A chairde,
[1] Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 13ú - 15ú d'Fheabhra 2004 in Esopus, Nua-Eabhrac. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin thú.
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil tríd an nasc thíos:
http://www.daltai.com/events/feb04.htm [2] Beidh Ceardlann na Múinteoirí 2004 ar 15ú - 16ú d'Fheabhra in Esopus, Nua-Eabhrac. Tá an-áthas orainn go mbeidh Caitlín Ní Chualáin (ó Raidió na Gaeltachta) agus Greg Ó Braonáin (ó Theilifís na Gaeilge) mar stiúrthóirí againn i mbliana.
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil tríd an nasc thíos:
http://www.daltai.com/events/ceard04.htm [3] Beidh turas ar long cúrsála ag Daltaí na Gaeilge agus ár muintir agus ár gcairde sa Meitheamh 2004. Imeoidh muid as Cathair Nua-Eabhrac ar an Carnival Victory, agus tabharfaidh muid cuairt ar dhá phort i gCeanada. Bí linn!
Tá Faisnéis Ghinearálta & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc thíos:
http://www.daltai.com/cruise/ Slán agus beannacht,
Daltaí na Gaeilge