Author |
Message |
Tomas
| Posted on Wednesday, July 09, 2003 - 07:49 pm: |
|
Dia daoibh, a chairde go leir, Ma ta suim ag aon duine i scannan lanGhaeilge a rinneadh anseo i gCalifornia anuraidh, is feidir leis no lei cuairt a thabhairt ar an suiomh seo a leanas: www.aislingtroupe.com |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, July 10, 2003 - 08:08 am: |
|
Molann an obair mhaith sibh a Thomáis. Is mór an gar sibh a bheith i mbun na hoibre sin go léir. Gura fada buan sibh. |
|
jessica ní chonchubhair
| Posted on Thursday, November 13, 2003 - 01:33 pm: |
|
bhí me sna scannán le deanaí agus bhí gearr scánann ann bhí fear ón tsín (china!) agus bhí se iontach ar fad, cheap sé go raibh geailge on teanga a usaidtear i Éireann, agus caith 6 mí a foghlaim. ansin thainig sé chiug BÁC agus ní thug aon duine é! Fear uaigneach a bhí sé agus bhí Éireann a t-aon seans! Agus níor thig na cuid is mo de na Éirennaigh é. Buail sé le sean fhéar ón Gealteacht a bhí ag ól i teach tabhairne, agus thug an shean fear cabhair do! fuair se post i Gaillimh, mar bar man agus caith sé a shaol go sona sasta i nGallimh! bhí sé rí-mhaith. agus i UCI a chonaic mé é! |
|
Oliver Grennan
| Posted on Thursday, November 13, 2003 - 08:16 pm: |
|
Cén ainm a bhí ar an scannán sin, a Jessica? Níor chuala mé faoi riamh. |
|
Aonghus
| Posted on Friday, November 14, 2003 - 09:14 am: |
|
|
|
jessica ní chonchubhair
| Posted on Friday, November 14, 2003 - 12:19 pm: |
|
Sin é díreach, bhí sé ar fheabhas. |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Sunday, November 16, 2003 - 11:50 am: |
|
Is íontach go bhfuil scannán lán-Ghaeilge ar fáil agaibh ansin, a Thomáis. Molaim go mór sibh. Caitríona |
|
Tomas S.
| Posted on Thursday, November 20, 2003 - 01:20 am: |
|
A Chaitriona, Beidh an scannan lanGhaeilge sin le feiceail ar Chaineal 19 i San Diego, California Deardaoin an 20u la de mhi na Samhna 2003 ar a leathuair tar eis a h-aon deag san oiche agus aris ar an am ceanna ar an 4u la de mhi na Nollag 2003 agus ar an 18u la de mhi na Nollag 2003. An feidir leat e a shamhlu, Scannan Gaeilge ar an teilifis i Meiricea. |
|
jessica ní chonchubhair
| Posted on Thursday, November 20, 2003 - 06:10 pm: |
|
Tá sibh i Méiriceá? bheul, bhí fios agam go raibh daoine thar lár le gaeilge, gan amhras, ach cuireann sin iontas orm! deadly! Ní feactar morán scánann lán-gaeilge anseo, bíonn cinn as mbearla ar TG4(telifís na gaeilge), ach ní bíonn morán as gaeilge. an bhfuil fios ag aon duine áit a bhfuil tú in ann teach orthú? |
|
Oliver Grennan
| Posted on Friday, November 21, 2003 - 12:05 am: |
|
Tá "Poitín" le fail anseo agus roinnt eile. http://www.conamara.org Ba cheart go raibh nios mó scannáin as Gaeilge - ba bhreá liom scannán stairiúil a fheiceáil, cosúil le Braveheart, ag insint scéal faoi na taoisigh Gaeil fadó. Tá Mel Gibson ag déanamh scannán ar shaoil Íosa Chríost faoi láthair, go léir trí Laidin agus Aramaic. B'fheidir go mbeidh fonn aige ceann a dhéanamh trí Gaeilge dá bhfaigheadh sé scríbhinn maith. |
|
Tomas S.
| Posted on Friday, November 21, 2003 - 12:17 am: |
|
A Jessica Ma ta tu ag iarraidh scannan Gaeilge a fhail molaim duit cuairt a thabhairt ar an suiomh seo a leanas www.aislingtroupe.com |
|
jessica ní chonchubhair
| Posted on Friday, November 21, 2003 - 06:53 pm: |
|
go raibh maith agaibh. is scánann den scoth é braveheart mar tá mothucháin an laidir ann, grá, uaigneas, agus troid. deataigh sé a beith ina fíor scéal(i leith an grá). míle buíochas arís. jessica |
|
Caitríona Ni Ghairbhí
| Posted on Sunday, January 18, 2004 - 05:07 pm: |
|
A Cháirde, Chonaic mé an scannán "Yu Ming Is Ainm Dom" faoi dhó ar TG4 i rith na Nollag. Is seod íontach é mar scannán agus tá súil agam go mbuaifidh sé pé duais go bfhuil sé ainmithe dhó amach anseo. Chun an fhírinne a insint chuir an scéal brón orm toisc go gceapfá uaidh go bfhéadfaidh sé bheith fíor. Ta sé cliste agus ceisteach. Go raibh maith agaibh as ucht é a lua ar an suíomh seo cheana. Caitríona |
|
Aonghus
| Posted on Monday, January 19, 2004 - 04:19 am: |
|
|
|
Paul
| Posted on Monday, January 19, 2004 - 09:12 pm: |
|
A chairde, Aontaím libh: cheap mise go raibh Yu Ming go han-mhaith mar scannán. Ag an am céanna, is scéal brónach é... Nuair a bhí mé ag féachaint air, bhí an lucht féachana ag gaire agus mise beagnach ag caoineadh. Paul |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, January 20, 2004 - 04:23 am: |
|
Ach creidim gur thuig an méid sin den lucht féachana nach bhfuil fuath acu don Ghaeilge an teachtaireacht ar béalach níos fearr ná dá mbeidhfí a chuir i láthair ar bhealach dáríre. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Wednesday, February 11, 2004 - 01:25 pm: |
|
Chonaic mé C(ait)ríona, thuas, ar chlár teilifíse tráthnóna inné, bealach a hAon, RTÉ. (Bhíos tigh mo mháthar, san áit nach bhfuil aon smacht agam ar an acra físe.) Clár ilghnéitheach a bhí ann a raibh fochuid den chlár acu dírithe ar athchóiriú tí. Bealach deas le do sheomra a chlútharú, go maire tú amhlaidh é a Chaitríona. Seosamh |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Sunday, February 15, 2004 - 06:45 am: |
|
Go raibh maith agat, a Aonghuis, faoin eolas i dtaobh Yu Ming. Thaispeánfainn féin é i ngach scoil in Eirinn dá mbeadh deis agam chuige. Go raibh maith agat fhéin, a Sheosaimh, don dea-ghuí - dhein RTE clútharú íontach ar mo sheomra suite gan pingin rua uaimse. [Taithníonn an focal san clútharú liom] Caitríona |
|
|