Author |
Message |
Oliver Grennan
| Posted on Saturday, August 30, 2003 - 11:59 pm: |
|
Tá na sméara dubha thar barr i mbliana anseo i Sasana. Bhí an teocht níos airde ná triocha gcéim ar feadh tamaill maith agus dá bhrí sin níor bhlas mé sméara chomh milis agus chomh mór riamh. |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Sunday, August 31, 2003 - 04:22 am: |
|
Móra dhuit, a Oilibhéir, Tá mé chun túirt faoi na sméara dubha anseo i mBaile Átha Cliath go luath. Tógadh faoin dtuaith mé agus is maith is cuimhin liom bheith ag ithe sméara dubha agus mé ag dul ar scoil cosnochtaithe san Fhomhair. Táim buíoch díot don chuimhne cinn úd. Slán is beannacht, Caitríona |
|
Caitriona Ni Gháirbhi
| Posted on Wednesday, September 03, 2003 - 03:16 pm: |
|
A Oilibhéir, tháinig mé ar an dán beag seo inniu agus mheas mé go dtaitneódh sé leat. Breandán Ó Beacháin a scríobh é. UAIGNEAS Blas sméara dubh' tréis báisteach ar bharr an tsléibhe. I dtost an phriosúin feadaoil fhuar na traenach. Cogar gáire beirt leannán don aonarán. Caitríona |
|
Oliver Grennan
| Posted on Wednesday, September 03, 2003 - 10:23 pm: |
|
An-dheas ar fad. GRMA agat a Chaitríona. Tá mo theachtaireacht gearr mar tá mo bhéal lán! |
|
Oliver Grennan
| Posted on Friday, September 05, 2003 - 10:46 pm: |
|
Dála an scéil, conas a fuaimnítear an focal "dubh" sna ceantracha éagsúlacha? Níl ach Gaeilge scoile agamsa agus dúramar rud eigin cosúil le "doo". Ar an taobh eile, is léir ón sloinne Ó Dubhthaigh (Duffy) go bhfuil an fuaimniú ceart cosúil le "dove" (colm). |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Saturday, September 13, 2003 - 03:32 pm: |
|
Oliver, bhí mé ag fanacht leis na saineolaithe leis an fhuaim sin a mhíniú, ach tabharfaidh mé faoi. Muna bhfuil an ceart agam, tá súil agam go scríobhfaidh na daoine éirimiúla san chugham. Is dóigh liom, go ndeirtear dubh mar dh -oo mar an oo i book sa Bhéarla. Tá an d bog, beagán cosúil le th. Mar sin, d'fhéadfá thoo nó dhoo a rá. Ta daoine eile a deireann dhoov. Sí'n deachracht atá ann ná nach bhfuil an d bog seo i mBéarla ar chor ar bith, sílim. Tá súil agam go gcabhróidh san leat. Caitríona |
|
|