post

Aisteach. D'imigh post uaim ar throigh gan tuairisc.

Bhíos a rá go dtarlaíonn aistíl le BEO ag tús na míosa scaití, tharla gurb 'in an t-am a leagtar isteach an t-atheagrán de ar an idirlíon.
Is dóigh liom gurb 'in is cúis leis an leathanach bánaithe faoi láthair.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Friday, April 02, 2004 - 03:13 am:   Edit Post Print Post

Tá beo ag feidhmiú, ach tá mion fadhbh ann a fhágann gur gá an lch a íoslódáil dhá uair.

Tá Michal ar an eolas faoi, agus súil aige é bheith leigheasta nuair a éiríonn leis greim a fháil ar an dream atá i bhfeighil an freastalaí (atá i SAM)

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge