Author |
Message |
Conor
| Posted on Friday, March 26, 2004 - 02:26 am: |
|
Ba alt é seo sa nuachtán Déardaoin roimh Lá 'le Pádraig -- bhí na himeachtaí sa dán ag tarlú ag an am sin. Shíl mé go raibh sé iontach maith ~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~ Márta a Fhíos Agat Áine Amhrasach Lá Idirnáisiúnta na mBan Dé Luain seo caite, Ní bheidh a leithéid arís ann, creid uaim mo ráite Amach anseo, gheobhaidh na fir lá dá gcuid féin Is glacfaigh na mna an chuid eile den bhliain. Thosaigh Seachtain na Gaeilge Dé Luain chomh mhaith Chan seachtain go díreach beagnach seachtain go Leith Go Lá Fhéile Pádraig ag cúpla-focláil go binn Naoi lá na Gaeilge cé chomh Gaelach is atá sin? Is fear fasta Mac Phaidin, fada sna fiacla faraor Le clan agus cúram in am dó teacht aniar Ádh mór i do shaol iarIarbheatha, a chroí Is tú ag ligint do scíste in aice le Carraí. Tá an lucht leighis anois ag iarraidh cur in iúl Go ndéanann na toitíní damáiste do radharc na súl Ach fiú ma tharlaíonn sin, ní bheidh mise míshásta Muna bhficim na fógraí folláine ar phacaí feasta. Deir suirbhé gur cheart dúinn breis saoire a fháil 14 lá soar poiblí sa Spáinn agus 16 san Iodáil Ocht gcinn anseo nach scannalach an scéal Is Cuma liomsa, ar ndóigh. Saoire atá i mo shaol! Scileanna scríofa á scriosadh faoi láthair Ós rud é go bhfuil an saol mór s a mháthair Ag cur teachtaireachtaí téasc agus ríomhphost inniu 9 1 taím. 6 mo wrúil nac n1 tóidh 2! Má tá cruatan an Charghais do chur faoi strus Dé Céadaoin seo chugainn gheobhaidh tú sos Bris amach na seacláidí na toitíní is na brandaí Go hIfinn le bochtú caith pís eile san anraith Foclóir Creid uaim mo ráite Believe what I say; Seachtain go leith a week and a half; Cúram Responsibility/Family; IarIarbheatha Post-Westlife; An luacht leighis The doctors; Ríomhphost email; Cruatan Hardship; Bochtú - Poverty *cóipcheat ag an údar :D |
|
conchubhar
| Posted on Friday, March 26, 2004 - 09:01 pm: |
|
an LUCHT leighis Bochtaineacht nó bochtanas Raite??? Ráiteas b'fhéidir |
|
Conor
| Posted on Wednesday, April 07, 2004 - 08:10 am: |
|
nah - tá sé uilig go breá 8) |
|
OCG
| Posted on Wednesday, April 07, 2004 - 04:36 pm: |
|
Conas teanga a mharú... Bí ag cáineadh gach iarracht a dhéanann duine chun an teanga a úsáid mar mheán cumarsáide. Fág na ceartúcháin ar an taobh eile den fóram, a Chonchubhair, agus bímis ag caint anseo. |
|
|