Author |
Message |
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, February 18, 2004 - 02:54 pm: |
|
AN LABHRÓIDH ÉINNE ANSEO!!!? Táim ag suí na hArdteiste i mbliana agus teastaíonn uaim mo Ghaeilge a fhorbairt. Mar sin LABHAIR LIOM, faoi aon abhár, is cuma cad. Seó teilifíse go bhfaca duine éigin aréir b'fhéidir, nó faoi charr nua gur cheannaigh duine éigin! AON RUD. |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, February 18, 2004 - 04:36 pm: |
|
|
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, February 18, 2004 - 06:44 pm: |
|
Go raibh maith agat Arbh fhearr "mo Ghaeilge" nó "mo chuid Ghaeilge" a rá? Cathain a úsaideann tú "cuid"? Tá fhios agam go n-úsáidtear í sna cásanna seo a leanas mo chuid ghruaige mo chuid saibhris ach ní bhím cinnte faoi chásanna eile, arbh fhéidir leat insint dom? |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, February 19, 2004 - 04:14 am: |
|
Ní feidir! Ní dóigh liom go bhfuil difríocht chomh mór sin idir an dá leagan - is dóigh liom gur treisiú (emphasis) atá i gceist le "cuid" in abairtí mar sin. |
|
Criostóir Ó Brannagáin
| Posted on Saturday, February 21, 2004 - 06:59 pm: |
|
A Fhear na mBróg, Teastaíonn uaim mo chuid Gaeilge a fheabhsú, freisin. Ach níl sé orm Ardteiste a dhéanamh. Ní bhionn a leithéid i Stáit Aontaithe, an áit ina bhfuil mé i mo chónaí. Rachaidh mé go nGleann Colm Cille i nDún na nGall an samhradh seo, ag freastal ranganna Gaeilge. An raibh tú ansin riamh ? Is í an áit is fearr liom in Éirinn. Is maith liom an tírdhreach, an Gaeilge, an ceol, agus go háirithe, na tithe tabhairne. Slán, Criostóir |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, February 21, 2004 - 07:19 pm: |
|
a Chriostóra, Bhí mé i nDún na nGall riamh, ach i rith... an gheimhridh, b'fhéidir gurb eisean sin an fath nar thaitin sé go rí-mhór liom! Déarfainn go mbíonn sé níos deise i rith an tsamhraidh! Mar dhuine nach as Éirinn duit, tá do chuid Ghaeilge go hiontach! Tá conaí ormsa i mBaile Átha Cliath - beagán difriúil le Dún na nGall. Mar a theastaíonn uaitse do chuid Ghaeilge a fhorbairt freisin, cabhróidh mise leat chomh oiread agus is féidir liom: Níl sé orm Ardteiste a dhéanamh -> Níl orm an Ardteist a dhéanamh i Stáit Aontaithe -> sna Stáit Aontaithe go nGleann -> go Gleann ( ní hé seo an "go" céanna a n-úsáidtear le briathra, m. sh. ( go gcuireann sé ), ní uraíonn sé. ag freastal ranganna Gaeilge -> ag freastal ar ranganna Gaeilge. Agus, an Ghaeilge Le meas |
|
Criostóir Ó Brannagáin
| Posted on Monday, February 23, 2004 - 09:17 pm: |
|
a Fhear na mBróg, Go raibh maith agat as do thaciocht. Tá mé an-bhuíoch le ciudiú ar bith is féidir liom a fháil leis an Ghaeilge. Bhí má ag freastal ar ranganna Gaeilge i Montreal anuraidh, ach anois tá an turas ro-fhada dom (ochtó míle i gach dtreo). Agus bhí orm dul trasna an torann ar an mbóthar suas, and arís ar an mbealach ar ais. An bhfuil móran imeachtaí Gaeilge ar siúl i mBaile Atha Cliath ? Slán, Criostóir |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, February 24, 2004 - 08:50 am: |
|
Táim go fóill ar scoil! Bíonn rang Gaeilge agam gach lá! An Luan go dtí An Aoine. Tá áras i mo cheantar go dtína dtéann daoine leis an nGaeilge a labhairt is cúpla deoch a bheith acu! Chomh maith leis sin, tá an Ghaelscoil is mó in Éirinn i mo cheantar freisin, ach ní freastalaím uirthi! |
|
Stiofan OSuilleabhain
| Posted on Wednesday, February 25, 2004 - 08:56 pm: |
|
Dia Dhuit, fear na mbrog... Ta mise o Baile Atha Cliath freisin, ach ta me i mo chonai anois in aice Milwaukee sna Stait Aontaithe le 5 bhlian anuas. Bhi me ar freastal ar scoil lan-gaeilge sa cathair BAC i gCearnog Pharnell. Colaiste Mhuire an t-ainm a bhi ar an scoil. Bhi me i mo chonai i mBaile Brigin agus nios deanai ar Sraid Pembroke sa cathair. Cad as duit i mBaile Ath Cliath agus cen scoil ina bhfuil tu i lathair na h-uaire? Bhi me ag feachaint ar Man Utd agus Chelsea anocht sna cluichi eorpach a bhi ar siul anocht, Bionn na cluichi le thaispeaint ar Fox Sports anseo sna S.A.M. Is e 'Aston Villa' an foireann is fearr liomsa, toisc go bhfuil Dave O'Leary mar bhainisteoir doibh. Ceard futsa...? Slan go foill, S.O.S |
|
conchubhar
| Posted on Friday, March 26, 2004 - 08:51 pm: |
|
cúig bliana an fhoireann |
|
conchubhar
| Posted on Friday, March 26, 2004 - 08:52 pm: |
|
cluichi Eorpacha |
|
conchubhar
| Posted on Friday, March 26, 2004 - 08:55 pm: |
|
Tá difriocht mhór idir mo +++ agus mo chuid +++ Mo lámha nó mo theach ach mo chuid airgid nó mo chuid gruaige nó mo chuid Gaeilge |
|
conchubhar
| Posted on Friday, March 26, 2004 - 08:58 pm: |
|
Ni bhionn fleiscin tar éis "H" mar shampla " i láthair na huaire" |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, March 27, 2004 - 07:58 am: |
|
Is féidir fleiscín a úsáid dá mb'fhearr le duine. Níor mhínigh tú "cuid" ar bith! Ach anois tá tuiscint agam uirthi - Is féidir í a úsáid agus le hearraí gur féidir iad a thomhas. |
|
S.OSuilleabhain
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 07:25 am: |
|
So, a chairde, nuair a deirim "mo chuid Gaeilge" an bhfuil se sin ceart ? Go raibh maith agat Conchubhar as ucht do "chuid" ceartuchain ar mo "chuid" gramadach..... SOS |
|
Fear na mBróg
| Posted on Friday, April 02, 2004 - 09:28 am: |
|
Tá sé sin ceart a SOS! do chuid ceartúchán do chuid gramadaí Yes "cuid" is feminine, but no, there's no séimhiú after it! One may argue that if you leave out "cuid" then it still means the same thing. By putting in "cuid", you're kind of expliclitly expressing that it's something that changes, ie. gets bigger or smaller, like your savings, or your hair, nó do chuid Gaeilge! |
|
S.OSuilleabhain
| Posted on Saturday, April 03, 2004 - 11:08 pm: |
|
Cuireann se sin as go mor me, mo 'dhuine' ag usaid Bearla ar an clar lan-Gaelach seo....OK, ta me ag magadh faoi..Ach cen fath nar fhreagair se mo cheisteanna faoi chursai peile agus cen ait i mBaile Ath Cliath a bhfuil se ina chonai.srl srl. S.O'S |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, April 04, 2004 - 03:22 am: |
|
Bhfuel, a SOS, as do nóta a léamh, réadaigh mé nach raibh tú líofa sa Ghaeilge, dá mbeifeá ansin ní bheadh tú ag fiafraí na ceiste sin! Sin an fath gurb as Béarla gur scríobh mé. Níl aon suim agam i gcursaí peile. Ní nochtfaidh mé áit mo chónaithe. Agus maith dom as Béarla a úsáid. |
|
S.OSuilleabhain
| Posted on Monday, April 05, 2004 - 09:46 pm: |
|
...agus tusa an duine a bhi ag iarraidh "caint eigin le bhur dtoil". Agus d'fhreagair mise do theachtaireacht {as gailge ata beagnach liofa} faoi chursai spoirt, freisin bhi speis agam toisc gur thug me faoi deara go bhfuil an beirt againn on gceantar cheanna, Baile Ath Cliath. D'ainneoin sin, inis dom cen abhar a bhi i gceist agat nuair a scriobh tu "caint eigin" Le deaghui..S.O'S |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, April 06, 2004 - 03:45 pm: |
|
Caint éigin, ceart go leor. Cad is d'uimhir chárta creidmheasa? An bhfuil aon míchumas agat? An dtaitníonn d'athair leat? Cén aois thú? Caint bhí i gceist agam! Níorbh í caint phearsanta! Anois, an dtaitneodh leat caint liom faoi ábhar eile éigin, an cosc ar thobac a chaitheamh sa tábhairne agus san áit oibre b'fhéidir?! Bhfuel, aontaímse go rí-mhór leis! Daoine nach gcaitheann tobac, anois níl orthu toit a tharaingt isteach iontu nuair a bhíonn siad sa tábhairne nó ag obair, agus ní bhíonn boladh timpeall na háite! An-aire is ea Aire na Sláinte! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, April 06, 2004 - 03:49 pm: |
|
Rúd amháin níos mó, Ní raibh mé do d'ionsaí ar chor ar bith agus tá do chuid Gaeilge go hiontach, in ainneoinn nach nglaofinn "líofa ar fad" uirthi. Nílimse líofa ar fad, ach go fóill thaitneodh liom smaoineamh go bhfuil mé beagán líofa, agus tusa freisin. Thiocfaimís i dtír sa Ghaeltacht in aon chaoi! |
|
Stiofan OSuilleabhain
| Posted on Friday, April 09, 2004 - 09:58 pm: |
|
Na bac leis a chara, nuair a duirt tu "AON RUD" i do phriomh teachtaireact, thosaigh mise ag caint faoi cluiche peil a chonaic me ar an teilefis agus faoi cursai tireolaiochta ag baint le Baile Ath Cliath. Ar aon nos...Is maith an rud e freisin an cosc ar tobac sna tithi tabhairne, ta fuath agamsa ar an tobac agus go h-airithe an boladh ata ag baint leis. Nill a fhios agam cen fath go bhfuil fonn ar daoine tobac a chaitheamh. Ar an chead dul sios, ta se an chostasach. An feidir leat a ra liom an praghas ar bhosca 20 toitini anois in Eireann agus mura mhiste leat inis dom freisin cen costas ata ag baint le liotair peitreal anois i mBaile Ath Cliath. Ionas gur feidir liom comparaid a dheanamh dom fein idir praghasanna ata anseo i Wisconsin. Le dea-ghui S.O'S |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, April 10, 2004 - 03:19 am: |
|
Scór toitín = €6.35 I ndolair de Stáit Aontaithe Mheiriceá, $7.65 ab ea é sin. Maidir le lítear artola, níorbh fhéidir liom insint duit! Níor thosaigh mé ag tiomáint ach le deireanas agus nílim amuigh ar na bóithre go fóill! Ach an chéad bhabhta eile go bhfeicim é, déanfaidh mé nóta de 's é a insint duit. Agus, a Stiofáin, cá bhfuil d'fhadaí?!! --------- do phríomhtheachtaireacht faoi chluiche peile a bhfaca mé faoi chursaí ar thobac sna tithe tábhairne agus go háirithe ar an mboladh (athdeirtear an réamhfhocal as Gaeilge) ar dhaoine an-chostasach An féidir leat rá (fágtar an 'a' amuigh nuair nach mbíonn ainmfhocal ann) an praghas atá ar bhosca (ní féidir an "atá" a fhágáil amuigh) 20 toitín (coimeádtar an t-uatha) in Éirinn (an tuiseal tabharthach) mura miste ( gan séímhiú, gan urú ) lítear peitril (nó lítear artola, fón nó guthán) Le meas |
|
Stiofan Osuilleabhain
| Posted on Saturday, April 10, 2004 - 02:23 pm: |
|
Maidir leis na fadai, ta se ro-dheacair dom fadai a chur ar mo litriu, ta mearchlar (keyboard) Mheiriceanach agam agus ni feidir liom ctrl-alt a usaid chun na fadai a dheanamh. S.O'S |
|
Stiofan OSuilleabhain
| Posted on Saturday, April 10, 2004 - 02:46 pm: |
|
Is suimiuil e sin, cad as a thainig an focail "artola", is eol dom an focail "ola", ach cad is bri le "art-"? An bhfuil a fhios ag einne ?? S.O'S |
|
PAD
| Posted on Saturday, April 10, 2004 - 10:34 pm: |
|
art - cloch |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, April 11, 2004 - 02:17 am: |
|
Úsáidimse "Alt Gr" leis na fadaí a fháil, tá sé chomh éasca lé "Alt" a úsáid agus tú ag fáil litreacha móra. Bain triail as! |
|
Janet OBrien
| Posted on Sunday, April 11, 2004 - 04:23 pm: |
|
Ta sibh an ait, go hairaithe an fear seo leis an fetish cois. Ta me ag gaire anois. Cen aois thu, 16 no rud mar sin, ceapim, agus thu an-easca chun chuir air buile. Agus...nil suim agat i pheil? Ni tuigim e. Ni tuigim. Mise, ta mo croi le an usail Roman Abramovitch agus na fir laidair o Chelsea. Ca raibh me? O, is ea, emmmm an greannmhar ar fad. Bhucailli ait ata ag staidair I lar na cathrach sna la ata inniu ann. Sin clís é. <- geddit??? Sin e, ta bron orm don litriu agus an easpa fadai. Ta an casc oireann, agus taim ar meisce. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, April 12, 2004 - 03:09 am: |
|
An-ionchur. B'fhéidir go dtaitneodh leat teacht ar ais ar maidin nuair nach mbeidh tú ar meisce 's beagán intleachta a thaispeáint dúínn. |
|
OCG
| Posted on Monday, April 12, 2004 - 12:57 pm: |
|
Maith thú Janet, sceitheann fíon fírinne. Tá súil agam go bhfuil do chloigeann go maith inniu. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, April 12, 2004 - 01:25 pm: |
|
Faighigí seomra, a Amadána. |
|
cailinfiosrach
| Posted on Monday, May 31, 2004 - 09:38 pm: |
|
Yikes, cupla gloine fiona olta agam anocht freisin a Janet, agus bhain mise ri-thaitneamh as do chuid teactaireachtai, maith thu. fear na mBrog, a chroi, conas a dearfa, I'd've bet mo shaol gur seanfhear thusa! Ionadh an domhain nach bhfuil tu ach ar aois an ardtheist -- an bhfuil tu dar mhagadh? cailin fiosrach |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, June 01, 2004 - 09:41 am: |
|
Cén fath go gceapfá é sin?! Fear óg mé! |
|
Aoibh
| Posted on Tuesday, June 01, 2004 - 07:34 pm: |
|
A Fhir, Shíl mise an rud céanna ar dtúis. Seanfhear cantalach na rialacha atá i gceist a shíl mé. Ach ní hea, níl ach fear óg teaspach atá ionat. Go maire tú céad! |
|
T. MacEoghain
| Posted on Tuesday, June 01, 2004 - 09:03 pm: |
|
mise fosta! lol -t |
|
|